Cinneadh faoi ionad nua Apple i mBaile Átha an Rí curtha siar

Tuigtear gur seachtain ó inniu, an 30 Meitheamh 2017, a thabharfar an bhreith

Cinneadh faoi ionad nua Apple i mBaile Átha an Rí curtha siar

Tá an bhreith a bhí le tabhairt inniu faoi cé acu an dtógfar nó nach dtógfar ionad sonraí nua de chuid an chomhlachta Apple i mBaile Átha an Rí curtha siar mar gheall ar easpa breithiúna sa Chúirt Tráchtála inniu.

Bhí an Breitheamh Paul McDermott lena bhreith a thabhairt inniu sa Chúirt i mBaile Átha Cliath ach nuair a tháinig an toscaireacht ó Apple ag an gcúirt ar maidin bhí sí dúnta. Thug an tSeirbhís Cúirteanna le fios gur easpa breithiúna ba chúis leis an dúnadh agus gur cuireadh roinnt éisteachtaí ar athlá.

Tuigtear gur seachtain ó inniu, an 30 Meitheamh 2017, a thabharfar an bhreith.

D’fhógair Apple dhá bhliain ó shin go raibh sé i gceist ag an ollchomhlacht ríomhaireachta ionad sonraí luach €850m a thógáil in oirthear na Gaillimhe. Fógraíodh an tráth céanna ionad eile den chineál céanna sa Danmhairg. Tá an t-ionad sin beagnach críochnaithe anois ach níl an fód iompaithe i mBaile Átha an Rí go fóill.

Cheadaigh an Bord Pleanála an togra mí Lúnasa seo caite, ach chuir triúr as an áit in aghaidh an cheada sin agus lorg athbhreithniú breithiúnach. Eagraíodh agóid ar son an ionaid agus shiúil 2,000 daoine as Baile Átha an Rí lena dtacaíocht don ionad nua a léiriú.

Tá sé i gceist go ndéanfar bainistiú ar shonraí a bhaineann le táirgí ceoil, aipeanna, teachtaireachtaí, léarscáileanna Apple chomh maith leis an gcóras ‘Siri’ san ionad nua. Is ionad ‘glas’ a bheidh sa champas nua a bheidh á chumhachtú go huile is go hiomlán ó fhoinsí in-athnuachana fuinnimh.

Dúirt an tAire Stáit d’Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne, an bhliain seo caite go mbeadh Éire ina ceap magaidh dá gcaillfí an deis an t-ionad a thógáil i mBaile Átha an Rí agus go gcuirfí isteach ar aon seans a bheadh ann tograí eile dá leithéid a mhealladh chun na tíre.

Cuireadh moill 18 mí ar an togra cheana féin mar gheall ar imní a bhí ann maidir le cúrsaí fiadhúlra agus fuarlaigh sa cheantar. Tá faitíos ar na daoine i mBaile Átha an Rí a thacaíonn leis an ionad go gcaillfí an deis fostaíochta seo dá gcuirfí moill mhór eile ar an mbreith.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi ionad nua Apple i mBaile Átha an Rí curtha siar'