Chomh ‘tinn le pearóid’ de bheith ag éisteacht le Gaeilge a chodail amuigh ar TG4

Tá biaiste na caide agus na hiománaíochta ar TG4 ar tí tosú an athuair, ach tá sé in am don stáisiún Gaeilge cúram ceart a dhéanamh den teanga

Sick Parrot
LÉARÁID: Tuairisc.ie

 

As seo go ceann cúpla mí sásóidh TG4 goile lucht CLG le raidhse cluichí beo agus iarbheo ós na Sraitheanna Náisiúnta agus craobhchomórtais na gclub.

Tá comhrac na gclub ag teannadh ar cheann scríbe agus beidh na cluichí ceannais beo ar an stáisiún ar Lá ’le Pádraig. Tá obair na gcapall déanta, agus seirbhís den scoth curtha ar fáil ag TG4/Nemeton le blianta agus is deacair a shamhlú go rabhamar ar an trá fholamh um an dtaca seo bliana sular chuaigh an chomhghuaillíocht seo i mbun oibre.

Tosnófar craoladh na bliana seo le Maigh Eo agus Ciarraí, na céilithe comhraic a sholáthraigh cluichí na bliana anuraidh.

Leis an gcaint seo ar fad, meabhraítear dom ceann de chomharthaí sóirt chláracha TG4 atá ag dó na geirbe agam le fada – ó thosnaíos ar chúram na léirmheastóireachta go háirithe – agus atá le feiscint go mórmhór sa chraoladh spóirt, is é sin drochstaid na teanga.

Go minic, taibhsítear dom go bhfuil an Ghaeilge imeallaithe, in áit na leathphingne, nach í an chloch is mó ar an bpaidrín í, go bhfuiltear faillíoch ina leith, nach ndéantar cúram di. Tarraing chugat pé nath cainte is mian leat, sin an tuairim a ritheann liom go minic – agus ní ag trácht ar chraoladh spóirt amháin atá mé.

Is léir an fhadhb seo i gcláracha áirithe ar fud an sceidil: sa chéatadán beag de chloigne cainte le Gaeilge, san easpa guthaithe, in úsáid na bhfotheideal; sa reacaireacht; sa drámú; agus thar aon ní eile sa drochchaighdeán Gaeilge a bhíonn le clos rómhinic nuair a bhíonn an Ghaeilge le clos.

Anois ar eagla na míthuisceana, nílim ag daoradh éinne san éagóir mar go bhfuil cláir áirithe ann, An Nuacht, mar shampla, a chomhlíonann a chúraimí teanga go slachtmhar.

Ach fós níl an ról eiseamláireach ag TG4 ó thaobh na teanga is a samhlaíodh dúinn tarrac ar 20 bliain ó shin. Is cuimhin liom nuair a bhíos ag obair le Foinse a bheith ag caint le duine de lucht an Raidió agus é ag trácht go seanbhlastúil ar an ngá  le TG4 ‘a Ghaelú’.

B’fhéidir gur chuaigh sé thar fóir ina cháineadh agus tugim go gcaithfear cláracha a chraoladh i mBéarla le sodar i ndiaidh na scóranna féachana…ach fós féin. 

Tuigim go gcaithfear fuint de réir na mine …ach fós féin.

Tugim nach mbíonn daoine le Gaeilge, le Gaeilge líofa, ar fáil…ach fós féin.

An bhfuil polasaí teanga ag an stáisiún? An bhfuil treoirlínte acu? An bhfuil duine ainmnithe le cúraimí teanga orthu? An mbítear i dteagmháil leis na comhlachtaí léirithe faoin nGaeilge agus faoi chaighdeán na Gaeilge? An dtugtar treoracha, comhairle, cabhair, aiseolas nó foláirimh? An aithnítear bóithre/gníomhaíochtaí chun feabhais.

Le déanaí, in agallaimh le Tuairisc.ie, labhraíodh faoin dua a chuireann Dara Mac an Iomaire ar féin ó thaobh na teanga ina chuid saothar is é ag imeacht timpeall le the box of fadas’ faoina ascaill aige. Moladh é ag an am. Moladh é mar gur duine de na heisceachtaí é. Ar cheart gur eisceacht é? Ar cheart é a mholadh as rud go mba cheart dó a dhéanamh? 

