CIARRAÍ v GAILLIMH: An priocadh, is an bearradh, an leagadh is an leibhéal!

DARA Ó CINNÉIDE: Tá ceachtanna foghlamtha ag an nGaillimh ach is iad Ciarraí cíoná na bhfoirne atá i gcluichí ceathrú ceannais na hÉireann

CIARRAÍ v GAILLIMH: An priocadh, is an bearradh, an leagadh is an leibhéal!

©INPHO/James Crombie

 

Nuair a thosnaíonn ag leagadh is an leibhéal, mar atá le seachtain anuas, idir lucht leanúna Chiarraí agus na Gaillimhe, is é a chéad phort a bhíonn agamsa ná cur síos ar an gcéad chraobh a ‘bhuaigh’ an Ghaillimh sa bhliain 1925.

Áirítear gurb í craobh an bliana 1925 an chéad chraobh dá naoi gcinn de chraobhacha atá buaite ag an nGaillimh agus, go deimhin, an chéad chraobh a bhuaigh aon fhoireann ó Chúige Chonnacht.

Tá leagan eile den scéal i gCiarraí, áfach.

Ba iad Ciarraí curadh na bliana 1924 agus cé nach raibh craobh na Mumhan buaite fós acu, bhí buaite ar Thiobraid Árann agus ar Chorcaigh acu agus chuadar chun cinn sa chraobh. D’imríodar an Cabhán i gcluiche leathcheannais na hÉireann i dTrá Lí i Lúnasa 1925 agus cé gur bhuaigh Ciarraí 1-7 le 2-3, chuir an Cabhán achomharc fé bhráid CLG in aghaidh chaptaen Chiarraí na bliana 1924, Phil ‘An Máistir’ Ó Súilleabháin.

Bhí sé curtha i leith an tSúilleabhánaigh gur imir sé caid le Coláiste na hOllscoile agus iománaíocht le Fág a’ Bealach i gcraobh Átha Cliath.

Caitheadh Ciarraí amach as an gcomórtas agus, le conach agus gomh, chuireadar siúd aighneacht fé bhráid CLG i gcoinne beirt d’imreoirí an Chabháin ag rá go rabhadar siúd, chomh maith, ag imirt go mídhleathach i gcontae eile.

Caitheadh an Cabhán amach as an gcomórtas craoibhe agus bronnadh craobh na hÉireann ar Mhaigh Eo a bhí tar éis buachtaint ar Loch Garman sa chluiche leathcheannais eile.

Dála Chiarraí, áfach, bhí Maigh Eo bocht tar éis imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann gan craobh an chúige bheith buaite acu. An mhí dár gcionn, bhuaigh an Ghaillimh orthu i gcluiche ceannais Chonnacht. Toisc ná féadfaí iad a áireamh mar churadh Chonnacht, ní fhéadfadh Maigh Eo bheith áirithe mar churadh uile-Éireann agus bronnadh an chraobh sin dá réir ar an nGaillimh!

Bhí an phraiseach ar fud na mias fén dtráth seo agus in iarracht cuma na hainnise a bhaint den gcraobh i 1925, shocraigh CLG ar mhalairt comórtais a reáchtáil idir bhuaiteoirí na gceithre chraobh cúige. Dhiúltaigh Ciarraí do chuireadh CLG agus níor ghlacadar páirt sa chomórtas nua. Ba bheag é spéis an phobail sa chomórtas chomh maith ach bhuaigh an Ghaillimh ar Loch Garman sa chluiche leathcheannais agus ar an gCabhán sa chluiche ceannais.

