Ciarraí ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo sa tsraith den chéad uair ó 2011

Cad atá i ndán do Chiarraí i gCaisleán an Bharraigh agus an bua eile fós atá i ndán do Phort Láirge in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa tSraith Iomána?

Lee Keegan (Maigh Eo) agus Stephen O’Brien (Ciarraí). INPHO/James Crombie
Lee Keegan (Maigh Eo) agus Stephen O’Brien (Ciarraí). INPHO/James Crombie

Maigh Eo v Ciarraí, Páirc Mhic Éil, 2.30i.n.

Agus an chuma air cheana féin nach seal rófhada a bheidh ag Contae an Dúin i Roinn 1 den tsraith peile, d’fhéadfadh gur Ciarraí, Maigh Eo, Muineachán nó Corcaigh a bheadh ag dul síos go dtí Roinn 2 leo an bhliain seo chugainn. Tá an ceithre fhoireann sin ag imirt a chéile inniu agus iad uile ag iarraidh an t-ísliú céime a sheachaint.

os cionn deich mbliana ann ó díbríodh foireann as Roinn 1 agus sé phointe buaite acu. Dá bharr sin, ba dhóigh leat go mbeadh Muineachán nó Ciarraí slán dá n-éireoidh leo an bua a fháil inniu ach ó tharla go bhfuil Maigh Eo agus Corcaigh i mbaol a ndíbeartha freisin, ní bheidh sé éasca acu.

Ciarraí ag tabhairt cuairt ar Chaisleán an Bharraigh agus borradh faoi Mhaigh Eo tar éis dóibh a gcéad chluiche a bhuachan i sraith na bliana seo in aghaidh Mhuineacháin an tseachtain seo caite.

Mar bharr ar an donas d’Éamonn Fitzmaurice, is ag Maigh Eo atá an lámh in uachtar ó thaobh na gcoimhlintí sraithe idir na foirne le roinnt blianta anuas. Tá 11 cluiche imeartha eatarthu sa tsraith le deich mbliana anuas agus tá ocht gcinn acu buaite ag fir Mhaigh Eo, na cúig cinn is déanaí san áireamh.

Bhí roinnt mhaith imreoirí in easnamh ar Stephen Rochford do na chéad bhabhtaí den tsraith ach cé nach bhfuil teacht aige fós ar imreoirí Chaisleán an Bharraigh, atá ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann Déardaoin, tá faoiseamh de shaghas faighte ag Rochford ó tharla Alan Freeman, Alan Dillon agus Michael Conroy tagtha chucu féin.

Bhí gortuithe ag cur as do Chiarraí ag tús an earraigh chomh maith agus sin ceann de na cúiseanna go bhfuil 33 imreoir, níos mó aon fhoireann eile, curtha chun páirce go dtí seo ag Éamonn Fitzmaurice.

go raibh neart scliúchais ina gcluiche in aghaidh Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite, ba é Alan Fitzgerald, a fuair cárta dearg i dTrá Lí, an t-aon Chiarraíoch a d’imir sa chluiche sin nach mbeidh fáil arís air.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Íomhá ón gcluiche idir Port Láirge agus Baile Átha Cliath i INPHO/Cathal Noonan
Íomhá ón gcluiche idir Port Láirge agus Baile Átha Cliath i INPHO/Cathal Noonan

Port Láirge v Baile Átha Cliath, Páirc an Bhreathnaigh, 2i.n.

Ar bhealach, is iad Baile Átha Cliath a chabhraigh ar dtús leis an dul chun cinn atá déanta ag iománaithe Phort Láirge le breis is bliain anuas. Is i gcoinne fhoireann na príomhchathrach a bhí na Déisigh ag imirt an uair dheireanach ar chaill siad cluiche sraithe, ag deireadh an Mhárta 2014.

Cluiche dícháilithe a bhí sa chluiche sin agus tar éis do Loch Garman iad a dhíbirt ón gcraobh an samhradh sin tháinig deireadh le ré Michael Ryan mar bhainisteoir ar Phort Láirge. Tháinig Derek McGrath isteach ina áit agus tá siad imithe ó neart go neart ó shin.

11 cluiche sraithe anois imeartha ag foireann McGrath gan aon cheann a chailleadh. Tá a dtrí chluiche i sraith na bliana seo buaite acu agus áit bainte amach acu cheana féin sa bhabhta ceathrú ceannais. Tabharfaidh sé sin seans do McGrath súil a chaitheamh ar imreoirí nua, má an deis sin uaidh.

Bhain an bainisteoir triail as Austin Gleeson mar lántosach an deireadh seachtaine seo caite in aghaidh Thiobraid Árann, agus cé go raibh Port Láirge ceithre phointe chun deiridh ar a gcéilí comhraic ag leath ama sa chluiche sin, tháinig siad ar ais go láidir sa dara leath agus ba é Gleeson a scóráil ó phoc saor ar an mbuille deireanach chun an bua a thabhairt do Phort Láirge.

Bhí an bua chomh maith ag Baile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, iad ag tabhairt greadadh d’iománaithe Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh.

gur chuir Baile Átha Cliath drochthús leis an tsraith agus bua bog ag Tiobraid Árann orthu, tá imreoirí Ger Cunningham tagtha chucu féin ó shin agus buanna maithe faighte acu in aghaidh Chorcaí agus in aghaidh na Gaillimhe.

Bhí Liam Rushe in easnamh don chéad chluiche sin in aghaidh Thiobraid Árann ach tá cuma i bhfad níos láidre anois ar aonad cosanta Bhaile Átha Cliath agus Rushe sa líne leathchúl. Caithfidh sé a bheith i mbarr a mhaitheasa tráthnóna má féin agus a chomhghleacaithe chun an ceann is fearr a fháil ar fhoireann atá lán le fuinneamh agus éadrom ar a gcois.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

Fág freagra ar 'Ciarraí ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo sa tsraith den chéad uair ó 2011'