Anois arís, ar eagla na míthuisceana, nílim ag caitheamh anuas ar fhoghlaimeoirí teanga ná orthu siúd nach bhfuil líofa. Ní ‘awkward son of a bitch mé’ agus ní cuid den ‘Irish Language Taliban’ mé, le casadh a bhaint as maslaí FM104. Nílim ag éileamh gur Gaeilge Chadhnach, Chriomthanach nó Ghriannach ba cheart a bheith le cloisint ar gach clár ó Dora go Comhrá agus ó Rekkit Rabbit go Róisín, ach tá cothromaíocht ag teastáil uathu siúd a bhfuil an teanga foghlamtha go maith acu nó ar a dtoil acu ón gcliabhán, agus tá sé dlite dóibh, leis. Bíonn daoine proifisiúnta le feiscint ar na cláir seo agus ní leathchoróin agus cic sa tóin atá mar íocaíocht acu.

Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, ó thaobh an spóirt de, tá oidhreacht shaibhir tráchtaireachta againn sa Ghaeilge agus leithéidí Mhichíl Uí Shé, Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, agus SBB chomh maith le haon tráchtaire a sheas riamh i mbróg. Ina theannta sin tá Gearóid Mac Donncha agus Brian Tyers (ar cuimhin liom agallamh a chur air blianta ó shin inar labhair sé faoin dua a chaitheann sé leis an toise teanga dá chúram) chomh maith de thráchtáirí is atá sa tír, in aon teanga.

Ach fós, ar an drochuair, téann cuid díobh siúd a bhíonn ar chláracha spóirt ar bhóiléigear:

As seo go ceann cúpla mí cloisimid faoi lár páirceoirí agus scuaibeadóirí. Gheobhaidh imreoir acu baiste tine, déanfaidh sé meancóg buachaill scoile, agus beidh sé chomh tinn le pearóid nuair a chaillfidh sé cúl agus an cúl ar a thrócaire.

Beidh imreoir eile as a limistéar compord agus ní bheidh sé isteach sa chluiche ach béarfaidh sé greim ar an neantóg agus ní bheidh sé féinlárnaithe mar imreoir. Beidh sé thar an ngealach ansin mar go mbeidh laochról imeartha aige.

Beidh imreoir eile i gcónaí ag lorg an féidearthacht éasca agus déarfar go mba cheart é a chur ar an gcaid níos mó.

Cuirfear tús pléascach le cluichí agus beidh geit an deireadh seachtaine gach deireadh seachtaine.

Beidh foirne sa suíochán tiomána, ach rithfidh siad as gal agus an práta tolg sa mbaile á ngríosadh. Caithfidh siad a bheith i dteagmháil ag leath ama.

Beidh an liathróid chearnógach agus an liathróid chliste againn agus ansin rachaidh sí thar an seastán, nó thar lear fiú.

Déanfar idirghabháil agus idirdhealú – pé sórt rudaí iad féin.

Caithfear creidmheas a thabhairt d’imreoirí (agus ní airgead gutháin atá i gceist), go háirithe imreoirí nach bhfuil drochcheirnín acu (agus ní cúrsaí ceoil atá i gceist).

Ba cheart do TG4 oidhreacht thráchtaireachta shaibhir na Gaeilge a chosaint agus ról eiseamláireach a tharraingt chucu féin ó thaobh na Gaeilge. Ní fál go haer iad na dris chosáin atá luaite anseo. Fonn a níos fiach.

 Ar TG4 a chuala an t-údar na samplaí ar fad de ‘droch-Ghaeilge’ san alt seo 

Fág freagra ar 'Chomh ‘tinn le pearóid’ de bheith ag éisteacht le Gaeilge a chodail amuigh ar TG4'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá tú i bhfad ró ghéar ar thráchtairí TG4, feictear dom. Cén locht atá agat ar ‘scuaibeadóirí’? Feictear domsa gur deas é.

    Tríd is tríd tá éacht déanta ag rannóg spóirt an stáisiúin. Tá cuid dena tráchtairí íontach, agus tá siad luaite san alt, cuid acu ní féidir iad a thuiscint go ró mhaith, ní de bharr easpa Gaeilge ach mar nach bhfuil siad in ann labhairt go soiléir. Tá an rud céanna fíor faoi RnaG. Is pléisiúr a bheith ag éisteacht le SBB ag déanamh trácht ar aon chuiche, fiú mura mbeadh spéis dá laghad sa gcluiche ach tá cuid eile acu agus is fearr an raidió a mhúcadh.

