Ciarraí ag súil nach ligfidh siad deis eile tharstu tráthnóna

Tabharfaidh Ciarraí agus Baile Átha Cliath aghaidh ar a chéile arís tráthnóna i gcluiche ceannais Roinn 1 agus tabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Chill Dara i gcluiche ceannais Roinn 2

Ciarraí ag súil nach ligfidh siad deis eile tharstu tráthnóna

Paul Flynn ag ceiliúradh i gcluiche ceannais na sraithe anuraidh. INPHO/Cathal Noonan

Baile Átha Cliath v Ciarraí, Páirc an Chrócaigh, 4pm.

An é seo an lá a sháróidh Ciarraí Baile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh? Ba í an uair dheireanach a bhuaigh fir na Ríochta ar fhoireann Bhaile Átha Cliath i gceannáras CLG ná cúig bliana ó shin, in earrach na bliana 2012. Ó shin i leith, tá seacht gcluiche, trí cinn sa tsraith agus ceithre cinn sa gcraobh caillte ag Ciarraí in aghaidh Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh.

Idir na cluichí a d’imir na foirne le cúpla bliain anuas agus an t-achrann a bhí ann sa chluiche eatarthu i dTrá Lí an mhí seo caite, níor cheart go mbeadh aon easpa díocais ar na himreoirí tráthnóna. Cheapfá go mbeadh dúrúch níos mó ar Chiarraí ach tá léirithe ag fir na príomhchathrach arís agus arís eile, go ngoillfeadh sé go mór orthu géilleadh d’fhoireann Fitzmaurice.

Is cúis aiféala é do Chiarraí nár bhuaigh siad an oíche sin i dTrá Lí mar níl aon amhras ach bhfuil Baile Átha Cliath éirithe níos láidre ó shin. Ní raibh fir Jim Gavin i mbarr a maitheasa ag tús na sraithe ach ón gcluiche sin i gCiarraí i leith, tá cuid de na himreoirí is mó taithí dá bhfuil acu, leithéidí Bernard Brogan, Paul Flynn, agus Diarmuid Connolly, tagtha ar ais agus bhí siad ar fheabhas sa chúpla cluiche deireanach a bhí acu – in aghaidh Ros Comáin agus go háirithe in aghaidh Mhuineacháin nuair a tháinig an crú ar an tairne.

Mar sin féin, ní ag dul in olcas atá foireann Fitzmaurice agus comhscór leis an gCabhán agus bua i gcoinne Thír Eoghain acu ó shin. Fós féin beidh sé ag dó na geirbe acu i gcónaí gur chaith siad uathu an deis iontach a bhí acu Baile Átha Cliath a chloí.

Os a choinne sin, ní údar díomá amháin a bhí acu i ndiaidh an chluiche sin i bPáirc Aibhistín de Staic. Tá an ceann is fearr faighte ag Brian Fenton ar Chiarraí i lár na páirce le tamall anuas ach bhí David Moran agus Jack Barry ar fheabhas coicís ó shin agus Fenton féin an-chiúin dá bharr. Chomh maith leis sin, d’éirigh le Ciarraí cúpla seans ar chúl a chruthú sa chluiche céanna agus dá mbeadh siad sin aimsithe ag Paul Geaney agus Paul Murphy, bhí an lá leo.

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil an bhearna chéanna idir na foirne agus a bhí i ndiaidh na sraithe anuraidh, ba mhisniúil an té a déarfadh nach dtabharfadh Baile Átha Cliath a gcúigiú craobh as a chéile leo tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Barry McHugh (Gaillimh) ag iarraidh stop a chur le Eddie Heavey (Cill Dara). INPHO/Mike Shaughnessy

Gaillimh v Cill Dara, Páirc an Chrócaigh, 2pm.

Coimhlint aisteach é seo idir Gaillimh agus Cill Dara tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh. Cé nach bhfuil ach seachtain caite ó chas na foirne seo ar a chéile cheana, ní fiú mórán an cluiche sin ó thaobh na hanailíse de mar go ndearnadh an oiread sin athruithe ar fhoireann Chill Dara.

Chomh maith leis sin, cé go mbronnfar corn ag deireadh an chluiche seo, is beag seans go gcuirfidh an toradh isteach ná amach ar cheachtar foireann, chomh fada is nach mbuailtear greadadh uafásach orthu. Ar ndóigh, ba mhaith leis na bainisteoirí, Kevin Walsh agus Cian O’Neill, cluiche an lae inniu a bhuachan ach ba í an sprioc a bhí ag an dá fhoireann i rith an earraigh ná an t-ardú céime a bhaint amach, rud atá déanta cheana acu.

Ina dhiaidh sin féin, ba mhór an faoiseamh a bheadh ann do Ghaillimh dá mbeadh siad in ann a gcéad bhua a fháil i bPáirc an Chrócaigh ó chluiche ceannais na hÉireann in 2001. Tá aon chluiche dhéag imeartha acu i gceannáras CLG ó shin, cluichí craoibhe le ceithre bliana anuas san áireamh, agus ba é an cluiche comhscóir in aghaidh Dhún na nGall sa tsraith an t-aon uair nár fhág an ardchathair agus a n-eireaball ina ngabhal acu.

Bhí Cill Dara ar fheabhas sa tsraith nó gur chaill siad an tseachtain seo caite ach bíonn deacracht ar leith i gcónaí acu Gaillimh a bhualadh. Tá sé chluiche sraithe imeartha ag na foirne seo ó thús na mílaoise agus níl ceann ar bith acu buaite ag Cill Dara.

Seans gur leo a bheidh an lá tráthnóna, áfach. Mar ba léir nuair a chaill siad in aghaidh Thiobraid Árann anuraidh, scaiptear amach cosantóirí na Gaillimhe ar pháirc mhór Pháirc an Chrócaigh agus seans go dtarlóidh an rud céanna arís dóibh tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Dara

Fág freagra ar 'Ciarraí ag súil nach ligfidh siad deis eile tharstu tráthnóna'