Tá cinneadh an Aire Paul Givan an maoiniú £50,000 a thabhairt ar ais don scéim ‘Líofa’ cáinte ag comhairleoir de chuid UKIP i gContae Ard Mhacha.
Dúirt an comhairleoir David Jones, atá ar chomhairle cathrach Ard Mhacha, le Tuairisc.ie “go gcaithfí a bheith soiniciúil” faoi ráiteas Givan gur ‘aimsigh” sé an t-airgead don scéim Ghaeltachta agus an tuaisceart i mbéal toghcháin. Dúirt Jones go bhfuil an DUP tar éis na daoine a vótáil dóibh a “ligean síos”.
“Vótáil siad le Arlene [Foster] a chur isteach agus Martin [McGuinness] a choinneáil amach, dúradh leo nach raibh i bpost Mháirtín ach ról cúnta, nach raibh cumhacht leis, ach níl sé sin fíor.
“Chaithfí a bheith soiniciúil go leor faoin scéal ar fad, agus tá go leor den chosmhuintir ag fiafraí díobh féin inniu ‘cá as a dtáinig an t-airgead seo?’. Tá airgead de dhíth ar an tseirbhís sláinte, tá an dochtúir teaghlaigh i mo cheantar féin tar éis dúnadh. Tá muid ag fanacht le scéala faoi thoghchán agus tá mearbhall ar go leor daoine,” a dúirt sé.
Dúirt Jones le Tuairisc.ie nach raibh eolas aige faoi chúrsaí buiséid i Stormont agus nach bhféadfadh sé a bheith cinnte faoi na foinsí airgid atá ag an Roinn Pobal.
“Ní fhéadfainn, go macánta, a rá cé acu ar chinneadh ceart nó mícheart a bhí ann sa chéad dul síos an t-airgead a bhaint den scéim Ghaeilge, ach an cheist a bheadh agam ná cén dóigh a raibh sé dodhéanta é a thabhairt ar ais an tseachtain seo caite, ach go bhfuil an t-airgead ar fáil arís inniu?
“Cé air a bhfuil an DUP ag iarraidh an dallamullóg a chur? Ar Shinn Féin? Ar a lucht tacaíochta féin? Tá muid ag druidim i dtreo toghcháin anois agus níl mé cinnte an mbeadh aon athrú chun feabhais ann i ndiaidh toghcháin. Is ceart daonlathach é toghchán a ghairm am ar bith ach cén dóigh a réiteodh sé an cheist?” a dúirt sé.
Dúirt Jones go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach ‘Tionól mar is ceart’ atá i Stormont ach ‘fóram cainte’, “áit a ndéantar go leor cainte faoi cheisteanna éagsúla ach fíorbheagán gníomhaíochta”.
Caoimhe
Ní minic a dheirfinn go raibh me ar aon tuairim le Gerry Adams; ach níor chualathas focail níos fírinne uaidh ná nuair a raibh sé ag caint faoi chinneadh Foster ceallú a héanamh ar scéim Líofa”agus dhúirt sé ” it was an ignorant decision made by an ignoramus”.
Look
Níl ann ach grùpa “troll” isteach sa UKIP. Ná bí ag éisteach leo. Tá an saol ró ghearr do trollanna
Pól Réamonn
Náire ar mhuintir Ard Mhacha le vótáil do chomhairleoir UKIP.