    Bainim an sásamh as na gcluichí Rugbaí ar TG4, caithfidh mé a rá agus tá éacht déanta acu leis an dtéarmaíocht.

  • Sean Mac Gearailt

    Tagaim go hiomlan lena bhfuil san alt seo. Nil agamsa ach Gaeilge a chodail amuigh; bim ag aistriu on mBearla.

    Seans go gcabhrodh se le trachtairi da mbeadh leaganacha cearta de na sampli thuas luaite ar fail (ar liosta??) . Tuigim nach mbionn “leagan ceart” ann i gconai. Ni usaidfeadh fear on nGaeltacht an nath “square ball” ach bheadh bealach eile aige chun e fein a chur in iul.

    N’fheadar an gcuireann an drochfhoghraiocht a bhionn againn isteach chomh mor ceanna ar chainteoiri duchais Gaeilge.

    Maith dhom na sinte fada a bheith ar lar.

    Beir bua,

    Sean Mac Gearailt.

  • Seán

    …agus ná déan dearmad ar ‘athimirt’ fiche uair in aghaidh an chluiche

  • Pádraic Harvey

    Más tráchtaire nó iriseoir tú a bhíonn ag plé le cluichí Gaelacha, ní hionann iad Tír Chonaill agus Dún na nGall. Caithfear a rá!

  • Marcus Ó Buachalla

    Mar thráchtaire le TG4 bhaineas taitneamh as an bpíosa thuas…agus d’aithníos dhá nath cainte a úsáídim fhéin i mo chuid tráchtaireachta.

    “Scuabadóir” – téarma sacair í seo ó dhúchas (‘the sweeper’ agus an focal ‘system’ ina dhiaidh go minic)…ach de bharr an ról ata ag formhór na leath-thosaí ar dheis/ar chlé is ról é ata tagtha isteach i CLG. Béarlachas b’fhéidir, ach ó tharla is go dtáinig an téarma ó spórt Shasanach, seasaim leis an dtéarmaíocht. Nó an mbeadh aon mholadh eile a thugann le fios brí agus bunús an ról céanna?

    “É a chuir ar an gcaid níos mó” – bhuel…ba cheart e a chuir ar an gcaid níos mó! Má ta imreoir áirithe ag imirt agus ag imirt go maith, cunathaobh ná cuirfeá ar an gcaid é nios mó? Sin ról lárnach aon bhainisteoir agus aon fhoireann le dealramh…na féidireachtaí, na deiseanna agus na imroeirí le dealramh a aithint agus a aimsiú… Arís n’fheadar go díreach cén fhadhb a bheadh agat leis an nath seo ach is léír go bhfuil sé ag dó do gheirbe!

    Maidir le TG4/Nemeton de, agus ní féidir liom ach labhairt ar mo shon fhéin….cuirtear focal chugam nuair a bhíonn botúin móra. Tarlaíonn sé seo beo le linn na gcluichí i mo chluas agus ina dhiaidh agus muid ag breathnú siar ar obair an lae. Is foireann iontach iad, a oibríonn go cruaig agus tugann siad aird ar chaighdeán na gaeilge.

    Faoi dheireadh ba bhreá linn ar fad a bheith foirfe. Agus a bheith in ann léamh siar ar phíosa scríobhtha agus ceartú a dhéanamh ar séimhiú anseo, urrú ansiú &rl ach le craolúchán beo, níl an deis sin againn. Bogann tú ar aghaidh ‘ar nós na gaoithe’ agus le ‘luas lachrach’ go dtí an chéad eachtra eile.

    Ba bhreá linn ar fad a bheith chomh maith le Brian Tyers nó Darragh Maloney ach geallaim duit go ndéanann siad botúin. Ach go dtí go bhfuileann tú ‘i lár an aonaigh’, slua mór thimpeall ort ag béiceach, beo ar an aer, beirt ag labhairt leat i do chluasa, duine ag labhairt leat in aice leat, teicneoir fuaime suite in aice leat, nótaí agus staitisticí á léamh agat….agus tú ag coimeád súil ar chluiche, ar bhainisteoirí, ar réiteoir, ar maoir cúil, ar ionadaithe…..agus ansin sliotar ag taisteal 100km+ san uair i dtreo lán tosach, lán chúlaí agus cúl báire agus gan a fhios ag éinne cad a tharlóidh….is éasca a bheith in ann píosa foirfe gonnta a scríobh le gaeilge cruinn snasta ag cáineadh obair dhaoine eile.

