Chuidigh an tSean-Ghaeilge le fear teangacha an ceann is fearr a fháil ar an Gestapo…

Tá scéal suimiúil le hinsint faoi scoláirí an Bhlascaoid agus na Naitsithe…

Chuidigh an tSean-Ghaeilge le fear teangacha an ceann is fearr a fháil ar an Gestapo…

Nuair a bhain an Iorua saoirse pholaitíochta amach ón tSualainn i 1905, bhí mórtas cine as an nua le braistint i measc na ndaoine ann agus suim thar na bearta i stair na tíre, go háirithe i scéal na Lochlannach.

Go luath ina dhiaidh, beartaíodh scoláire óg a chur go hÉirinn chun an ceangal idir na Lochlannaigh agus lucht na Gaeilge, na Ceiltigh, a fhiosrú.

Ba i 1907 a tháinig Carl Marstrander chun an Bhlascaoid agus chaith sé cúig mhí ann. Ba léir dá chuid léachtóirí in Ollscoil Osló go raibh bua ar leith aige le teangacha, ach má bhí féin, ní go réidh a tháinig an ‘Ghaoluinn’ leis ar dtús.

Más fíor scéal, bhí cúpla focal ullamh ag Marstrander chun a rá le Rí an Bhlascaoid nuair a rachadh sé isteach ann.

In ainneoin an-chleachtadh a bheith déanta aige ar a spéic roimh ré, nuair a d’éirigh le Marstrander a chuid a rá sa deireadh, ba é a dúirt an Rí leis mar fhreagra, ‘Nach álainn an teanga í an Ioruais’!

Bíonn gach tús lag agus rinne Marstrander cainteoir breá de féin le cabhair Thomáis Uí Chriomhthainn. Má rinne, ba í an tSean-Ghaeilge an réimse léinn ab ansa leis i ngort na Gaeilge féin, rud a sheas dó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.

Tuairiscítear gur stopadh é ag ceanncheathrú an Gestapo agus nuachtán fillte ar raidió aige. Gabhadh ansin é agus cuireadh i gcampa géibhinn é lasmuigh d’Osló.

Fuair sé roinnt mhaith eolais ar an namhaid istigh sa phríosún agus choimeádadh dialann ann. Sa tSean-Ghaeilge a scríobhadh sé na blúiríní eolais inti. D’éirigh leis an dialann a smugláil amach agus a sheoladh chuig a mhac. Nuair a gabhadh eisean, tógadh an dialann uaidh agus cuireadh go dtí Beirlín í lena scrúdú ag saineolaithe teanga ansin.

Nuair nárbh fhéidir leo aon chiall a bhaint as ábhar lámhscríofa na dialainne, sheol siad ar ais go dtí an Gestapo san Iorua í. Chuir siad nóta beag leis, á rá nach raibh a fhios acu ach duine amháin a d’fhéadfadh cabhrú leo an t-ábhar a aistriú, ‘fear darb[h] ainm Carl Marstrander, Ollamh as Osló’!

Pé rud faoi mhuintir na hIorua agus an résistance ansiúd, bheadh cúpla bliain eile ann sula gcuirfí an ruaig ar na Gearmánaigh as an bhFrainc, rud a bhí ag dul dian ar scoláire eile darbh ainm Marie-Louise Sjoestedt-Jonval, nó ‘Máire Fhrancach’, mar a thugadh muintir an Bhlascaoid uirthi.

Ainneoin an-chion a bheith aici ar Sheán a’ Chóta, duine de na daoine a mhúin Gaeilge di thiar ó dheas, phós sí fear eile, Michel Jonval, sa bhliain 1932. Cailleadh an fear bocht trí bliana ina dhiaidh sin.

Ráinig deis eile aici ar an ngrá nuair a casadh Louis Reno uirthi, scoláire as Páras, ar a cuma féin. Phós Marie Reno sa bhliain 1940 agus ghéill an dorchadas don solas ina saol ar feadh tamaill. Go luath i ndiaidh dóibh pósadh, áfach, ghabh na Gearmánaigh Reno.

Ba é seo buille maraithe na muice ag Máire bhocht. Is é is dóichí gur cheap sí go gcuirfí Reno chun báis, smaoineamh a thug a bás féin sa deireadh, nuair a fuair an bhuairt agus an lagar spride an ceann is fearr uirthi.

Tháinig Reno slán, áfach, agus is é a ainmsean atá leis an gcolún a scríobhadh i gcuimhne uirthi sa chnuasach aistí ómóis a foilsíodh an bhliain tar éis a báis (1941). Mura maireann an lámh a chuir, maireann an chraobh ar an bhfál i gcónaí, agus is féidir mórshaothar Marie-Louise Sjoestedt-Jonval ar Ghaeilge an Bhlascaoid a fháil anseo.

Maidir le Carl Marstrander, baintear leas as a lán dá chuidsean ábhair ar fhoclóir leictreonach na Gaeilge go dtí an lá inniu féin.

Fág freagra ar 'Chuidigh an tSean-Ghaeilge le fear teangacha an ceann is fearr a fháil ar an Gestapo…'

  • Fear gan ainm

    Níor mhiste dearmhad beag sa phíosa suimiúil seo a cheartú: ba as Seana-Ghaoluinn a bheannaigh Marstrander do rí an Oileáin agus b’in é an fáth nár tuigeadh é agus gur síleadh gurb í an Ioruais a bhí á labhairt aige.

  • Ursa Minor

    Ní hea, ní mar sin a tharla ar chor ar bith! As Aicme C seachas Aicme A a bhain sé an forainm pearsanta iontáite a chuir sé sa bhriathar diúscartach lenar bheannaigh sé don rí. Mar bharr ar an donas, foirm phrótatonach a d’úsáid sé nuair a bhí aige ceann deotratonach a chur ann. Cén t-iontas nár thuig an rí é!