‘Cic sa tóin’ de dhíth ar phobal na Gaeltachta, ach faillí á déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge ‘ar an tobar beo’ – Joe Steve Ó Neachtain

Bhain ár gcomhfhreagraí tairbhe agus taitneamh as caint fhuinte fhileata Joe Steve Uí Neachtain ag Léacht Uí Chadhain i UCD aréir

‘Cic sa tóin’ de dhíth ar phobal na Gaeltachta, ach faillí á déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge ‘ar an tobar beo’ – Joe Steve Ó Neachtain

Joe Steve Ó Neachtain

Tá “cic sa tóin” de dhíth ar phobal na Gaeltachta ach tá faillí á déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge i ‘tobar beo’ na teanga, dar leis an scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain.

Agus Léacht Uí Chadhain á thabhairt aige i mBaile Átha Cliath aréir, dúirt Ó Neachtain go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge “róthrodach, gearánach” agus nach dtig déanamh d’uireasa na Gaeltachta in ainneoin na n-éachtaí atá déanta lasmuigh di.

Maidir le cúrsaí amharclainne, mhaígh sé go mbíonn lucht drámaíochta ag fónamh do mholtóirí agus ‘theatre goers’ seachas don phobal a shantaíonn an éigse.

Is lena mharbhna álainn féin don Chadhnach a chuir Ó Neachtain ceann lena chaint chumasach.

Le linn na léachta céanna phléigh sé a chaidreamh féin leis an gCadhnach. Ainneoin gaol cleamhnais a bheith aige le húdar Cré na Cille, agus gur as an gcoirnéal céanna de Chonamara an bheirt acu, ba i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí ar an gCadhnach le linn óige Uí Neachtain. Dá bharr sinn, ba ina dhiaidh sin a chuir siad aithne ar a chéile. Fearacht go leor, sheachain sé an Cadhnach de bharr an cháil a bheith air a bheith taghdach.

Mar sin féin, ba as an gcomhluadar agus as an mbéaloideas céanna a fáisceadh Máirtín agus Joe Steve, agus rinne sé cur síos oilte ar an bhfiannaíocht agus an nathaíocht a mhúnlaigh an Cadhnach agus go deimhin é féin.

Thug sé léargas beoga freisin ar shaibhreas an bhéaloidis le linn a óige féin agus ar an gcaoi ar athraigh sé leis an saol.

Thug sé léargas freisin ar Cré na Cille, agus mhaígh sé nach bhfuil de bhréag sa leabhar sin ach an séanadh ag a thús nach bhfuil aithris ann ar bheo ná ar mharbh.

Bheadh sé féin in ann ainm a chur le go leor de na carachtair, a dúirt sé. Bhí sé in aois a seacht tráth a fhoilsithe, ach níor chuala sé trácht ná iomrá air an uair sin ag airneán ná teach cuartaíochta.

Den chuid is mó, ní raibh léamh na Gaeilge an uair úd ach acu siúd a raibh oideachas ollscoile orthu, agus b’fhéidir gur amhlaidh an scéal fós.

Ba nuair a rinne Johnny Chóil Mhaidhc Cré na Cille a chóiriú do Raidió na Gaeltachta, agus ina dhiaidh sin nuair a bhí sé páirteach i leagan stáitsithe den leabhar sa Taibhdhearc, a chuir Joe aithne cheart ar an saothar.
Mhaigh sé go bhfuil dhá dhráma ar mithid iad a stáitsiú do na Gaeil gach deich mbliana – aistriúchán Mháirtín Uí Chorrbuí ar An Strainséara Dubh le Gerald Healy, agus Cré na Cille.

Bhain an dara leath dá chuid cainte, le ceist na drámaíochta agus na drámaíochta amaitéaraí go háirithe. Mothaíonn sé go bhfuil drámaí atá oiriúnach don phobal á mbrú i leataobh ag saothair anall as Meiriceá a bhfuil duaiseanna bainte amach acu.

Dúirt Ó Neachtain go mbíonn lucht drámaíochta ag fónamh do mholtóirí agus ‘theatre goers’ seachas don phobal a shantaíonn an éigse.

Ag tagairt dó do chás na teanga féin, d’éiligh sé go láidir go seasfaí leis an teanga sa Ghaeltacht ainneoin na n-éachtaí atá déanta ar a son lasmuigh di. Ghéill sé go bhfuil cic sa tóin ag teastáil ó phobal na Gaeltachta féin maidir le ceist na teanga, dúirt go bhfuil faillí á déanamh mar sin féin ag gluaiseacht na Gaeilge ar thobar beo na Gaeilge labhartha nach dtig déanamh dá uireasa.

Tá gluaiseacht na Gaeilge róthrodach, gearánach, dar leis.

Agus é ag caint ar dhearcadh an Stáit i leith na Gaeilge, dúirt sé fiú más féidir an teanga a streachailt astu ‘gur aniar as a dtóin’ a thiocfaidh sí seachas “óna gcroí”.

Ainneoin an tábhacht a bhaineann le cearta a éileamh, dar leis, is gá freisin an dream nach bhfuil Gaeilge acu ach a bhfuil dea-thoil acu di a mhealladh leis an gcruthaitheacht agus an ealaíon.

Caint iontach a bhí fite, fileata gan bunchleite isteach ná barrchleite amach.

Is eagal liom, áfach, go raibh cuid den lucht éisteachta chomh cleachta anois ar liathuisce de Ghaeilge nár bhain siad lántairbhe as a chaint chraicneach chréúil.

Is mithid an tobar a neartú go mbeidh fíoruisce Ghaeilge na Gaeltachta ar fáil do níos mó againn!