Féach inniu ar aon ord fiúntais agus chífidh tú gurb iad 1925, 1934, 1938, 1956, 1964, 1965, 1966, 1998 agus 2001 na blianta a bhuaigh an Ghaillimh craobh na hÉireann ach in aon argóintí an tseachtain seo, casfaidh Ciarraí craobh na bliana 1925 leo. Déarfar leo go raibh Ciarraíoch eile, Micheál ‘Eisirt’ Feiriteur ó Chathair Caoin, Baile an Fheirtéaraigh leo sa bhlian 1934 agus ná beadh craobh na bliana 1938 buaite acu gan Jack Flavin ó Mhaigh Mheáin! Fiú sa bhliain 1942, dhein Ciarraí a ndícheall don nGaillimh nuair a chuaigh Dan Larry Ó Cíobháin ó Dhún Chaoin ag imirt leo cé go raibh an lá le hÁth Cliath agus Joe Shiobhán Mac Gearailt ó Bhaile na nGall mar chaptaen i lár a’ ghoirt acu in éineacht lena chomhghleacaí ó Scoil na mBráithre sa Daingean, Mick Falvey.

’Sea, is breá le muintir Chiarraí bheith ag caint ar mhisinéirí na caide agus ar an soiscéal bheith á scaipeadh! Ní féidir linn, áfach, aon cheart a bhaint den nGaillimh i 1956, ná le linn ré órga na seascaidí ná go deimhin i mbuanna spleodracha na mblianta 1998 agus 2001.

Bíonn a gcuid féin le rá ag muintir na Gaillimhe le lucht an díomais i gCiarraí chomh maith.

Caitear spallaí inár dtreo fés na deiseanna a bhí ag imreoirí na Gaillimhe i dtreo dheireadh an chluiche ceannais i mbliain an dá mhíle. Deirtear chomh maith linn go mbeadh buaite ag an nGaillimh dá mbeadh Ja Fallon ag imirt agus dá mbeadh Kevin Walsh i mbarr a mhaitheasa an bhliain úd. An tseachtain seo féin, chuala cúpla babhta fén mbua gan choinne a bhí ag foireann fé 21 na Gaillimhe níos luaithe i mbliana ar shárfhoireann Chiarraí.

Níl aon amhras ná gur bhain san an ghaoth as sheolta mhuintir Chiarraí agus ní bheidh éinne sa chontae ag rith le brothall amárach ag súil le cluiche neafaiseach ón nGaillimh.

Ainneoin a dtreascartha trí seachtaine ó shin in aghaidh Ros Comáin, aithníonn an uile dhuine an gearradh agus an goile a bhí ar imreoirí na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Ba chosúil go raibh an cic sa tóin fachta, na ceachtanna foghlamtha agus an meon aigne dírithe go huile is go hiomlán ar an gcath a bhí rompu.

Beidh cath eile arís amárach ann agus más cruinn tuar na haimsire, beidh síorbháisteach leis ann. Tabharfaidh san an sárchluiche ceathrú ceannais idir na foirne in 2008 chun cuimhne, nuair a dhein an tríocha imreoir ar an bpáirc beag is fiú den aimsir agus chruthaíodar buanchuimhní geala a mhairfidh go deo don uile dhuine a bhí i láthair.

Leanfaidh an priocadh, is an bearradh, an leagadh is an leibhéal idir na Ciarraígh agus a gcéile comhraic go dtína 2 a chlog amárach ach b’fhéidir nár mhiste an focal scoir a fhágaint ag iarbháideoir na Gaillimhe, Pat Comer, a bhí chugham an tseachtain seo lena chuid gaoise.

Ag tagairt dó d’iar-imreoir rugbaí na hÉireann, Moss Keane, agus é ag prapáil do chluiche idirnáisiúnta in aghaidh Shasana a bhí Comer. Agus iad ar tí cur chun páirce, chuaigh captaen Shasana, Bill Beaumont i dtreo Keane sa tollán chun breith ar láimh air agus beannachtaí an lae a ghuíochtaint air. “May the best team win, old chap,” a dúirt Beaumont. D’aithin Keane caighdeán an imreora a bhí os a chomhair amach láithreach bonn agus ní raibh sé dall ach an oiread ar chumas Shasana: “cripes, I hope ye don’t!”

Is dóigh liom go ngéilleann mo sheanchara, Pat Comer, gurb iad Ciarraí cíoná na bhfoirne amárach, ach braithim uaidh go gcreideann sé go mbuafaidh an Ghaillimh!

Fág freagra ar 'CIARRAÍ v GAILLIMH: An priocadh, is an bearradh, an leagadh is an leibhéal!'