    Báite san eangach…leann ort…

    Marcus ‘sin caid le dealramh’ Ó Buachalla

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    A Bhreandáin,

    An iomad bearlachas in úsáid an locht is dócha.

    An bhféadfá alt eile a scríobh leis na téarmaí cuí a d`fúsáideach an chainteoir duachais.

    Bheadh sé an-áisiúil do lucht na bhfóhlaimeoirí.

    • anne

      Sílim go bhfuil níos mó i gceist lena bhfuil á rá ag Breandán ná díreach locht ar théarmaí, ní haon lucht é go mbeadh téarmaí ann agus go deimhin tá gá leo i gcásanna áirithe, ach ar an gcaoi go bhfuiltear á n-úsáid, abairtí ‘Gaeilge’ i struchtúr an Bhéarla a éilíonn úsáid na dtéarmaí céanna. Is cur síos a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú romhat seachas plé a bheith á dhéanamh chun aithris a dhéanamh ar thráchtairí an Bhéarla atá ag teastáil, seo nósmhaireacht ba chóir a chleachtadh chun barrfeabhais a dhéanamh air, bíonn an-fhaitíos ar dhream a bhíonn i gcumhacht agus a bhfuil jabanna móra sna meáin chumarsáide nach dtuigfidh na Béarlóirí a bhfuil á rá seachas go mbeadh fonn ar Ghaeilgeoirí a bheith ag éisteacht, B’fhiú go mór leithéidí Dhara Uí Chinnéide a úsáid mar eiseamlár, níl saoi gan locht anú (nó ‘ar ndóigh’ mar a chloistear níos forleithne anois)ach má cheaptar Gaeilge líofa i gcaint na ndaoine i bpostanna seachas iad súid a bhfuil chuile théarma sa leabhar acu bheadh sé níos éasca don chluas éisteacht lena bhfuil á rá. Ba chóir do mhuintir Chonamara eolas cruinn a chur ar a gcanúint féin agus muintir Thír Chonaill agus an Deiscirt (is minic iad níos dílse dá gcanúint ina gcuid cainte ná go leor) …fíor thábhacht le foghraíocht cheart- seachas leath caighdeán a bheith acu agus leath den chanúint. Tá moladh tuillte ag Breandán as a bhfuil scríofa aige mar táim cinnte gur deacair locht pearsanta a fháil ar dhaoine gairmiúla atá ag déanamh a ndícheall ach má fheictear plé mar ‘dhea-rud’ seachas mar cháineadh b’fhearr an toradh a bheadh ann má táimid i ndáiríre leanacht ar aghaidh ag cloisteáil caint na ndaoine,is í ‘Gaeilge na leabhar’ a chuir stop ar Ghaeilgeoirí riamh anall as bheith ag léitheoireacht, NÁ déanadh muid an rud céanna leis an gcaint bheo….gá le téarmaíocht nua ach cinntigí gur Gaeilge atá á labhairt agus ní Gaeilge i riocht an Bhéarl,…gortaíonn sé na cluasa.. gach rath ar Thuairisc.ie

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An fhadhb atá ann, chomh fada is a cloisim timpeall orm ag cluichí anseo sa Ghaeltacht is mó sa tír ina labhartar Gaeilge go fóill, is téarmáí Béarla is mó a bhíonn á usáid ag ‘cainteoirí dúchais’: Goal in áit cúl, Point in áit poinnte, penalty in áit fébré rud atá air.

    Dá ndéarfá le cainteoirí dúchais go raibh siad le imirt sna ‘tosaithe’ bheidís ag breathnú ort!

  • Eoin P.

    Ní fheicim aon locht ar ‘scuabadóir’ ach oiread, roinnt mhaith de na samplaí táid go dona cinn eile níl ann ach go bhfuil siad tagtha thar teanga isteach is ba chóir ár gcuid féin a dhéanamh dá leithéid mar a deineadh riamh anall is mar a dhéanfar as seo amach.

