‘Chuirfinn barr feabhais ar mo chuid Gaeilge agus chuirfinn i bhfeidhm polasaí teanga an rialtais ‘ina iomláine’ – Coveney

Dúirt Simon Coveney le Tuairisc.ie go bhfuil ranganna Gaeilge déanta aige le ‘cainteoir dúchais as Connachta’ agus go gcuirfeadh sé barr feabhais ar a chuid Gaeilge dá mbeadh sé ina Thaoiseach

‘Chuirfinn barr feabhais ar mo chuid Gaeilge agus chuirfinn i bhfeidhm polasaí teanga an rialtais ‘ina iomláine’ – Coveney

Simon Coveney. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie 

Níl polasaí sonrach Gaeilge ag an Aire Simon Coveney, atá san iomaíocht do cheannaireacht a pháirtí, ach dúirt sé le Tuairisc.ie go bhfuil polasaí ag Fine Gael cheana féin maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus go gcuirfeadh sé i bhfeidhm “ina iomláine” an polasaí sin.

“Maidir le polasaí, ní dhearnamar polasaí amach do gach uile réimse; sa cháipéis a seoladh le deireanas bhí cúpla smaoineamh mór don tír ar fad, níor dhíríomar ar gach uile réimse. Tá polasaí rialtais ann cheana féin agus tá sé i gceist agam na polasaithe sin a chur i bhfeidhm ina n-iomláine,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin nach raibh aon ráiteas le déanamh aige maidir le ceapachán Airí nó ranna nua rialtais a bhunú sa chás go n-éireodh leis oifig an Taoisigh a bhaint amach, agus mar sin nach raibh aon ráiteas le déanamh aige maidir le duine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge aige a cheapadh mar Aire Rialtais sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá fíorbheagán Gaeilge ag an Aire Coveney, níos lú ná mar atá ag a chéile iomaíochta, Leo Varadkar, ach dúirt Coveney le Tuairisc.ie go bhfuil ranganna Gaeilge déanta aige san am a chuaigh thart le “cainteoir dúchais as Connachta”.

“Níl aon ranganna déanta agam sa chúram atá orm faoi láthair [sa Roinn Tithíochta], mar gheall ar an méid oibre atá i gceist cheana féin, ach rinne mé ranganna nuair a bhí mé sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus mé ag plé le hiascairí agus feirmeoirí Gaeltachta agus oileánda.

“Is ó mo pháistí, atá ag freastal ar Ghaelscoil, a fhoghlaimím an méid is mó Gaeilge i láthair na huaire. Dá mbeadh mé i mo Thaoiseach, chuirfeadh mé barr feabhais ar an mbunGhaeilge atá agam,” a dúirt Coveney le Tuairisc.ie.

Dúirt an tAire Coveney ag an deireadh seachtaine go raibh gá le plean “forásach, uaillmhianach” don Ghaeilge. 

Cuireadh tús inné leis an vótáil i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael agus fógrófar an buaiteoir Dé hAoine.

Thrácht Coveney agus Leo Varadkar ar cheist na Gaeilge le linn na díospóireachta ceannaireachta a bhí ar siúl sa Ghaillimh Dé Sathairn.

mír faoin nGaeilge sa cháipéis pholasaí a d’fhoilsigh Leo Varadkar mar chuid den toghchán.

Fág freagra ar '‘Chuirfinn barr feabhais ar mo chuid Gaeilge agus chuirfinn i bhfeidhm polasaí teanga an rialtais ‘ina iomláine’ – Coveney'