Cill Chainnigh agus Corcaigh in adharca a chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann

Níl aon amhras ach gurb iad seo na foirne camógaíochta is láidre sa tír le cúpla bliain anuas agus Corcaigh ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar na Cait

Cill Chainnigh agus Corcaigh in adharca a chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann

Aisling Thompson (Corcaigh) agus Shelly Farrell (Cill Chainnigh). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Dé Domhnaigh, 10 Meán Fómhair

Corcaigh v Cill Chainnigh,4.00i.n., Páirc an Chrócaigh

Seachtain ó shin bhí coimhlint ‘nua’ againn sa gcluiche ceannais iomána idir Gaillimh agus Port Láirge, ach is iad na boic mhóra atá san iomaíocht go fóill don chraobh camógaíochta.

Is é cluiche an lae inniu an tríú huair le ceithre bliana anuas a chasfaidh mná Chorcaí agus Chill Chainnigh ar a chéile sa chluiche ceannais agus cluiche an taobh buaite acu in aghaidh a chéile sa tréimhse sin. Ó tharla gurbh iad freisin a d’imir cluiche ceannais na sraithe i mbliana, cluiche a bhuaigh na Cait, tá aithne mhór ag na foirne seo ar a chéile.

Is mór an buille do Chorcaigh go bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar Chill Chainnigh d’uireasa duine de na himreoirí is fearr atá acu, Gemma O’Connor. Gortaíodh an cosantóir sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Gaillimhe agus bhraith Corcaigh uathu í.

Cé go raibh siad go mór in uachtar sa chéad leath, bhí Corcaigh 28 nóiméad agus gan aon scór acu sa dara leath agus thug siad deis do na Gaillimhigh teacht aniar a dhéanamh. Bhí na Muimhnigh ocht bpointe chun cinn luath sa dara leath ach le himeacht O’Connor, laghdaíodh an bhearna sin go dtí dhá phointe.

Tá moladh tuillte ag Rena Buckley, Aisling Thompson agus Chloe Sigerson as a dtaispeántais i mbun na cosanta nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá agus beidh a mbainisteoir, Paudie Murray, ag súil go seasfaidh siad arís sa bhearna bhaoil mura mbeidh O’Connor ar fáil tráthnóna.

Bhí a gcuid deacrachtaí féin ag Cill Chainnigh ina gcluiche leathcheannais in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Chuir na Cait tús láidir leis an gcluiche nuair a scóráil siad poc éirice agus gan ach cúpla nóiméad imeartha, ach níor thug cosantóirí Bhaile Átha Cliath mórán spáis dóibh ina dhiaidh sin agus chinn ar Chill Chainnigh ceannas a fháil ar an gcluiche arís go dtí an dara leath.

Fós, tabharfaidh sé sásamh do bhainisteoir Chill Chainnigh Ann Downey gur éirigh le naonúr de na himreoirí scóranna a aimsiú sa chluiche sin. Is léir le bliain anuas go bhfuil neart imreoirí ag Cill Chainnigh a bhfuil an mianach iontu a lorg a fhágáil ar chluiche ar bith, bídís istigh ón tús nó tagaidís isteach mar ionadaí. D’fhéadfadh an soláthar sin a bheith cinniúnach i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'Cill Chainnigh agus Corcaigh in adharca a chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann'