‘Chuir sé déistin orm’ a deir Máire Mhac an tSaoi faoi dhíspeagadh ar an Uachtarán

Agallamh speisialta físe leis an bhfile le foilsiú ar Tuairisc.ie amárach

 

M Mhac an tSaoi_2

‘Comhartha drochmheasa’ orainn ar fad a bhí sa chaitheamh anuas a dhein lucht agóide ar an Uachtarán Michael D Higgins agus é ar cuairt ar scoil le déanaí, dar leis an bhfile Máire Mhac an tSaoi.

B’shin cuid dá raibh le rá ag an bhfile aitheanta in agallamh speisialta físe le Tuairisc.ie a fhoilseofar amárach.

“Caithfidh mé a rá gur chuir sé déistin orm mar a chaith an slua an lá fé dheireadh lenár nUachtarán, fear deas macánta ná raibh á dhéanamh aige ach a dhiúité agus comhartha drochmheasa ní hamháin ar an Rialtas ach orainne, ar an bpobal, a bhí ann. Sinne, tar éis an tsaoil, a thogh an tUachtarán,” a dúirt Máire Mhac an tSaoi.

San agallamh físe le Tuairisc.ie, labhrann an file, atá 93 bliain d’aois, faoina saol agus a saothar.

Labhrann sí chomh maith faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge, faoin drochíde a tugadh do mhná agus do pháistí san am atá caite agus faoi conas mar ba mhaith léi go gcuimhneofaí uirthi.

Fág freagra ar '‘Chuir sé déistin orm’ a deir Máire Mhac an tSaoi faoi dhíspeagadh ar an Uachtarán'