    Mar mholadh eatramhach cad fúthu seo mar leaganacha?

    lár páirceoirí agus scuaibeadóirí. – go breá dar liom
    baiste tine, Ní thuigim?
    meancóg buachaill scoile, – bunbhotún
    tinn le pearóid – fíormhíshásta leis féin
    cúl ar a thrócaire. – an cúl faoina bhos aige
    as a limistéar compord – imithe ó chompord a ghnáthimeartha
    ní bheidh sé isteach sa chluiche – istigh/sáite sa chluiche
    béarfaidh sé greim ar an neantóg – is samhail dheas í seo, bíodh sí againn leis! Nó aghaidh a thabhairt ar an gcontúirt
    féinlárnaithe mar imreoir – go breá, nuacháinis is dócha ach tuairimíocht nua atá taobh thiar de!
    thar an ngealach –ar mhuin na muice, ríméadach/ríshásta leis féin,
    laochról imeartha aige- go breá
    i gcónaí ag lorg an féidearthacht éasca – an deis is fusa a lorg
    é a chur ar an gcaid níos mó- n’fheadair
    tús pléascach – go breá dar liom/spleodrach más mian
    geit an deireadh seachtaine go breá dar liom
    suíochána tiomána, b’fhearr i gceannas
    rithfidh siad as gal – ídeofar a bhfuinneamh
    práta tolg – leisceoir os comhair na teilfíse
    i dteagmháil ag leath ama –scór gearr go maith ag leath ama
    liathróid chearnógach liathróid sa chearnóg
    liathróid chliste – go breá dar liom
    thar an seastán, thar lear fiú.= go dona
    idirghabháil idirdhealú – pé sórt rudaí iad féin?= b’fhéidir go bpiocfá leabhar in airde uair éigin, táid iontu agus ar fud an bhaill leis!
    creidmheas a thabhairt – creidiúint
    drochcheirnín – níl teist rómhaith aige

  • Colmán

    A Bhreandáin, in ionad gearán a dhéanamh cuir liosta de shamplaí le chéile a chuideoidh le daoine agus foilsigh ar tuairisc.ie é.

  • Teaimín Ó Cualáin

    Níl aon rud gaelach, ar fiú uisce na n-uibheacha é, ag baint leis an GAA. Níl aon lúithchleasaíocht ann agus ní raibh le fada. Bunáite na ndaoine a bhfuil baint acu leis an CLG le blianta fada is mó a n-aird ar an sacar bídís ina n-imreoirí, ina dtráchtairí, ina lucht leanúna srl agus maidir leis an bpeil ghaelach atáthar a imirt le blianta beaga anuas níl inti ach leagan eile, leagan láimhe den sacar. Meon gallda atá sa tír, í dírithe ar mheáin an Bhéarla agus ar SKY. Maidir le muintir na Gaeltachta agus an teanga a labhrann siad ar pháirc na himeartha, mangarae creólach bréan lofa ar mór an náire í. Chuala mé SBB agus peileadóirí ‘Gaelacha’ a’ rá a leithéidí seo: ‘titidh siar’ in áit ‘cúlaigí’ nó teannaigí siar. Bíonn cuid acu compóirteach ar an liathróid, iad reoite le leisce agus le drochmheas ar dhúchas na teanga. Mura dtuigfidh an béarlóir anois an leagan Gaeilge athrófar nó simpleofar é sa gcaoi is go dtuigfidh. Céad slán leis na tráchtairí breátha a bhí againn, leithéidí Bhreandáin Uí Eithir agus Mhichíl Uí Shé ar mhór an spóirt a bheith ag éisteacht lena nglórtha agus lena gcumas tráchtaireachta i nGaeilge bhinn bhlasta.
    Ní chuirfinn an milleán uilig ar thráchtairí spóirt TG4, mura gcloisfir ach an mangarae ní bheidh agat ach an mangarae.

  • Cólmán

    Níl mé ag teacht leat in aon chor a Theaimín, cé go bhfuil laghdú i ndiaidh teacht ar an méid Gaeilge a chluintear i bPáirc an Chrócaigh le blianta beaga anuas is ag na cluichí gaelacha a chuala mise an Ghaeilge don chéad uair agus mé i mo pháiste sna hochtóidí. Má tá truailliú ag teacht ar an teanga agus má chuireann sin isteach ort ba cheart duit rud deimhneach a dhéanamh chun cúrsaí a dhéanamh níos fearr. Ceardlann saibhreas Gaeilge a chur ar bun mar shampla. Tá a fhios agam gur ag trácht ar Chonamara atá tú don chuid is mó ach níor mhiste ranganna saibhreas Gaeilge a chur ar bun sa Ghaeltacht chomh maith.

