Chreidfeá Merle Haggard agus é ag canadh faoin ól is faoin mbriseadh croí

Níor bhain Merle Haggard leis an ngalántacht agus bhí an-tuiscint aige do na boicht agus dóibh siúd a raibh an saol sa mhullach orthu

Merle_Haggard

A canvas-covered cabin in a crowded labor camp

Stands out in this memory I revive

’Cause my daddy raised a family there

With two hard-working hands

And tried to feed my mama’s hungry eyes.

(Línte as an amhrán Hungry Eyes le Merle Haggard.)

Ba bheag suntas a tugadh do bhás an amhránaí cháiliúil Merle Haggard ar na mallaibh. Bhí Haggard, a rugadh i mbaile tionsclaíochta Bakersfield sa bhliain 1937 agus a fuair bás i dtuaisceart Chalifornia le déanaí, ar na hamhránaithe ba cháiliúla i stair cheol tíre an fhichiú haois.

Ar na dlúthchairde a bhí aige ar feadh a shaoil, bhí rí cheol tíre Mheiriceá, fear Arkansas, Johnny Cash, amhránaí a raibh pór Gaelach ann más fíor.

Ní hionann agus Cash a thug cuairt cháiliúil ar Phríosún Stáit San Quentin agus a sheinn do na príosúnaithe ann, chaith Haggard tréimhse trí bliana mar ghnáth-phríosúnach sa charcair mhíchlúiteach chéanna nuair a gabhadh é sa bhliain 1957, agus é fós ina fhear óg, as a bheith i mbun gadaíocht carranna agus ag briseadh isteach i dtithe.

Mhaíodh Haggard go raibh leithéidí Lefty Frizzell, Elvis Presley, Jimmie Rodgers agus Chuck Berry i measc na n-ealaíontóirí a raibh tionchar mór acu ar a cheol féin ach caithfear a rá go raibh stíl shainiúil dá chuid féin ag Haggard, stíl a raibh úrnuacht le haithint uirthi i gcónaí. Ar na cúiseanna is mó nár léiríodh meas a dhóthain ar Haggard agus é fós beo, seans, ná go mba dhuine ar an taobh amuigh i gcónaí é. Níor ghlac bunaíocht cheol tíre SAM leis riamh, fiú i Nashville Tennessee féin, rud a thuig Haggard go maith. Tar éis an tsaoil, bhaist sé The Strangers mar ainm ar an mbanna s’aige – rud a insíonn a lán ann féin.

Rugadh Merle Ronald Haggard in Aibreán na bliana 1937 in Oildale, California. Seancharr ráille nó ‘boxcar’ a chuir athair Haggard ann, fear a d’oibrigh mar shiúinéir ar an mbóthar iarainn, a bhí mar theach ag a mhuintir ar feadh na mblianta. Ba ‘Okies”’iad tuismitheoirí Merle Haggard, daoine a d’fhág slán le Checotah Oklahoma i rith an Spealaidh Mhóir mar gur scriosadh an scioból a raibh cónaí orthu ann i ndóiteán trí bliana roimh do Merle teacht ar an saol.

Níor bhain Haggard leis an ngalántacht is léir agus bhí an-tuiscint aige do na boicht agus dóibh siúd a raibh an saol sa mhullach orthu.

Ba mhinic scéalta mar a bhain le cosmhuintir SAM, ar den aicme sin é féin, sna hamhráin aige, daoine nach raibh go maith as agus a chuir fúthu in ‘Hoovervilles’ suaracha California, na ‘Okies’ agus na mílte eile a thug an bóthar orthu féin ar thóir oibre, go háirithe le linn don Spealadh Mór.

Bhí guth cumhachtach ag Haggard, guth a mbíodh meascán de dhínit agus de bhrón le haithint air go minic. An stíl nua a raibh sé ina cheannródaí uirthi, an stíl nua ar baisteadh an ‘Bakersfield Sound’ uirthi, ba mheascán ar leith den ghiotár gleoránach agus de stíleanna ilghnéitheacha eile mar na gormacha, an snagcheol, an pop agus an ‘honky-tonk’ a bhféadfaí a chuid fréamhacha a rianú siar go háit bhreithe Haggard, Bakersfield, California.

Ceoltóir thar a bheith cumasach ab ea Merle Haggard, fear a sheinn an fhidil agus an giotár formhór an ama. Bhí guth thar a bheith mothúchánach aige freisin.

Chreidfeá é agus é ag canadh faoin ól agus faoin mbriseadh croí chomh maith le téamaí maoithneacha, cráifeacha nó téamaí faoi thionchar na ngormacha, na ‘working man blues’.

Fág freagra ar 'Chreidfeá Merle Haggard agus é ag canadh faoin ól is faoin mbriseadh croí'