Cinneadh déanta ag an ‘Lord Mayor of Dublin’ gan bacadh lena theideal Béarla

Is é ‘Mícheál Mac Donncha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath’ a chuireann Mac Donncha le cáipéisí agus cuirí oifigiúla a bhíonn le síniú aige agus dúirt sé le Tuairisc.ie

Cinneadh déanta ag an ‘Lord Mayor of Dublin’ gan bacadh lena theideal Béarla

Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá cinneadh déanta ag Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha ó Shinn Féin, gan bacadh leis an teideal ‘Lord Mayor’ beag beann ar an teanga atá in úsáid aige agus cloí leis an leagan Gaeilge den teideal an oiread agus is féidir leis.

Is é ‘Mícheál Mac Donncha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath’ a chuireann Mac Donncha le cáipéisí agus le cuirí oifigiúla a bhíonn le síniú aige agus dúirt sé le Tuairisc.ie gur “annamh” a bhíonn ‘Lord Mayor’ luaite lena ainm.

Dúirt sé gur moladh ag cruinniú de chuid na Comhairle Cathrach le deireanas go ndéanfaí próiseas comhairliúchán poiblí faoi ‘theideal ceart’ na hoifige, Lord Mayor of Dublin, ach go leanfadh sé féin leis ag úsáid ‘Ardmhéara of Dublin’ le linn a thréimhse sa ról.

“B’fhearr liom ‘Ardmhéara’, ach is ceist eile ar fad í maidir le rud oifigiúil a dhéanamh de, b’fhéidir go mbeadh gá bille a chur trí Thithe an Oireachtais nó reachtaíocht eile a dhréachtú lena athrú go hoifigiúil.

“Tá mé oscailte faoin teideal, níl mé róláidir i gcoinne ‘Lord Mayor’, is traidisiún é, tá aithne ag an bpobal ar an teideal, agus is cuid den stair é. Ach ag an am céanna, is iarsma de ré na dtiarnaí sa tír seo é. Tá mé oscailte faoi, ní tosaíocht é domsa,” a dúirt an tArdmhéara.

Chuir iar-Ardmhéara na cathrach, Críona Ní Dhálaigh, rún os comhair Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath anuraidh a d’athródh an teideal go hoifigiúil chuig an leagan Gaeilge, ach níor éirigh leis an rún.

Ba é Séarlas II, Rí Shasana, a chruthaigh oifig Lord Mayor of Dublin sa bhliain 1665 agus is é an teideal Béarla atá in úsáid i ngnóthaí oifigiúla ó shin i leith. Tugadh stádas don leagan Gaeilge nuair a bunaíodh an Saorstát ach is é an leagan Béarla atá sa treis.

Nuair a toghadh an Comhairleoir Críona Ní Dhálaigh in 2015 gheall sí go mbeadh “níos mó Gaeilge á labhairt i Halla na Cathrach ná mar a labhraíodh riamh” le linn a téarma méarachta agus go mbeadh an teideal Gaeilge in úsáid aici “i gcomhthéacsanna Béarla agus Gaeilge araon”.

Níl aon athrú tagtha ar chuntas oifigiúil ríomhphoist an Ardmhéara ná ar na cuntais atá ag Mac Donncha ar na meáin shóisialta. Is é lordmayor@dublincity.ie an seoladh ríomhphoist atá ann agus is é an t-ainm Twitter atá ag an Méara ná @LordMayorDublin. Tá an dá leagan ar an leathanach Facebook ach an lámh in uachtar ag an leagan Béarla.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag an ‘Lord Mayor of Dublin’ gan bacadh lena theideal Béarla'

  • Éamonn Ó Gribín

    Is dócha go mbeadh sé ró-dheachair dó ‘gan bacadh lena chuid Bhéarla’?