  • Páid Ó Donnchú

    Sol má tháinig an sweeper isteach i Sasana, bhí an libero acu san Iodáil. Dá mbeadh é seo fiú ag tráchtairí TG4, narbh sop in aghaidh na scuabadóirí é?

  • Feardorcha

    Cad é an comhairle seo á gcur ar ghearánaithe rud éigin a dhéanamh faoi iad féin? Mar atá ráite san alt íoctar i bhfad Éireann níos mó ná cic sa tóin leis na tráchtairí/léiritheoirí seo, agus más ea féin íoctar níos mó fós leis an dream a roghnaíonn iad. An é go bhfuil sé níos tábhachtaí bheith gan náire ná bheith ábalta tú féin a chur in iúl?
    Is iad na comhthráchtairí de ghnáth an chuid is measa acu. Tá cuid acu chomh holc gur peannaid bheith ag éisteacht leo agus iad ag mangailt gach tarna focal. I ndáiríre, casaim ar siúl an raidió Béarla seachas bheith ag cur suas leo. Leithscéal éigin é dá mbeidís cáiliúil nó an-eolgaiseach ach de ghnáth níl sé sin i gceist féin.

  • Colmán

    An dá ghearán is mó atá agam faoi TG4 ná (1) an iomad Béarla atá ar an stáisiún – goilleann sé go mór orm go mbeadh cláracha ón BBC ar taispeáint ar TG4 mar shampla Jules Holland agus cuid de na golden oldies ón BBC – ní chuige seo a cuireadh an stáisiún ar bun. (2) na fotheidil – ba cheart go mbeadh rogha ann idir fotheidil Bhéarla, Ghaeilge agus fhotheidil ar bith. De réir mar a chluinim ó lucht léirithe teilifíse a dhéanann na cláracha ar fad ar TG4 nach mór ní chuirfeadh sé stró ar bith orthu seo a dhéanamh, mar sin is léir gur fadhb é a bhaineann le trealamh nó teicneolaíocht TG4 féin. Mar atá ráite sa leabhar TG4@10 (Cló Iar-Chonnachta) – a scríobhadh breis agus 5 bliana ó shin – tá sé dó-dhéanta ag an lucht féachana gan breathnú ar na fotheidil – bíodh Gaeilge líofa acu nó nach mbíodh rud a chiallaíonn gur mó Béarla atá siad ag foghlaim ná Gaeilge. Ba bhreá liom dá mb’fhéidir le TG4 rud éigin a dhéanamh faoi seo.

  • Teaimín Ó Cualáin

    ‘Féachtar le dea-Ghaeilge chruinn a chinntiú ar gach clár Gaeilge,’
    Nuair a léitear freagra stáitseirbhíseach mar sin ón leascheannasaí, fear Gaeltachta, is mór an t-údar dóchais é! Briathar saor spéisiúil é an ‘féachtar’, ach is léir go bhfuil ‘droch-cheirnín’ ag foireann oibre an stáisiúin i gcúrsaí éisteachta.

  • Teaimín Ó Cualáin

    Ba mhaith liom moladh ar leith a thabhairt don chlár ‘Seó Spóirt’. Craoltóir gairmiúil, abartha é Dara Ó Cinnéide a chuireann clár eolasach, spéisiúil ar fáil go rialta. Is fearr liom go mór na haíonna agus an phlé a dhéantar ar chluichí etc ar an gclár spóirt sin ná a déantar ar aon stáisiúin teilifíse eile.

  • Tomáisín

    Ní dócha gur tráchtaireacht na caide is mó atá ag dó na geirbe agam ó thaobh TG4 de, fé láthair. Cuirfead ualach airgid leat, chomh siúrálta is atánn tú beo, má chuirim TG4 ar siúl gan choinne amárach tréis na hoibre go mbeidh ábhar Béarla os mo chomhair, Ní haon bhréag domsa san a rá! Ní fhaigheann siad puinn maoiniú dáiríre, Is scannallach an oiread ábhar amaideach agus ábhar Béarla athá anois uirthi. Ba chuma dá mbeadh ábhar ó theangacha eile, nó ábhar Béarla, a raibh fuaimint ag baint leis. Maidir le ráiméis a bhíonn air, fé láthair, th’anam ‘on diabhal ná bí ag caint.. Is tá caighdeán na gcláracha gaelacha thíos leis. ábhar ana… n’fheadar… saonta agus scagtha. meon teoranta acu (seachas coda áirithe atá le moladh go crannaibh na gréine gan dabht)