Cinneadh faoi chomharthaí curtha ar ceal ag Donohue

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, dhiúltaigh Leo Varadkar do chomhairle an NRA maidir le leasú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair, ach tá an tAire nua Paschal Donohoe ar mhalairt tuairime.

27/8/2014 Road Safety Campaigns
An tAire Iompair, Paschal Donohoe. Dhiúltaigh a réimhtheachtaí, Leo Varadkar, do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar mholtaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le comharthaí bóthair ach tá an tAire nua ag lorg comhairle an Údaráis arís. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá amhras mór faoina bhfuil i ndán don phlean go mbeadh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre i bhfianaise freagra a thug an tAire Iompair ar cheist ó Tuairisc.ie.

Léiríonn pobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown go dtacaíonn formhór an phobail leis an éileamh go mbeadh an dá theanga ar chomhchéim ar chomharthaí bóthair.

D’ordaigh an tiar-Aire Iompair Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) anuraidh tús a chur le crochadh comharthaí nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla, ach tá an   t-ordú sin curtha ar ceal anois ag a chomharba, Paschal Donohoe.

Dhiúltaigh Leo Varadkar do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar mholtaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le leasú a dhéanamh ar úsaid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre seo.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, rinne an NRA cás láidir i gcoinne mholtaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearadh agus clófhoireann nua a chuirfeadh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ar ar chomharthaí bóthair dátheangacha.

Léiríonn freagra an Aire Varadkar féin ar an NRA go ndearna sé neamhní dá gcomhairle.

“I appreciate…that their are mixed views in relation to their (Conradh na Gaeilge) fundamental point that the usage of the italic font undermines the status that the Irish language.

“However, having considered the matter I believe that the proposed new style is attractive, legible and affords Irish its appropriate status on our road signs. Therefore, I ask that the NRA erect a small number of signs in the format proposed by Conradh na Gaeilge…”

In ainneoin a dtuairimí láidre faoin scéal a bheith nochtaithe cheana ag an NRA, thug urlabhraí thar cheann an Aire Iompair nua, Paschal Donohoe, le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite go mbeadh an tAire ag glacadh comhairle ón Údarás faoin gceist arís.

Thug an t-urlabhraí le tuiscint freisin gurb í “sabháilteacht” ar bhóithre seachas cúrsaí teanga an chloch is mó ar phaidrín an Aire.

“Minister Donohoe is aware of his predecessor’s suggestion to the NRA to erect a small number of signs in the format proposed by Conradh na Gaeilge at a few locations across the country.

“You will appreciate however, that the Ministers’ priority at all times is focused on road safety and he would wish to consult further with the NRA before progressing this matter further.”

I gcáipéisí a scaoileadh le Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, dúirt an tÚdarás nár léir dóibh go raibh aon fhadhb ann leis an gcomharthaíocht reatha agus nach bhfuair siad gearán riamh ó thiománaithe na tíre faoin gcur chuige dátheangach ar na comharthaí.

Shéan siad freisin líomhaintí an Chonartha go ndéanann an chlófhoireann Ghaelach, beag is fiú den Ghaeilge. Dar leis an NRA, déanann an córas reatha an Ghaeilge níos inléite ná an Béarla.

Faoi láthair bíonn leaganacha Beárla na logainmneacha ar chomharthaí bóithre dátheangacha i gceannlitreacha agus bíonn na leagnacha Gaeilge i mionlitreacha i gcló Iodálach.

21/11/2013. Dangerous Speed Reviews
Leo Varadkar: “However, having considered the matter I believe that the proposed new style is attractive, legible and affords Irish its appropriate status on our road signs. Therefore, I ask that the NRA erect a small number of signs in the format proposed by Conradh na Gaeilge…”

D’ainneoin argóintí an NRA, threoraigh an t-iar-Aire Varadkar dóibh roinnt bheag comharthaí a chrochadh le dearadh nua a thabharfadh a ceart don Ghaeilge.

Mhol sé dóibh na comharthaí sin a chur in airde ar bhonn trialach in áiteanna feiceálacha ar fud na tire agus meastóireacht a dhéanamh ar an nglacadh a bhí ag an bpobal leo.

Ba i mí Nollag na bliana seo caite a d’iarr an t-iar-Aire ar an Údarás na comharthaí trialacha a chrochadh.

Bheadh athbhreithniú le déanamh ar na comharthaí agus ar a n-éifeacht naoi mí tar éis a gcrochta. Tá breis agus naoi mí caite ó shin agus níor crochadh comhartha ar bith fós.

Rinne Conradh na Gaeilge cur i láthair don Iar-Aire Iompair ar 3 Samhain 2013 inar cuireadh síos ar na fadhbanna, dar leo, leis na comharthaí reatha.

Tá moltaí an Chonartha bunaithe ar thaighde an dearthóra Garrett Reil.

Dar leis an gConradh nach leanann comharthaí bóthair na hÉireann an dea-chleachtas domhanda atá leagtha síos do chomharthaíocht dhátheangach.

Tá clófhoireann úrnua darb ainm ‘Turas’ deartha ag Reil atá, dar leis, i bhfad níos éasca ar an tsúil ná mar atá an chlófhoireann atá in úsáid faoi láthair.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi chomharthaí curtha ar ceal ag Donohue'

  • Séamas Mac Coitir

    Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchéim ar na comharthaí bóthair. Thart ar chathair na Gaillimhe, mar a bhfuil cónaí orm le fada an lá, tá sé tugtha faoi deara go bhfuil an Ghaeilge in áit na leathphingine i gcomortás leis an mBéarla. Tá an litriú go hainnis i gcoitinne, agus is mór an náire é gan aon agó. Is é an trua nach dtéann na húdaráis i gcomhairle le duine éigin go mbíonn cruinneas Gaeilge acu ar dtús sula chrochtar iad, mar nuair a bhíonn na comharthaí curtha in airde ar chuaille, níl le fáil agat ach an chluas bhodhar má dhéanann tu aon ghearán! In Inis, Co. an Chláir, tá a lán de na comharthaí ionann is doléite. Is cosúil gur bheart gan leigheas é, agus nach bhfuil ann ach saothar in aisce a bheith ag casaoid!. Beir bua agus beannacht. S. Mac Coitir.

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Sin go díreach atá siad ag iarraidh a chur ina luí orainn – gur saothar in aisce é a bheith ag casaoid. Tá súil acu go n-éireoimid as chuile ghearán agus go mbeidh siad in ann fáil réidh ar fad le comharthaíocht an dátheangachais sa deireadh. Tá cuma an ghamail ar Donohoe sa ghriangraf thuas agus féach – tá comhartha seamróige á chaitheamh aige ! Déarfainn gur peata eile de chuid Enda é ar nós Joe agus Heather. Is ainmhí de shaghas eile é Leo – polaiteoir dáiríre é siúd.