‘Cheapas go raibh aireacht na Gaeltachta á tairiscint dom ag an Taoiseach chun díoltas a bhaint amach’ – Shane Ross

Thug Shane Ross a ‘McHugh moment’ ar an míthuiscint a bhí air i dtaobh thairiscint an Taoisigh agus bhí sé chun diúltú don ‘bed of nails’

08/04/2016.General Election 2016 -Government Formation.The Independent Alliance. Pictured is are member of the Independent Alliance, Shane Ross, on the Plinth at Leinster House today, as he discussed efforts to break the deadlock in talks for government formation.Photo:RollingNews.ie
Pictiúr:RollingNews.ie

Baineadh geit uafásach as Shane Ross Dé hAoine seo caite nuair a mheas sé go raibh aireacht na Gaeltachta á tairiscint ag Enda Kenny dó agus fonn díoltais ar an Taoiseach.

Ina cholún ar an Sunday Independent inné, dúirt an tAire nuacheaptha go dtabharfadh sé an leabhar gur luaigh Enda Kenny leis Roinn na Gaeltachta le linn an chruinnithe a bhí aige leis an Taoiseach faoin gcomhaireacht nua.

“We had exchanged robust words in negotiations over the previous 24 hours. This could be his moment of revenge. I dreaded the hospital pass, the Department of Health.

“Or even another bed of nails. He opened his mouth and I could have sworn he said something about the Department of the Gaeltacht.”

Dúirt an tAire Iompair nuacheaptha gur ‘thit a chroí’ agus é den tuairim go mbeadh air diúltú do thairiscint an Taoisigh toisc nach bhfuil aon Ghaeilge aige.

“My heart sank. What a brilliant stroke. I don’t have a word of Irish. In a flash I envisaged Gerry Adams and his crew asking me questions in the Dáil in Irish. I thought I would have to decline his offer and stay on the backbenches.”

Chuimhnigh Ross láithreach ar cheapachán Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht i mí Iúil 2014 agus ba mhór an faoiseamh dó nuair a tuigeadh dó go raibh míthuiscint air.

“I remembered the last Minister for the Gaeltacht, Joe McHugh, whose promotion to ministerial rank saw him attending Irish classes for a year. The McHugh moment passed. Enda had offered transport. I gulped with relief.”

 

Fág freagra ar '‘Cheapas go raibh aireacht na Gaeltachta á tairiscint dom ag an Taoiseach chun díoltas a bhaint amach’ – Shane Ross'

  • Fearn

    Tharla go raibh mé ag amharc ar bhoscra Yes(Prime)Ministre le déanaí.

    Is dóigh go bhfuil Aire na Gaeltachta ag rialtas na hÉireann mar Secretary of State for Northern Ireland I rialtas na Breatainne ———–: Píonós: Díbeart go Sibéir

  • Breathnóir

    Shílfeá nach dtiocfadh leis an Uasal Ross smaoineamh ar rud ar bith níos measa ach go mbeadh air Gaeilge a fhoghlaim. An fear bocht!
    An bhfuil aon rud ráite aige san am atá thart i dtaca leis an Ghaeilge agus a ról i sochaí na hÉireann? Tá mé ag déanamh nach bhfuil spéis dá laghad aige inti, ar scor ar bith.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Asal – ní haon ní eile, gan meas madra aige ar éinní ach s urlabhra Iar-Bhriotach fhéin. Thar am a leithéid seo de phastaire a fhógairt in ainm phuillíní an diabhail!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl mé rá go ndéanfaidh an boc seo rud ar bith fá chomhionannas don Ghaedhlig ar chomharthaí bóithre ach oiread…