Ciarán Ó hÓgartaigh ceaptha ina Uachtarán ar ÓE, Gaillimh agus é ag súil le filleadh ar a ‘chathair dhúchais’

Cainteoir líofa Gaeilge as cathair na Gaillimhe é Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán nua Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ciarán Ó hÓgartaigh ceaptha ina Uachtarán ar ÓE, Gaillimh agus é ag súil le filleadh ar a ‘chathair dhúchais’

Tá sé fógartha inniu ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go bhfuil an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ceaptha mar an 13ú hUachtarán ar an Ollscoil.

Cuirfidh Ó hÓgartaigh, ar cainteoir líofa Gaeilge é, tús lena théarma mar Uachtarán in Eanáir 2018 agus tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an Dr Jim Browne atá ina uachtarán le deich mbliana anuas.

Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh gur “mór an onóir” dó a bheith ceaptha mar Uachtarán ar OÉ Gaillimh, “a alma mater féin”.

“Nuair a áirítear an oidhreacht agus an réigiún uathúil atá ag an Ollscoil, chomh maith le hardchaighdeán na ndaoine, agus bua agus doimhneacht an taighde agus eispéireas na mac léinn, tá deis iontach ag OÉ Gaillimh cur leis an gcáil atá uirthi agus a tionchar go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

“Táim ag súil go mór le filleadh ar mo chathair dhúchais agus ar an Ollscoil a chuaigh go mór i bhfeidhm orm agus le dul i mbun oibre i gcomhpháirt le mo chomhghleacaithe nua ar mhaithe lenár mic léinn agus leis an tsochaí i gcoitinne,” a dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh.

Cainteoir líofa Gaeilge é Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, fear a raibh aithne mhór air i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta agus a bhfuil gradam Ghaillimh le Gaeilge ainmnithe ina dhiaidh. Tá Ciarán Ó hÓgartaigh féin ina Chathaoirleach ar phainéal moltóireachta  Ghradam Uí Ógartaigh le roinnt mhaith blianta.       

Bhain conspóid mhór le cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anuraidh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán.

Pléadh an cheist i dTithe an Oireachtais agus dúirt duine d‘iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh gur údar ‘díomá’ ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.

Léirigh cáipéisí a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gurbh í an argóint ba mhó a bhí acu siúd a bhí ar son deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge ná go raibh a leithéid ina bhac ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí idirnáisiúnta.

Tógadh Ó hÓgartaigh le Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. I gColáiste Iognáid sa chathair a fuair sé a chuid meánoideachais agus bhain sé an dara háit sa tír amach sa Ghaeilge san Ardteist i 1985.

Tá an tOllamh Ó hÓgartaigh ina Dhéan ar Choláiste an Ghnó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) ó 2011, áit a bhfuil sé i gceannas ar Scoil Ghnó Lochlainn Uí Chuinn UCD, Scoil Chéimithe Gnó Michael Smurfit UCD, agus UCD Smurfit Executive Development. Tá sé i gceannas chomh maith ar na cláir thar lear in Hong Cong, Singeapór agus Srí Lanca. 

Sular aistrigh sé go dtí Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath in 2008, thug sé tréimhse ag obair in Ollscoil Victoria in Wellington sa Nua-Shéalainn.

Chuir an Breitheamh Onórach Catherine McGuinness, Cathaoirleach Údarás na hOllscoile, fáilte roimh an gceapachán.

“Ó thús an phróisis seo, bhí ceannaire á lorg againn atá in ann cur leis an dul chun cinn suntasach atá déanta le linn uachtaránacht an Dr Jim Browne agus atá in ann foireann agus mic léinn OÉ Gaillimh a spreagadh chun tuilleadh ratha a bhaint amach san Ollscoil iontach seo.

“Ón méid atá bainte amach aige mar cheannaire go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, tá sé léirithe ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh go bhfuil an taithí agus an fhís atá riachtanach don ról seo aige, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis ar chur chun cinn na hOllscoile amach anseo.”

Dúirt Uachtarán na hOllscoile, an Dr Jim Browne, go raibh “ceannaireacht láidir acadúil” léirithe ag an Ollamh Ó hÓgartaigh agus go raibh “go leor bainte amach aige i réimse an idirnáisiúnaithe”.

“Cuirim fáilte roimh Chiarán chuig OÉ Gaillimh agus guím gach rath air agus é ag tabhairt ceannaireachta ar phobal iontach na hOllscoile – idir chomhaltaí foirne agus mhic léinn – chun go mbeidh deis acu ar fad barr a gcumais a bhaint amach,” a dúirt an Dr Jim Browne.

Fág freagra ar 'Ciarán Ó hÓgartaigh ceaptha ina Uachtarán ar ÓE, Gaillimh agus é ag súil le filleadh ar a ‘chathair dhúchais’'

  • Paddy

    Comhghairdeas leat a Chiaran! Beir bua ‘s beannacht

  • Lillis Ó Laoire

    Comhghairdeas le Ciarán.

  • Con

    Go n-eiri do ghradam nua leat, go mairir is go gcaithir tearma mor fada i mbun do phoist. Leiriu e seo go bhfuil iarrthoiri den scoth ar lic an dorais againn fein chun foluntais den sort seo a lionadh agus nach ga i gconai iad a thabhairt isteach o thar lear.

  • Liamo

    Comhghairdeas leis. Dea-scéal go bhfuil cainteoir dúchais ó Chathair na Gaillimhe ceaptha mar Uachtarán nua ar ÓÉG.