Ciarraí agus Baile Átha Cliath in adharca a chéile agus tús á chur leis an tSraith Peile Náisiúnta

Caitheann Tuairisc.ie súil ar an gcluiche mór i bPáirc an Chrócaigh anocht idir na foirne a d'imir i gCluiche Ceannais na hÉireann ceithre mhí ó shin agus ar chluiche an Domhnaigh idir Corcaigh agus Maigh Eo

Kevin McManamon (Baile Átha Cliath) agus Aidan O'Mahony (Ciarraí). INPHO/Cathal Noonan
Kevin McManamon (Baile Átha Cliath) agus Aidan O’Mahony (Ciarraí). INPHO/Cathal Noonan

Baile Átha Cliath v Ciarraí, Páirc an Chrócaigh, 7i.n

Cé go raibh an dá fhoireann seo ag féachaint a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, ná bí ag súil go mbeidh mórán nimhe sa choimhlint seo.

Dar ndóigh, ba eachtra idir Kieran Donaghy agus Philly McMahon ceann de na heachtraí ba mhó sa chluiche ceannais a tharraing caint ach ní bheidh ceachtar den bheirt ar fáil anocht. Tá McMahon ar fionraí agus tá Donaghy gafa le cúrsaí cispheile agus é ag imirt le Club Naomh Breandán i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann an deireadh seachtaine seo.

Seo an ceathrú huair ag Fitzmaurice a bheith i gceannas ar Chiarraí d’fheachtas sraithe agus níl áit sna babhtaí leathcheannais fiú bainte amach ag a fhoireann go fóill. Deir sé go bhfuil ceachtanna foghlamtha aige ó chluichí an earraigh ach má tá sé  dáiríre faoin gcomórtas seo a bhuachan i mbliana, beidh obair mhór le déanamh aige agus scata imreoirí tábhachtacha in easnamh air don chluiche anocht.

Ní bheidh fáil ar Donaghy, Colm Cooper, Anthony Maher, Paul Geaney, Aidan O’Mahony, Marc Ó Sé ná ar chaptaen na bliana seo, Bryan Sheehan. Ba é Sheehan ba mhó ba chúis le bua Chiarraí (0-15 in aghaidh 1-10) sa chluiche sraithe idir na foirne seo anuraidh tar éis dó sé phointe a aimsiú an lá sin i gCill Airne.

Is iad Baile Átha Cliath is fearr atá ag cruthú sa tsraith le tamall anuas agus an comórtas buaite trí huaire acu ó tháinig Jim Gavin isteach mar bhainisteoir trí bliana ó shin. Dála Fitzmaurice, tá roinnt imreoirí in easnamh ar Gavin ach ní an oiread céanna acu.

Tá an chuma air nach mbeidh Kevin McManamon, a chuaigh faoi scian roimh an Nollaig, tagtha chuige féin in am do chluiche na hoíche anocht agus is ar an dtaobhlíne freisin a bheidh a chomhghleacaí sna tosaithe, Paul Flynn go ceann cúpla seachtain eile ar a laghad.

Ceann de na cúraimí is mó atá ar Gavin sa tsraith i mbliana ná ionadaí a fháil do Rory O’Carroll atá imithe thar lear do 2016. Is é Jarlath Curley, ó Naomh Uinsionn, a bhí mar lánchúlaí ag Baile Átha Cliath i rith chomórtas Chorn Uí Bhroin ach beidh Gavin ag súil go mbláthóidh sé ag an leibhéal seo má tá sé chun deis a thabhairt dó sa chraobh.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Bainisteoir nua Mhaigh Eo, Stephen Rochford. INPHO/James Crombie
Bainisteoir nua Mhaigh Eo, Stephen Rochford. INPHO/James Crombie

Corcaigh v Maigh Eo, Páirc Uí Rinn, 2i.n. (Dé Domhnaigh)

Ar an Domhnach, casfaidh Peadar Healy agus Stephen Rochford ar a chéile agus iad i mbun bainistíochta ar a gcuid foirne don chéad uair sa tsraith. Cé gurbh é Rochford rogha na coitiantachta don phost le Maigh Eo nuair a d’éirigh Noel Connelly agus Pat Holmes as an fómhar seo caite, tháinig ceapachán Healy aniar aduaidh ar dhaoine.

