Cinneadh tábhachtach le déanamh ag Cúige Chonnacht, mná Mhuineacháin dosháraithe agus a raibh le foghlaim an deireadh seachtaine seo

A raibh le foghlaim ó chúrsaí CLG, rugbaí agus sacair an deireadh seachtaine

Cinneadh tábhachtach le déanamh ag Cúige Chonnacht, mná Mhuineacháin dosháraithe agus a raibh le foghlaim an deireadh seachtaine seo

Cinneadh tábhachtach le déanamh ag Cúige Chonnacht

Is mór an chailliúint do Chúige Chonnacht a bheidh i Pat Lam agus é fógartha ar maidin ag an Nua-Shéalannach go bhfuil sé chun an fhoireann a fhágáil ag deireadh an tséasúir chun post nua a ghlacadh le Bristol i Sasana.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Cúige Chonnacht ó tháinig Lam go Gaillimh trí bliana ó shin agus ní bheadh an PRO 12, a thug siad leo níos luaithe i mbliana, buaite gan é. Is é an meon agus an stíl imeartha atá cothaithe ag Lam an rud is mó atá déanta aige agus Cúige Chonnacht anois ag imirt stíl oscailte, cruthaitheach, agus moladh ar leith faighte acu dá bharr.

Anois agus Lam ag fágáil, tá sé ríthábhachtach go gceapfaidh lucht bainistíochta na foirne agus an IRFU an duine ceart chun leanacht d’obair an Nua-Shéalannaigh. Tá moltaí ann cheana féin an post a thabhairt d’Éireannach, leithéidí Bernard Jackman nó Ronan O’Gara atá ag obair sa Fhrainc faoi láthair, ach caithfidh an fhís cheart a bheith ag an té a cheapfar. Tógann sé achar fada ar fhoireann a stíl imeartha a athrú, mar a chonaic muid sa chéad chúpla bliain a bhí ag Lam san iarthar.

Tá cáil anois ar Chúige Chonnacht de bharr ghaiscí an tséasúir seo caite agus iad anois ag imirt san Eoraip ach má thosaíonn na torthaí ag dul in olcas agus atógáil á dhéanamh ar an bhfoireann, ní thógfaidh sé i bhfad an móiminteam sin a chailleadh.

Nuair a ceapadh Lam, ní raibh mórán le cailleadh ag Cúige Chonnacht. Anois agus é ag fágáil, tá i bhfad níos mó i mbaol.

Foireann Dhomhnach Maighean. INPHO/Tommy Grealy
Foireann Dhomhnach Maighean. INPHO/Tommy Grealy

Domhnach Maighean dosháraithe arís

D’éirigh le cumann Dhomhnach Maighean cur lena gclú ar an Domhnach agus a chúigiú Craobh Sinsear na hÉireann le deich mbliana anuas buaite ag mná Mhuineacháin. Bua seacht bpointe a bhí acu ar Charraig an tSionnaigh-Cábán tSíle sa chluiche ceannais inné, chun cur leis na craobhacha a bhuaigh siad in 2006, 2009, 2012 agus 2015.

Tá trí cinn eile de chluichí ceannais caillte ag Domhnach Maighean le roinnt blianta anuas agus ní haon iontas é sin agus slua imreoirí agus iarimreoirí idirchontae ag imirt don chumann. Ina measc siúd tá clann Courtney, Sharon, Cora agus Rosemary, uile a d’imir do Mhuineachán i mbliana, chomh maith le beirt deirfiúracha eile, Fiona agus Joanne, a chaith geansaí an chontae roimhe seo.

Ba í Caitríona McConnell, a thóg briseadh ó fhoireann an chontae in 2016, laoch Dhomhnach Maighean inné áfach. D’aimsigh McConnell 1-5 i rith an chluiche agus bhí a cúl, a tháinig gan ach 13 nóiméad imeartha, cinniúnach agus é ag cruthú farasbarr seacht bpointe idir na foirne go luath sa chluiche.

