‘Chaos at the lingerie party’ agus ceachtanna na ‘Real Housewives’ do Dhún na nGall

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Ag scimeáil i measc na gcainéal, ó Orange County go dtí Cluain Eois, a bhí an Saighdiúir an tseachtain seo

‘Chaos at the lingerie party’ agus ceachtanna na ‘Real Housewives’ do Dhún na nGall
Pictiúr: INPHO/Presseye/John McIlwaine

Tharla sé arís. Leathchluiche maith idir Donnie Gall agus Tum Eoghain. Bhí cuma ar an scéal go mbeadh an dá fhoireann in iomaíocht le chéile go dtí an dé deiridh. Níorbh amhlaidh é. Bhí Tum Eoghain chun tosaigh faoi dheireadh an chéad leatha agus choinnigh siad greim an fhir bháite ar an chluiche go dtí go ndearna an réiteoir gar dúinn uilig agus an cluiche traenála a thabhairt chun críche.

Níl an saighdiúir bocht coise seo eolach go leor ar theaicticí le go mbeadh sé in ann breithiúnas a thabhairt ar na nithe ba thromchúisí sa chluiche. Ba léir do ghinearáil Ultacha na tráchtaireachta, ámh, go raibh foireann mhaith eile curtha le chéile ag Mickey Harte agus go dtabharfadh siad dúshlán Chiarraí agus na nDubanna. Anois, bhuel?! Bhí Harte i ndiaidh plean cogaidh a chur le chéile nach raibh na Conallaigh in ann déileáil leis, a dúradh.

Faraor, is doiligh domsa amharc ar chluichí atá chomh saor sin ó iomaíocht. De réir mar a chuaigh an cluiche ar aghaidh is amhlaidh gur mhéadaigh ar an chathú dul a scimeáil i measc chainéil SKY. Leoga, shíl mé go raibh clár maith faisnéise faoi chúrsaí CLG aimsithe agam – The Real Housewives of Orange County – ach an bhfuil a fhios agat seo, ní clár é faoi mhná pheileadóirí Ard Mhacha ach sraith faoi mhná as California.

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil a gcuid fadhbanna féin acu nó nach dtig linn ceachtanna saoil – mar a déarfadh na Poncánaigh – a fhoghlaim. Bhí Gretchen agus Alexis i ndiaidh titim amach le chéile. Ar nós pheileadóirí Dhún na nGall, ní raibh siad ag caint le chéile agus is drochrud é sin ar an pháirc agus taobh amuigh di. Bhí uaigneas ar Vicki i ndiaidh a colscartha. Ní raibh fear de dhíth uirthi leis na dolaí a íoc – bean mhaith gnó a bhí inti – ach theastaigh caidreamh uaithi – oiread chéanna le líne lántosach Thír Chonaill.

Ní raibh gach aon duine éadóchasach, ámh. “The Lord has a plan for everything,” arsa Lydia. Oiread chéanna le Mickey Harte!

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Buíochas mór do Dhia as an iomáint! Cluiche ar dóigh idir na Corgis agus Port Larry. Scil, paisean, cumas. Is fada ó d’amharc mé ar chluiche iomána ó thús deireadh ach thuill an cluiche seo ómós agus urraim. Ní thiocfadh leat gan é a mholadh. Leoga, i bhfianaise chumas na n-iománaithe, déarfainn go mbeadh sé doiligh ag Wonder Woman féin áit a fháil ar cheachtar den dá phainéal. Bheadh sí inchurtha leis na fir gan amhras – is banlaoch de chuid na nAmazónach í i ndeireadh thiar thall – ach Wonder Woman a bhí san uile iománaí an lá sin, Wonder Woman a bhí san uile mhac máthar acu. Bród a chuirfeadh siad ar Wonder Woman féin. Bheadh sise breá sásta dul sa bhearna bhaoil leo.

Lándáiríre atá mé. Níl mé ag iarraidh leithscéal a sholáthar don Eagarthóir pictiúr den spéirbhean sin, Gal Gadot, a chur ar an cholún don tríú seachtain i ndiaidh a chéile.

Pictiúr: INPHO/Presseye/John McIlwaine

Imeacht nó fanacht? Sin an cheist. 63 nóiméad caite sa chluiche idir Tum Eoghain agus Dún na nGall agus bhí na sluaite Conallacha le feiceáil ag imeacht as Cluain Eois. Níor dheas an radharc é. Tuigeann tú dóibh, gan amhras. Is mór an t-ualach ar an chroí an chaill ar laethanta den tsórt sin – go háirithe agus mórán daoine den tuairim – mé féin san áireamh – nach raibh sé soiléir cé a bhainfeadh.

Mar sin féin, mar sin féin…

Bhí mé uair i láthair ag cluiche mór idirchontae. Bhí contae amháin in ard a réime agus contae eile ag teacht chucu féin i ndiaidh tamaill fhada san fhásach. Mhair an choimhlint seal beag go dtí go bhfuair an contae in ard a réime an lámh in uachtar ar an liathróid agus, bhuel, níl fiacha ormsa an scéal a chríochnú.

Baineadh duine de réaltaí an chontae a bhí ag teacht chucu féin den pháirc. Peileadóir ar dóigh a bhí ann ach ní raibh an t-ádh air an lá áirithe sin. Shuigh sé in aice liomsa ar na coiscéimeanna crua in áit suí lena chomrádaithe, ar mhéid a dhíomua. “An bhfuil mórán ama fágtha?” a d’fhiafraigh sé díom. “Roinnt nóiméad,” a dúirt mé. Sílim gur chuir sin leis an díomua; smál ar a onóir a bhí ann gur baineadh den pháirc é.

Bhí sé briste brúite; bhí an brón sin air a bhíos ar lucht spóirt nuair a éalaíonn aisling an ghradaim mhóir orthu; nuair a chailltear an deis; nuair a bhréagnaítear an dóchas.

Ach shuigh sé, d’amharc sé agus d’fhan sé go dtí an deireadh ar fad ar fad.

Eagla atá orm go bhfuil The Real Houswives of Orange County i ndiaidh dochar a dhéanamh dom. Bhí mé ag déanamh réidh le hamharc ar an Sunday Game nuair a chonaic mé go raibh The Real Housewives of New York City le bheith ann agus scaoll orthu faoi “chaos at the lingerie party”. Is measa sin, gan amhras, ná ‘chaos’ i gCluain Eois

Fág freagra ar '‘Chaos at the lingerie party’ agus ceachtanna na ‘Real Housewives’ do Dhún na nGall'