‘Chaithfeadh duine éigin ‘enough is enough’ a rá’ – ag géarú ar an mbrú faoi mhaoiniú breise don phleanáil teanga

Tá brú mór á chur ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maoiniú breise a chur ar fáil do chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht agus idir pholaiteoirí agus saineolaithe ag moladh do choistí pleanála teanga tacú le Fóram Chois Fharraige agus ‘an fód a sheasamh’

‘Chaithfeadh duine éigin ‘enough is enough’ a rá’ – ag géarú ar an mbrú faoi mhaoiniú breise don phleanáil teanga

Tá ag géarú ar an mbrú atá á chur ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maoiniú breise a chur ar fáil do chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht ó dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga don mhaoiniú a tairgeadh dóibh chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm.

Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, tráthnóna inné go mbeadh meitheal pleanála teanga na dúiche sin ag tacú le seasamh Fhóram Chois Fharraige.

Dúirt Ó Sé le Tuairisc.ie go raibh sé ag súil go n-éireodh le Fóram Chois Fharraige tuilleadh maoinithe a fháil, ach thug sé le fios dá dtarlódh nach mbeadh ar fáil ach an €100,000 in aghaidh na bliana do phlean teanga nach mbeadh aon ghlacadh lena leithéid de thairiscint i gCorca Dhuibhne ach an oiread.

Mhol iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív cinneadh Fhóram Chois Fharraige diúltú don tairiscint €100,000 ó Údarás na Gaeltachta.

“Chaithfeadh dream éigin ‘enough is enough’ a rá. Is é an meon atá ag an Rialtas seo ná gur leor iarrachtaí deonacha chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm agus níl aon spéis acu i gcur chuige ceart stáit le dóthain acmhainní.

“Bheinnse ag moladh do chuile choiste pleanála teanga ar fud na Gaeltachta seasamh le chéile agus diúltú don mhaoiniú. Mura seasann daoine le chéile níl aon bhealach go n-éireoidh leo a chur in iúl don rialtas go bhfuil sé seo an-dáiríre ar fad, mar ní léir go bhfuil an rialtas seo dáiríre faoi ar chor ar bith,” a dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Agus lucht pleanála teanga in dhá cheann de na mórcheantair Ghaeltachta is láidre – Cois Fharraige agus Corca Dhuibhne – ag seasamh an fhóid maidir le ceist an mhaoinithe, mhol an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh mar chomhairleoir ar phlean teanga Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go seasfadh lucht pleanála teanga Dhún na nGall an fód chomh maith.

“Mholfainnse dóibh cur leis an dá dhream eile, ar a laghad ansin beidh ar dhaoine a theacht chucu agus an cheist a phlé, ach má théann cuid acu ar aghaidh agus cuid eile gan dul ar aghaidh, beidh an scoilt chéanna ann a bhíonn i ngach iarracht mar seo,” a dúirt an tOllamh Ó Baoill le Tuairisc.ie aréir.  

Dar le Ó Baoill nach bhfuil an tacaíocht cheart á tabhairt don phleanáil teanga agus gurb í “an teip” a bheidh i ndán di cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Tá ráite chomh maith ag iarcheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta Tomás Mac Con Iomaire, duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, gur cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a thógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie cheana gur cheart go dtiocfadh na heagraíochtaí pleanála teanga “le chéile” agus go bhfógróidís “go poiblí” nach mbeadh aon bhaint acu leis an bpróiseas nó go gcuirfí “maoiniú agus acmhainní cearta” ar fáil dóibh.

Trí cinn de phleananna teanga atá aontaithe agus seolta go dtí seo: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

Is é Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga an chéad dream a dhiúltaigh go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis  an bplean a chur i bhfeidhm as seo go ceann seacht mbliana, atá á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Ag labhairt dó ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Stiúrthóir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, Tadhg Ó Conghaile, go mbeadh an tÚdarás agus Roinn na Gaeltachta sásta casadh le hionadaithe ón bhFóram “an tseachtain seo nó an tseachtain seo chugainn” chun “iarracht a dhéanamh teacht ar chuid den airgead más féidir é”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Micheál Ó hÉanaigh le Tuairisc.ie cheana áfach gur “ceist do Roinn na Gaeltachta” í aon cheist faoi aon ardú ar an maoiniú do na coistí pleanála teanga.

