EURO 2016: Cinntí móra le déanamh ag O’Neill agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na hIodálaigh

Seans go mbeidh mórán athruithe ar an dá fhoireann anocht agus Éire ag tabhairt aghaidh ar an Iodáil i gcluiche cinniúnach EURO 2016

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Seans gurb é an t-aon dea-scéal faoin gcailliúint i gcoinne na Beilge Dé Sathairn seo caite ná go bhfuil sé soiléir anois d’fhoireann Phoblacht na hÉireann céard atá le déanamh acu chun cáiliú as Grúpa E. Go bunúsach caithfidh foireann Martin O’Neill an ceann is fearr a fháil ar na hIodálaigh má siad chun áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile.

Agus an Iodáil cáilithe cheana féin, meastar go mbainfidh an bainisteoir, Antonio Conte, leas as an gcluiche seo chun scíth a thabhairt do na himreoirí is tábhachtaí atá aige. Meastar go mbeidh suas le naonúr nár thosaigh sa chomórtas roimhe seo ag imirt in aghaidh na hÉireann, ach breathnaíonn sé go mbeidh athruithe le déanamh ag Martin O’Neill chomh maith.

I ndiaidh an taispeántais a thug na hÉireannaigh in aghaidh na Beilge, is beag seans go gcloífidh O’Neill leis na himreoirí céanna arís.

Is é James McCarthy is mó atá i mbaol. Ba airsean an locht faoi phéire de na cúil ar an Satharn agus cáineadh é i ndiaidh an chluiche in aghaidh na Sualainne chomh maith. Stephen Quinn an fear is dóichí a thiocfaidh isteach ina áit.

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

I measc na gcosantóirí, beidh imní ar Ciaran Clark. Cé go raibh fear Aston Villa cuibheasach maith sa chéad chluiche an tseachtain seo caite, is é a scóráil an cúl tuathail in aghaidh na Sualannach agus is in olcas a chuaigh cúrsaí in aghaidh na Beilge. Is idir Richard Keogh agus Shane Duffy atá teacht isteach san ionad sin agus an buntáiste ag Keogh, b’fhéidir, ó d’imir sé cuid mhaith de na cluichí cáilithe.

ráflaí ann sa bhFrainc chomh maith go dtiocfaidh James McClean agus Daryl Murphy isteach in áit Wes Hoolahan agus Shane Long ach is cinneadh radacach a bheadh ansin ag O’Neill.

nach bhfuil fiúntas Long feicthe againn sa chomórtas go dtí seo, níor chuidigh na teaicticí leis. Cé go mbeadh Murphy níos fisiciúla mar thosach, níl aon chúl aimsithe aige sa 20 cluiche atá imeartha aige i ngeansaí Phoblacht na hÉireann.

Ar an gcaoi chéanna, cé nach raibh Hoolahan chomh feiceálach sin in aghaidh na mBeilgeach, níl a shárú d’imreoir againn chun deiseanna a chruthú. Tháinig McClean chun páirce sa dá chluiche go dtí seo ach ní dhearna sé tada le dealramh nuair a tugadh deis dó.

Fiú mura dtéann na hIodálaigh chun páirce leis na himreoirí is fearr atá acu, níl caill orthu siúd a bheidh ag teacht isteach. Mar a tharlaíonn sé, tá leithéidí Lorenzo Insigne agus Stephan El Shaarawy ar chuid de na tosaithe is dainséaraí atá acu ach de ghnáth ní bhíonn siad in ann áit a bhaint amach ar an bhfoireann mar nach leor dá mbainisteoir an méid oibre a dhéanann siad.

D’fhéadfadh Éire, áfach, leas a bhaint as na hathruithe seo uile agus iad ar an ionsaí. Tá caidreamh iontach idir an cúl báire Gianluigi Buffon agus a chuid cosantóirí, Andrea Barzagli, Leonardo Bonucci agus Georgio Chiellini. Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh beirt nó triúr acu siúd in easnamh anocht agus seans gurb é sin an deis is fearr atá ag Éirinn an beart a dhéanamh.

Rogha Tuairisc.ie: Comhscór

Fág freagra ar 'EURO 2016: Cinntí móra le déanamh ag O’Neill agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na hIodálaigh'

  • padraig

    ta’s agam gur leath-Shasanaigh is ea formhor na foirne sin ach an corr ‘fior-Eireannach’ fein is geall le balbhain iad agus an t-amhran naisiunta a chanadh, Martin o Neill fein, d’fhreastail se ar St Coleman’s Beal Feirste agus ni bhionn giocs as, is eisceachtuil ar fad ar fad sinn is a ra nach feidir lenar bhformhor an t-amhran naisiunta a chanadh os comhair an tsaoil mhoir, feach na Breathnaigh agus scol brea acu agus morail an domhain orthu….agus na tairg chugam Roy Kane…