Imreoir Chuala, Con O'Callaghan. INPHO/Oisin Keniry
Imreoir Chuala, Con O’Callaghan. INPHO/Oisin Keniry

An liathróid mhór fós níos tarraingtí sa phríomhchathair

Cé go raibh drochbhliain ag an bhfoireann idirchontae, tá torthaí na hoibre forbartha atá déanta san iomáint i mBaile Átha Cliath fós á mbaint agus Craobh Sinsear Laighean buaite ag Cuala thar an deireadh seachtaine. B’iad an cumann ó dheisceart na cathrach an chéad fhoireann ó Bhaile Átha Cliath a thug leo craobh an chúige ó d’éirigh le Cromghlinn an rud céanna a dhéanamh siar i 1979.

Tá a lán oibre déanta chun an iomáint a chur chun cinn sa phríomhchathair le scór bliain anuas agus tá toradh na hoibre sin le feiceáil i mbuanna Choláistí Bhaile Átha Cliath i gCorn an Chrócaigh, Craobh na hÉireann do scoileanna dara leibhéal, in 2005 agus Craobh Sinsear Laighean a bhuaigh an fhoireann idirchontae in 2013.

É sin ráite, tá foireann iomána an chontae fós faoi mhíbhuntáiste mar, chomh fada agus atá foireann peile Bhaile Átha Cliath i mbarr a réime, is in áit na leathphingine beidh na hiománaithe. Tá sé feicthe againn cheana féin agus cúl tugtha ag leithéidí Diarmuid Connolly, Ciarán Kilkenny, Tomás Brady agus Cormac Costello don iomáint cé go raibh siad chomh cumasach céanna ag an dá spórt. Breathnaíonn sé anois go dtarlóidh an rud céanna le laoch Chuala, Con O’Callaghan.

Tá sárthaispeántas i ndiaidh sárthaispeántais tugtha ag O’Callaghan d’fhoirne iomána faoi-aois Bhaile Átha Cliath roimhe seo agus tá scrios déanta aige i bhfeachtas Chuala go dtí seo i mbliana ach, mar a tharla anuraidh, nuair a thiocfaidh an t-earrach, is mó seans go ligfidh sé uaidh an camán agus go rachaidh sé isteach leis na peileadóirí.

Thuigfeá dóibh, bhí na himreoirí uile atá luaite mar chuid d’fhoirne a thug leo Corn Mhig Uidhir. ach go dtí go dtiocfaidh réiteach ar an scéal seo, beidh siad ag fanacht do chúirt Chorn Mhic Cárthaigh.

KloppLaigí Liverpool ag teacht chun solais arís

Agus Luis Suarez ag déanamh scrios dóibh, fuair tosaithe Liverpool ardmholadh nuair a chríochnaigh Liverpool sa dara háit i bPríomhroinn Shasana in 2013/14. I ndáiríre, ba cheart go mbeadh a gcéad sraith ó 1990 buaite acu an séasúr sin ach níl sé ródheacair cúis a dteipe a fháil.

Cé gur scóráil foireann Brendan Rodgers 101 cúl, difear ceann níos lú ná na buaiteoirí, Manchester City, ghéill Liverpool leathchéad cúl, 13 níos mó ná City agus níos mó ná Crystal Palace, a chríochnaigh sa 11ú háit.

I mbliana, faoi cheannas Jurgen Klopp, tá tosaithe Liverpool arís ag déanamh spraoi, agus níos mó scóráilte ná aon fhoireann eile ag an bpointe seo, ach arís, is í an chosaint atá ag ligean síos an fhoireann.

Ar an Domhnach, ghéill Liverpool ceithre chúl sa dara leath chun an bua a thabhairt do Bournemouth i gcluiche ina raibh foireann Klopp dhá chúl chun cinn faoi dhó. San ocht gcluiche atá imeartha as baile ag Liverpool i mbliana, tá 14 chúl géillte acu, níos mó Sunderland, atá i mbaol an íslithe céime.

Mura féidir le Klopp agus a chuid imreoirí an fhadhb seo a réiteach, níl ach cliseadh eile, mar a bhí dhá bhliain ó shin, i ndán dóibh.

Fág freagra ar 'Cinneadh tábhachtach le déanamh ag Cúige Chonnacht, mná Mhuineacháin dosháraithe agus a raibh le foghlaim an deireadh seachtaine seo'