Cill Chainnigh fós ag an mbarr, ach foirne eile ag dreapadh an dréimire

Tá scata foirne agus imreoirí óga ag bláthú iontu, ach an leor é chun tuisle a bhaint as na Cait i 2016?

Pictiúr: INPHOTommy-Grealy
Pictiúr: INPHOTommy-Grealy

Mar a dúirt an té a dúirt ‘táimid anois sa tréimhse is daonlathaí den bhliain iomána’. Tá na foirne go léir ar comhchéim arís, mar dhea.

Dar ndóigh, tá a fhios againn gur beag fírinne atá sa ráiteas sin nuair is cúrsaí iomána agus corn Liam Mhic Chárthaigh atá á bplé. Cinnte níl aon chluiche caillte ag aon fhoireann fós ach athróidh sé sin gan mhoill.

Beidh cúrsaí teann go leor, mar is gnáth, idir na foirne i roinn 1A na sraithe. Is féidir le haon fhoireann bua a fháil ar aon fhoireann eile an lá is fearr a bhíonn siad, agus uaireanta tugtar léasadh gan choinne d’fhoirne. Beidh sé amhlaidh i mbliana.

I mo thuairimse, beidh roinn 1B níos suimiúla i mbliana ná mar a bhí sé le cúpla bliain. Beidh contae an Chláir agus Luimneach ag iarraidh a léiriú go bhfuil bliain níos fearr rompu ná mar a bhí anuraidh agus tá trí Chraobh faoi 21 buaite i gCúige Laighean ag Loch Garman. Beidh foireann bhainistíochta nua ag Uíbh Fháilí, beidh Ciarraí ar a gcéad aistear ag an leibhéal seo agus ní haon dóithín Laois le Cheddar Plunkett fós i gceannas. I ndeireadh na dála, áfach, is iad buaiteoirí an chluiche idir an Clár agus Luimneach a rachaidh suas go dtí an chéad roinn.

Cé a bhuafaidh an comórtas sraithe ar fad? Níl a fhios agam. Caithfimid fanacht go mbeidh leath an tséasúir caite chun aon tuairim mheáite a thabhairt.

An t-am seo anuraidh bhíomar ag fógairt drochstaid fhoireann Chill Chainnigh. D’éirigh Tommy Walsh as, agus JJ Delaney, Brian Hogan agus Aidan Fogarty é. Ina dhiaidh sin arís chroch an Rí Anraí suas a gheansaí idirchontae. 

‘An mbeadh aon fhoireann ábalta maireachtaint gan na laochra sin?’ a d’fhiafraigh go leor againn.

Leathshlí isteach sa chomórtas sraithe bhí na comharthaí dona go leor do Chill Chainnigh. Fuaireadar léasadh ceart ó Bhaile Átha Cliath i bPáirc Uí Nualláin agus ag deireadh na sraithe, bhí orthu taispeántas cumasach a thabhairt uaithu i gcoinne an Chláir chun a n-áit a chinntiú sa phríomhroinn do 2016. Ina dhiaidh sin is uile, chríochnaíodar an bhliain iomána ina gcuraidh arís. Tá siad mar rogha na coitiantachta arís i mbliana agus cén fáth nach mbeadh?

Ach tá scata foirne agus dream maith imreoirí óga ag bláthú iontu. Ar bharr an liosta sin, tá an Clár. I bhfianaise an méid atá buaite acu faoi aois le blianta beaga anuas agus an Chraobh Sinsear a bhuadar i 2013 le foireann an-óg, b’olc an mhaise dúinn gan súil a choimeád orthu, go háirithe agus Dónal Óg Cusack mar chóitseálaí orthu.

Caithfidh go mbeidh Luimneach láidir freisin nuair a chuirtear san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag club na bPiarsach agus iad mar rogha na coitiantachta do Chraobh Club na hÉireann. Go deimhin, bhí bua iontach chomh miath ag foireann Luimnigh faoi 21 anuraidh. B’fhéidir go dtógfaidh sé bliain nó dhó eile ach is cinnte go bhfuil siad ag druidim le barr an dréimire.

Tá scata maith imreoirí óga ag Port Láirge chomh maith a bhí ar fheabhas anuraidh. Ach mar a luaigh mé anseo le déanaí, tá a rún scaoilte agus beidh sé deacair orthu dul chun cinn a dhéanamh i mbliana.

Beidh brú freisin ar iománaithe na Gaillimhe i ndiaidh an tseasaimh a thógadar i gcoinne Anthony Cunningham ag deireadh an tséasúir. Ní dóigh liom go bhfuil mórán idir iad féin, Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath.

Nuair a bheidh deireadh déanta, áfach, is deacair gan na Cait a shamhlú ag buachtaint na duaise móire i mí Mheán Fómhair.

Fág freagra ar 'Cill Chainnigh fós ag an mbarr, ach foirne eile ag dreapadh an dréimire'