‘Cheap na hÍsiltírigh gur leaindeáilte ar an ngealach a bhí siad!’ – an lá ar tháinig Corn UEFA chomh fada le Conamara

Cothrom an lae seo 30 bliain ó shin, ar an gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair 1986, d’imir Galway United i gcoinne FC Groningen sa chéad bhabhta de Chorn UEFA ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua

‘Cheap na hÍsiltírigh gur leaindeáilte ar an ngealach a bhí siad!’ – an lá ar tháinig Corn UEFA chomh fada le Conamara

Le linn samhradh 1986, bhí fadhb mhór ag Galway United. Bhí sé beartaithe go mbeidís ag imirt in aghaidh FC Groningen na hÍsiltíre sa chéad bhabhta de Chorn UEFA ag tús mhí Dheireadh Fómhair, ach ní raibh páirc ar bith acu.

Is ar Pháirc Thír Oileáin sa chathair a d’imir na Gaillimhigh a gcuid cluichí baile ach tar éis do UEFA agus an FAI measúnú a dhéanamh ar áiseanna na páirce, dúradh nár bhain sé amach an caighdeán a bhí ag teastáil. Ba í an chéad rogha eile ná an Sportsground ar an mBóthar Beag, páirc ar ar imir Galway United in aghaidh Lyngby na Danmhairge i gCorn Bhuaiteoirí na gCorn an bhliain roimhe ach, arís, cinneadh nach raibh sí sách maith.

D’iarr méara na Gaillimhe ag an am, John Mulholland, ar Chumann Lúthchleas Gael Páirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá a oscailt don chluiche ach dhiúltaigh Coiste Láir CLG dó sin láithreach.

Bhí an tuairim ann anois go mbeadh ar Galway United dul chomh fada le Baile Átha Luain, Sligeach nó Baile Átha Cliath fiú, rud d’fhágfadh an cumann beag i gcruachás airgeadais.

Ar an dea-uair, thángthas ar réiteach a d’fhág go bhféadfaí an cluiche a imirt i nGaillimh.

Agus athchóiriú £150,000 díreach críochnaithe ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua, cromadh ar phlean an cluiche in aghaidh FC Groningen a thabhairt chomh le fada le Conamara.

Ar dhuine de na daoine a bhí sáite sa phlean seo bhí Bernie O’Connell, iarchathaoirleach Galway United, fear a raibh seal fada caite aige ag múineadh sna coláistí Gaeilge ar an gCeathrú Rua agus a raibh aithne mhaith aige ar choiste Galway United chomh maith.

“An rud a tharla ná ghlaoigh Josie Lydon ó choiste na páirce ar Joe Hanley, oifigeach Galway United, chun an pháirc a chur ar fáil. Bhuail mise isteach ag an siopa a bhí ag Joe sa chathair an lá céanna agus dúirt mé leis go raibh réiteach againn ar an scéal seo,” a deir O’Connell.

Cé go mbíodh, agus go bhfuil fós, foireann CLG na Ceathrún Rua ag imirt a gcuid cluichí ar an bpáirc chéanna, ní raibh CLG in ann cur in aghaidh úsáid na páirce mar gur leis an bpobal í.

“Tháinig Joe amach an oíche chéanna chun breathnú ar an bpáirc agus bhí seisean sásta léi. Cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig Aodán Ó Gallchóir ón FAI anoir chun scrúdú a dhéanamh ar an bpáirc agus thug seisean cead dúinn an cluiche a reáchtáil ann.”

Cé go gceapfá go mbeadh aighneas ann faoi chluiche sacair, cluiche gallda, a thabhairt chomh fada le páirc CLG i gcroílár na Gaeltachta, deir O’Connell gur tháinig an pobal uile le chéile chun tacú le Galway United agus nach raibh mórán achrainn ar chor ar bith ann.

“Léirigh muintir na Ceathrún Rua dearcadh oscailte nach mbeadh ag go leor pobail eile seans,” a deir O’Connell.

“Is cuimhin liom Johnny Phaidí Ó Loideáin, a bhí ar choiste na páirce ag an am, ag rá ag cruinniú, ‘Níl Béarla ná Gaeilge ag football,’ agus b’in sin. B’fhéidir go raibh lucht CLG míchompordach leis ach ní raibh aon naimhdeas ann agus glacadh leis.”

Ba léir an méid sin agus an slua 3,000 duine a tháinig chomh fada le Páirc an Chathánaigh chun breathnú ar an gcluiche cé gur lá brocach, fliuch a bhí ann agus go raibh Galway United 5-1 chun deiridh tar éis an chéad chluiche san Ísiltír.

Bhí imreoirí móra idirnáisiúnta ag imirt do FC Groningen ag an am, ina measc Peter Houtman a scóráil trí chúl sa chéad cluiche. Cé gur imir seisean i gcuid de na staideanna is mó san Eoraip, dúirt sé sa chlár faisnéise TG4 UEFA sa Ghaeltacht gur cuimhin leis go maith a chluiche ar an gCeathrú Rua.

Ní haon iontas é sin. Mar a deir O’Connell, is “míorúilt” é go bhfuil Páirc an Chathánaigh ann fiú agus an oiread cloch agus carraigeacha atá timpeall uirthi.

“Is dóigh liom gur cheap na hÍsiltírigh go raibh siad leaindeáilte ar an ngealach! Bhí siad ag caint faoi bheithígh ar na bóithre agus mar sin, ach is dóigh liom gur bhain siad taitneamh as an rud uile. Is cinnte gur ól siad ‘dash’ an oíche sin ar aon nós!”

Bua 3-1 a bhí ag FC Groningen sa chluiche ar Pháirc an Chathánaigh agus cé nárbh é sin an toradh a raibh súil ag Galway United leis, is cinnte nach bhfuil muintir na Ceathrún Rua ligthe i ndearmad acu.

Cúpla seachtain ó shin, tugadh coiste Pháirc an Chathánaigh isteach chomh fada le Páirc Éamonn Deacy do chomóradh 30 bliain na hócáide agus cuireadh fáilte oifigiúil rompu ag leath-am i gcluiche Galway United i gcoinne Bohemians. Bhí O’Connell buíoch gur léirigh an cumann an t-ómós sin don phobal a tháinig i gcabhair orthu tríocha bliain ó shin.

“Is iad muintir na Ceathrún Rua na laochra anseo. Gan iad, ní rachadh an cluiche ar aghaidh i nGaillimh. Léirigh siad céard a bhí i gceist le bheith i d’fhíor-Ghael agus bhí sé tábhachtach dúinn i Galway United ómós a thabhairt dóibh. Léirigh sé nach bhfuil dearmad déanta ar an gcúnamh sin a thug siad don chumann.”

Fág freagra ar '‘Cheap na hÍsiltírigh gur leaindeáilte ar an ngealach a bhí siad!’ – an lá ar tháinig Corn UEFA chomh fada le Conamara'