Ní shin le rá nach bhfuil taithí ag fear Bhaile Bhuirne agus bhí sé ina roghnóir le Conor Counihan nuair a bhuaigh an contae Craobh na hÉireann i 2010. Chomh maith leis sin, bhí sé taobh le Donal Óg Cusack le hiománaithe an Chláir. Tá ceapachán fíor-spéisiúil déanta ag Healy féin freisin agus Eamonn Ryan, an fear a bhuaigh deich gCraobh na hÉireann le mná Chorcaí, tugtha isteach aige.

Cé go bhfuil foireann bainistíochta iomlán nua ag Corcaigh, níl aon athrú ró-mhór déanta fós ó thaobh imreoirí de. Tá tús maith curtha ag Healy lena sheal mar bhainisteoir agus Corn Mhic Craith buaite an tseachtain seo caite aige. Don chuid is mó, ba iad na himreoirí céanna a bhí anuraidh ag Corcaigh a bhí lárnach sa bhua sin agus deir an bainisteoir nua go mbeidh córas imeartha na bliana seo caite i bhfeidhm arís acu.

Ar an gcaoi chéanna, deir Stephen Rochford nach mbeidh ach athruithe anseo agus ansiúd á ndéanamh aige ó thaobh imreoirí de, ach ní bheidh de rogha aige ach seans a thabhairt d’fhir eile amárach agus suas le 15 imreoir in easnamh air.

Agus cluichí leathcheannais sinsear na hÉireann sroichte ag Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh agus cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí bainte amach ag Maolla-An Cheathrú Mór, tá imreoirí na gcumann sin fós in easnamh ar Rochford, chomh maith leo siúd atá gortaithe, Keith Higgins, Alan Dillon, Andy Moran, Seamus O’Shea agus an bheirt O’Connor.

Mar gheall air sin, deir Rochford gurb é an sprioc atá aige don tsraith ná áit Mhaigh Eo i Roinn 1 a choinneáil. Má cheapann sé go laghdóidh an méid sin ar an mbrú a bheidh ar a fhoireann i gcaitheamh an tsamhraidh, tá dul amú air.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Dé Sathairn, 30 Eanáir

Roinn Peile 1

An Dún v Dún na nGall, Páirc Esler, 7i.n.

Baile Átha Cliath v Ciarraí, Páirc an Chrócaigh, 7i.n.

Dé Domhnaigh, 31 Eanáir

Roinn Peile 1

Corcaigh v Maigh Eo, Páirc Uí Rinn, 2i.n.

Ros Comáin v Muineachán, Cill Tuama, 2i.n.

Roinn Peile 2

Doire v Fear Manach, Páirc na gCeilt, 2.15i.n.

An Mhí v Ard Mhacha, Páirc Tailteann, 2i.n.

Tír Eoghain v Ard Mhacha, Ómaigh, 2i.n.

Laois v Gaillimh, Páirc Uí Mhórdha, 2i.n.

Roinn Peile 3

An Clár v Sligeach, Sráid na Cathrach, 2i.n.

Luimneach v Tiobraid Árann, Cill Mocheallóg, 2i.n.

Uíbh Fhailí v An Longfort, Páirc Uí Chonchúir, 2i.n.

An Iarmhí v Cill Dara, Páirc Uí Chíosóg, 2i.n.

Roinn Peile 4

Lú v Londain, Páirc na nGael, 1i.n.

Ceatharlach v Aontroim, Páirc Uí Chuilinn, 2i.n.

Loch Garman v Liatroim, Inis Córthaidh, 2i.n.

Cill Mhantáin v Port Láirge, Eachroim, 2i.n.