Thug urlabhraí sinsearach de chuid na Roinne le fios do Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo nach mbeadh aon ardú ar an €100,000 atá geallta do choistí pleanála teanga na Gaeltachta de thoradh an €1.4 milliún breise a fógraíodh don phleanáil teanga i mBuiséad 2018.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta do Tuairisc.ie gur €2.65 milliún ar fad a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn don phleanáil teanga sna 26 limistéar pleanála teanga, sna bailte seirbhíse agus sna líonraí teanga a thagann faoi scáth an chórais pleanála teanga.

Dheimhnigh an t-urlabhraí nach gcuirfear leis an €100,000 atá geallta “mar thús” do choistí pleanála teanga as an gciste €2.65 milliún.

Dúirt urlabhraí na Roinne go bhféadfadh coistí pleanála teanga cur lena mbuiséad don bhliain seo chugainn trí chur isteach ar scéimeanna tacaíochta Gaeltachta eile na Roinne. Is fiú €6.4 milliún i maoiniú reatha agus €2.3 milliún i maoiniú caipitil na scéimeanna sin.

Dúirt an t-urlabhraí go mbeifí ag déanamh anailíse ar na pleananna teanga de réir mar a thagann siad isteach agus go ndéanfaí na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta “a leasú de réir riachtanais na gcoistí pleanála teanga”.

Dúirt iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir nach airgead mór a bhí á lorg ag Fóram Chois Fharraige ach dóthain airgid leis an gcúram a leag an Rialtas orthu a dhéanamh.

“Cad is fiú plean maith a réiteach bunaithe ar mhaoiniú áirithe agus ansin dul ar aghaidh leis agus fios agat nach bhfuil an maoiniú réasúnta sin ar fáil? Ní bheadh aon fhadhb anseo dá gcomhlíonfaí an gheallúint i gclár an rialtais go ndéanfaí infheistíocht bhreise i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Ní bheadh aon fhadhb ann dá mbeadh timpeall €5 mhilliún breise curtha ar fáil i mbliana, ach níl sé ag tarlú. Níl aon rogha eile ag na coistí pleanála ach an fód a sheasamh go dtí go n-aithníonn siad [An Rialtas] cé chomh tromchúiseach is atá an scéal, go dtí go ndéarfaidh duine éigin acu, ‘má táimid dáiríre faoi seo caithfimid é a dhéanamh anois agus é a dhéanamh i gceart,” a dúirt Ó Cuív.

Níos luaithe an mhí seo, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, go mbeidh ar choistí pleanála teanga sa Ghaeltacht “a gcuid tosaíochtaí a aithint” laistigh den bhuiséad a bheidh ar fáil dóibh agus leid tugtha aige nár cheart do choistí a bheith ag brath ar mhaoiniú breise chun na pleananna teanga atá acu a chur i bhfeidhm.

“Fearacht gach réimse eile caiteachas poiblí beidh gá do gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu le hullmhú agus le feidhmiú pleananna faoin bpróiseas in am trátha a gcuid tosaíochtaí a aithint laistigh den chistíocht atá agus a bheidh curtha ar fáil,” a dúirt an tAire McHugh.

Fág freagra ar '‘Chaithfeadh duine éigin ‘enough is enough’ a rá’ – ag géarú ar an mbrú faoi mhaoiniú breise don phleanáil teanga'

  • Ruairí

    Nár dhúirt Tomás Mac an Iomaire atá ag obair go deonach ar phleanáil teanga ar an gCeathrú Rua “enough is enough” nuair a mhol sé go dtosódh na coistí pleanála teanga feachtas aontaithe. Tá sé náireach an caoi a bhfuil an rialtas ag caitheamh leis na hoibrithe dheonacha pobail seo. Agus é ag cur a ladar sa scéal ag an staid dheireanach níor chóir don Iar-aire Ó Cuiv Éamonn na coistí cráite pleanála teanga a úsáid go siniciúil chun poinntí pholaitiúla réamhthoghchánaíochta a scóráil. Ní raibh sé de mhisneach aige seasamh láidir a thógaint ar an gceist taobh istigh dá pháurtí fhéin agus Fianna Fáil i mbun stocaireachta le Fine Gael roimh an bhuiséid.

  • Jamie Ó Tuama

    Is ionann an €100,000 atá á chur ar fáil don Phleanáil Teanga i gceantar pleanála teanga Chois Fharraige agus tuarastal Teachta Dála. Smaoinigh ar an gcaoi sin air!