Ciall, cluichí cáilithe agus camógaíocht – ceachtanna CLG an deireadh seachtaine

Agus an babhta deireanach den tsraith iomána sroichte againn, is ar ardú agus ísliú céime a bhí go leor den chaint dírithe. Caitheann Tuairisc.ie súil chomh maith ar ghaiscí fhoireann camógaíochta na Gaillimhe agus ciall Ard Chomhairle CLG

Bainisteoir Laoise, Séamus Plunkett. INPHO/Dan Sheridan
Bainisteoir Laoise, Séamus Plunkett. INPHO/Dan Sheridan

Dóchas ag Corcaigh agus Laois agus gan aon chluiche buaite acu

Go hiondúil nuair is sraith atá i gceist, is iad an fhoireann is lú pointí a fhaigheann an t-ísliú céime. Ní shin mar a tharlaíonn sa tsraith iomána áfach. I mbliana, tá deis ag Corcaigh agus Laois a n-áiteanna i Roinn 1A agus 1B faoi seach a choinneáil cé gur chaill siad gach cluiche sraithe a d’imir siad i rith an Earraigh.

Ciarraí anois i mbaol ísliú céime i Roinn 1B cé gur chríochnaigh siad le ceithre phointe níos mó Laois agus ní haon iontas gur cháin bainisteoir na gCiarraíoch Ciarán Carey an córas atá ann faoi láthair.

bhíonn cluiche cáilithe nó dícháilithe i gceist, seans go mbeadh sé níos féaráilte dá mbeadh cluiche ann idir an fhoireann a chríochnaíonn sa dara háit i Roinn 1B agus an fhoireann a chríochnaíonn sa dara háit ar bun Roinn 1A.

Iománaithae na Gaillimhe agus Chorcaí a bheidh ag imirt a chéile sa chluiche dícháilithe. INPHO/Mike Shaughnessy
Iománaithae na Gaillimhe agus Chorcaí a bheidh ag imirt a chéile sa chluiche dícháilithe. INPHO/Mike Shaughnessy

Ó bhun na sraithe go barr na craoibhe

go bhfuil Corcaigh agus Gaillimh anois sa chluiche dícháilithe sin i Roinn 1A, más aon chomhartha an t-am atá thart, ní dhéanfaidh sé aon dochar dóibh don chraobh.

Ó cuireadh ‘an cluiche dícháilithe’ ar bun in 2012, d’éirigh le ceithre fhoireann a bhí páirteach ann cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach. Ba í 2014, nuair a d’imir Baile Átha Cliath agus Port Láirge a chéile sa chluiche dícháilithe, an t-aon bhliain nár shroich ceann de na foirne a ghlac páirt sa chluiche dícháilithe Páirc an Chrócaigh i mí Mheán Fómhair.

D’éirigh leis na Gaillimhigh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath an chéad uair ar imríodh an cluiche dícháilithe ceithre bliana ó shin agus chuaigh foireann Anthony Cunningham chomh fada leis an gcluiche ceannais an bhliain sin. In 2013, ba iad Corcaigh agus an Clár a chas ar a chéile ag deireadh na sraithe. Dar ndóigh, chas siad ar a chéile arís i mí Mheán Fómhair nuair a thug an Clár Corn Mhic Cárthaigh leo i ndiaidh athimeartha. Anuraidh, sháraigh Cill Chainnigh an Clár sa chluiche dícháilithe agus bhuaigh siad ar Ghaillimh ag deireadh na craoibhe.

Louise O'Leary (Loch Garman) ag iarraidh stop a chur le Aoife Callanan (Gaillimh). INPHO/Ryan Byrne
Louise O’Leary (Loch Garman) ag iarraidh stop a chur le Aoife Callanan (Gaillimh). INPHO/Ryan Byrne

Mná na Gaillimhe ag ceann an tslua sa chamógaíocht

go bhfuil iománaithe na Gaillimhe fós ag dul i dtaithí ar a mbainisteoir nua, tá foireann camógaíochta an chontae ag dul ó neart go neart faoi chúram fhear nua. Cosúil leis na fir, tháinig bainisteoir nua na mban isteach tar éis dóibh cliseadh i gcluiche ceannais na hÉireann ach tá déanta ar fheabhas ag Ollie Bergin agus a fhoireann go dtí seo sa tsraith agus a gceithre chluiche go dtí seo buaite acu.

Agus cluiche dícháilithe i ndán do na fir, fágann bua na mban ar Loch Garman ag an deireadh seachtaine go bhfuil seans maith acu corn na sraithe a thug siad leo anuraidh a bhuachan arís in 2016 agus an cluiche leathcheannais sroichte acu ar a laghad.

Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail agus Ard Stiúrthóir CLG Paraic Duffy. INPHO/Ryan Byrne
Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail agus Ard Stiúrthóir CLG Paraic Duffy. INPHO/Ryan Byrne

Ciall ag an Ard-Chomhairle

Bhí Ard-Chomhairle CLG gnóthach ag an deireadh seachtaine agus é fógartha go bhfuil roinnt cinntí déanta acu maidir le cúpla cesit a cuireadh faoina mbráid. Fógraíodh go raibh deireadh le teacht leis na cluichí leathcheannais i Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile, go raibh siad chun cluiche ceannais na craoibhe Faoi-21 a imirt níos luaithe sa bhliain agus go raibh siad chun cluichí sraithe sa pheil agus san iomáint a chur ar siúl ar an deireadh seachtaine céanna níos minice.

Cinntí ciallmhara a bhí iontu uile a dhéanfadh an séasúr idirchontae níos giorra ach is í an cheist anois ná cén fáth nach ndéanann an Ard-Chomhairle cinntí dá leithéid níos minice?

Ag Comhdháil CLG an mhí seo caite, theip ar dhá rún maidir le fad an tséasúir idirchontae a cheapfá a bhí chomh ciallmhar céanna. Ba é a bhí i gceist an uair sin ná dátaí chluichí ceannais na hÉireann a thabhairt chun cinn coicís agus deireadh a chur le cluichí athimeartha seachas i gcás cluichí ceannais. Faraor, theip ar an dá rún agus an chuma ar an scéal go raibh faitíos ar na toscairí go gcaillfidís airgead.

Níl an Ard-Chomhairle gan locht, mar a léirigh siad nuair a rinne siad iarracht craobh ‘B’ a thabhairt isteach ag an gComhdháil chéanna, ach b’fhéidir go bhfuil sé in am beagáinín níos mó saoirse a thabhairt dóibh ó thaobh ceisteanna den chineál seo.

Fág freagra ar 'Ciall, cluichí cáilithe agus camógaíocht – ceachtanna CLG an deireadh seachtaine'