‘Cibé ár mbarúil ar an Éirí Amach tá scéal na nÓglach mar ‘saga’ nua i meanma na nGael’ – An Claidheamh Soluis, 02 Meán Fómhair 1916

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

‘Cibé ár mbarúil ar an Éirí Amach tá scéal na nÓglach mar ‘saga’ nua i meanma na nGael’  – An Claidheamh Soluis, 02 Meán Fómhair 1916

Claíomh-63

…bhfuil Gaelach go fóill de réir teanga (ní ceart “an Ghalltacht” a thabhairt orthu: tá an-chuid dá muintir Gaelach de réir fola agus de réir croí). Admhaím fós nach raibh agus (nach bhfuil) lucht stiúrtha an Chonartha chomh dícheallach agus chomh ciallmhar i dtaobh litríochta agus atá siad ar shlite eile. I gcúrsaí na leabhar is dream “an chúraim gan cion” atá ina bhformhór, faraor. Mar sin féin, sa Chonradh agus de bharr an Chonartha, a rinneadh dea-obair ar feadh i bhfad ar son tús-léinn agus tús-litriochta. Mura bhfuil “fómhar” níos fairsinge le baint againn an cóir dúinn an milleán ar fad a chur ar an gConradh? Measaim nach cóir. Gan fíor-oideachas i bhfeidhm. Gan saol ina mbíonn gníomhaíocht (amuigh nó istigh) tá sé fánach againn a bheith ag súil le neart éigse. Bíonn a bheag nó a mhór de chomhfhreagra idir litríocht dúiche agus beatha agus cuspóirí na dúiche. Ní thagann na mórleabhair féin ar nós na réaltaí: gan aon chabhair ó na daoine acu, gan aon bhaint acu leis na daoine.

Taobh amuigh den litríocht Ghaeilge, chuir Tomás Mac Donnchadha ardspéis i saothar na nÉireannach a scríobhadh i Sacs-Bhéarla, agus ina bhfuil an “Irish Mode”, an Mód Éireannach, le háireamh dar leis. Is é a chiallaíonn an “Irish Mode” tréithe agus trácht a chuireann saol na ndaoine, ceol Gaelach agus cora cainte Gaelacha i gcuimhne dúinn. Míníonn Tomás go saolach ealaíonta é, sa leabhar seo “Literature in Ireland.” Is iomaí scríbhneoir a rugadh in Éirinn – ó Goldsmith agus Sheridan go dtí George Bernard Shaw – agus bheadh sé fánach againn a bheith ar lorg an Mhóda Éireannaigh seo ina scríbhinní, dar le Tomás, ach is dearbh, leis go dtaispeánfar é, go minic nó ar uairibh, i saothar Ferguson, Clarence, Mangan, Yeats, Colum, Dora Sigerson, agus daoine nach iad. Ach gan amhras, dar leis, a bhfuil de bhrí agus de mhaitheas sa “mód” tagann sé ar shlí éigin – ar shlí réimdhíreach nó ar shlí thimpeallach – ón nGaeltacht agus ón nGaelachas.

Níl mórán iontaoibhe agam féin as an “Mód Éireannach” úd. Mura mbíonn i bhfad níos mó ná “mód” le háireamh ina saothar ní fiú trácht ar na húdair. A smaointe, a saíocht, a bhfealsúnacht, a n-úrtheagasc; is iad na nithe sin is ansa linn. Ní hé an mód ach an machnamh is bun le litríocht. Gan amhras is taitneamhach an rud é an dea-snas liteartha, díreach mar is taitneamhach an rud é colainn dhealbhach dhaonna – a fhad is atá anam inti. Níl cuntas iomlán i leabhar seo Thomáis ar an litríocht in Éirinn an lae inniu. Níor ghabh sé lena ais a leithéid sin a thabhairt dúinn. Ní staraí liteartha é an taca seo. Rinne sé tagairt do nithe speisialta, do scríbhneoirí áirithe, do bhunrialacha liteartha. Anois agus arís tá an tráchtas cosúil le Causerie. Tá mionrudaí ar a aire uaireanta: ní chuimhníonn sé ar na dea-rudaí go léir. Ach de bhrí go bhfuil sé smaointeach aigeantach tá soilse don aigne agus ábhar meanman sa leabhar. Tá sé níos fearr ná cuntas iomlán ar shlí, díreach mar a bheadh seachtain agus sinn ag freastail ar an Oireachtas nó ag mórfheis éigin, níb fhearr dúinn ar shlite ná triall timpeall Éireann uile dúinn. Airímid anam na hÉireann – agus ár n-anam féin – le linn na mórfhéile: airímid dea-spiorad na litríochta le linn an leabhar a léamh dúinn. Éirímid aoibhneach agus dian-dóchasach dá bharr.

Anois tar éis trácht a dhéanamh dom ar bheatha agus ar leabhar Thomáis, samhlaítear dom nach bhfuil ach réamhrá déanta agam. Is léir nach bhfuil a bhrí ná a bhua intleachta foilsithe agam. Ach tá na Gaeil go léir ag smaoineamh ar a scéal agus scéal a chomhlachta, agus airítear tuilleadh dá n-éifeacht agus dá n-aigeantacht ó lá go lá. Cibé ár meas nó ár mbarúil ar an Éirí Amach tá scéal na nÓglach, scéal a mbeatha agus a mbáis, mar “saga” nua i meanma na nGael. Tá siad i dTír na mBeo agus tá draíocht i bhfeidhm i ndil-intleacht na hÉireann tríothu. Ár bhFianna nua is ea iad. Agus i slua na Féinne sin is sonrach an chéim atá ag Tomás dreach-sholais Mac Donnchadha.

Liam P. Ó Riain

Fág freagra ar '‘Cibé ár mbarúil ar an Éirí Amach tá scéal na nÓglach mar ‘saga’ nua i meanma na nGael’ – An Claidheamh Soluis, 02 Meán Fómhair 1916'