Chuirfí tús le bunú lárionad Gaeilge i lár BÁC laistigh de bhliain, de réir na moltaí i dtuarascáil nua

Ar na moltaí atá déanta ag Grúpa Comhairliúcháin Shráid an Mhúraigh, tá lárionad Gaeilge ar Shráid an Mhúraigh, ina mbeidh amharclann, caifé agus áiseanna eile cultúir, sóisialta, gnó agus fiontraíochta

Chuirfí tús le bunú lárionad Gaeilge i lár BÁC laistigh de bhliain, de réir na moltaí i dtuarascáil nua

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cuirfear tús le bunú mórionad Gaeilge i gcroílár Bhaile Átha Cliath taobh istigh de bhliain má ghlactar leis na moltaí a dhéantar i dtuarascáil nua faoin bhforbairt atá le déanamh ar Shráid an Mhúraigh, tuarascáil atá foilsithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ar na moltaí a rinne Grúpa Comhairleach Shráid an Mhúraigh don tsráid, tá lárionad Gaeilge, ina mbeadh amharclann, caifé agus áiseanna cultúir, sóisialta, gnó agus fiontraíochta eile.

Cuirfidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, moltaí na tuarascála faoi bhráid an Rialtais go luath.

Deirtear sa tuarascáil, The Moore Street Report: Securing History, chomh maith go luíonn sé le réasún go mbeadh spás oifige ar fáil sa lárionad Gaeilge nua d’eagraíochtaí teanga atá maoinithe ag an Stát. 

“The potential opportunities for the location of some State functions relating to the Irish language in Moore Street should be urgently considered, given that existing alternative rental arrangements already incur substantial costs for the Exchequer,” a deirtear sa tuarascáil.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le déanaí, d’iarr iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar Phríomhfheidhmeannach agus ar Chathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge gan socrú fadtéarmach a dhéanamh maidir le cóiríocht oifige nua nó go bhfeicfí cén rath a bheadh ar an bplean do lárionad Gaeilge nua ar Shráid an Mhúraigh.

Ghlac Bord an Fhorais teanga le déanaí le moladh go n-aistreofaí ceannáras na heagraíochta go dtí Sráid Amiens agus tuairiscíodh go raibh léas 20 bliain á aontú do cheannáras nua ansin.

Tagraítear sa tuarascáil nua freisin do na forbairtí atá beartaithe ag Conradh na Gaeilge ar cheannáras na heagraíochta sin ar Shráid Fhearchair, atá ar an taobh eile den chathair. Deirtear nár cheart go gcuirfeadh na moltaí atá sa cháipéis a foilsíodh inniu as do na moltaí maidir le 6 Sráid Fhearchair ó tharla go bhfuil dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le stair na tíre agus le stair Ghluaiseacht na Gaeilge.

De réir na moltaí atá sa tuarascáil, chaomhnófaí na tithe ar Shráid an Mhúraigh mar atá agus bheadh gnéithe den lárionad Gaeilge i ngach ceann acu. Chuirfí amharclann, caifé agus teach tábhairne i dteach amháin, mar shampla, agus bheadh taispeántas buan faoi stair an cheantair agus faoi stair na Gaeilge sa cheantar i dteach eile. Moltar freisin spás i gcomhair taispeántais ealaíne, ceoil, agus seoltaí leabhair chomh maith le seomraí a bheadh ar fáil ar cíos i gcomhair ranganna ceoil, damhsa agus teanga.

Moltar go gcuirfí grúpa comhairleach ar bun as seo go ceann sé seachtaine agus go ndeimhneofaí plean d’fhorbairt na sráide agus na lánaí ina timpeall sé mhí ina dhiaidh sin agus go gcuirfí iarratas ar chead pleanála faoi bhráid na Comhairle Cathrach sé mhí ina dhiaidh sin arís.

Deirtear gur mhaith a d’fheilfeadh an suíomh do lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath mar gheall ar an gceangal atá ag an áit le stair na tíre. Bhásaigh Mícheál Ó Rathghaille, nó an Rathghailleach, ar Lána Saicbhil (Páráid Uí Rathghaille sa lá atá inniu ann) agus is sna tithe atá luaite leis an bplean a chinn ceannairí an Éirí Amach, Pádraig Mac Piarais ina measc, éirí as an troid.

Maítear freisin gur suíomh lárnach atá i Sráid an Mhúraigh agus go mbeadh teacht ag “muintir na cathrach ar fad” ar an áit tríd an gcóras iompair poiblí — ar na busanna a théann trasna na cathrach agus ar an gcóras tram, LUAS, a thrasnaíonn an chathair ón oirthear go dtí an t-iarthar.

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys go raibh “áthas” uirthi go bhfuil “bealach chun cinn atá bunaithe ar chomhaontú á lorg sa tuarascáil”.

“Creidim go bhféadfaidh moltaí na Tuarascála cabhrú linn bealach a fháil le beocht a chur i gceantar Shráid an Mhúraigh, agus ag an am céanna stair na háite a chaomhnú agus an margadh traidisiúnta sráide a fheabhsú.

“Léirítear leis an Tuarascáil an fhéidearthacht a bhaineann le toradh réamhshocraithe, lena ndéantar dearcthaí éagsúla na bpáirtithe leasmhara is tábhachtaí a léiriú. Tacaím go hiomlán leis an gcur chuige cuiditheach seo agus ba mhaith liom dá gcuirfí le hobair an Ghrúpa, sa dóigh is go bhféadfadh muid bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.  Mar sin de, beidh mé ag moladh don Rialtas go mbunófar Grúpa Comhairliúcháin nua mar atá molta sa Tuarascáil seo leis an bpróiseas a bhrú chun cinn.”

Fág freagra ar 'Chuirfí tús le bunú lárionad Gaeilge i lár BÁC laistigh de bhliain, de réir na moltaí i dtuarascáil nua'