Chaithfeá a rá go bhfuil an-ghealladh faoi na Déise 

Ag tosach na bliana bhí Port Láirge ag uimhir 8 ar liosta na foirne is fearr sa tír ag ár gcolúnaí. Tá sé anois den tuairim go bhfuil siad i measc na gceithre foirne is fearr

Mark Ellis (Corcaigh) agus Austin Gleeson (Port Láirge) in athimirt chluiche ceathrú ceannais na Mumhan anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Mark Ellis (Corcaigh) agus Austin Gleeson (Port Láirge) in athimirt chluiche ceathrú ceannais na Mumhan anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ag leanúint ar aghaidh le súil siar ar an mbliain iomána atá díreach thart, cé is moite den fhoireann a bhuaigh an duais mhór (arís), ní dóigh liom go bhfuil mórán contaetha eile sásta, taobh amuigh de Phort Láirge.

Caithfidh go n-aithníonn siad go ndearna siad dul chun cinn suntasach i 2015. B’éacht ceart é teacht as roinn 1b agus an tsraith ina hiomláine a thabhairt leo.

Thóg siad ar an mbua sin agus d’éirigh leo cluiche ceannais chraobh na Mumhan a bhaint amach agus, níos déanaí, cluiche leathcheannais na hÉireann. Ag tosach na bliana chuirfinn iad ag uimhir a hocht ar liosta na foirne is fearr sa tír. Anois déarfainn go bhfuilid i measc na gceithre foirne is fearr. Tá foireann óg acu, bainisteoir cumasach agus a lucht leanta meallta arís acu. Chaithfeá a rá go bhfuil an-ghealladh faoi na Déise.

Ní fhéadfá an rud céanna a rá faoi Loch Garman. Ag tosach na bliana, bhí cuid mhaith dóchais sa chontae fúthu. Ach faraor, níor chuireadar leis an méid a bhí déanta i 2014. Ina dhiaidh sin féin, tá trí chraobh Laighean faoi-21 buaite acu i ndiaidh a chéile agus is cúis bhróid é sin ach ós a choinne sin, cé is moite de Conor McDonald, níor sheas mórán eile amach dóibhsean i mbliana. Is dóigh go bhfanfaidh Cill Chainnigh, Gaillimh agus Baile Átha Cliath mar uimhir a haon, a dó, agus a trí sa chúige agus nach mbeidh ag Loch Garman ach sop in áit na scuaibe ar feadh tamaill eile.

N’fheadar cad is féidir a rá faoin nGaillimh? Suas go dtí an dara leath den chluiche ceannais, bheinn ag rá go raibh bliain an-sásúil acu. Ach sa dara leath sin, ní rabhadar láidir, glic ná fíochmhar go leor do Chill Chainnigh. Ach an bhfuil aon chontae maith go leor dos na Cait? I láthair na huaire, níl.

Mar sin, agus gach rud á chur sa mheá, ceapaim go ndearna an Ghaillimh dul chun cinn i mbliana agus níl aon dabht ná gur fhoghlaim na himreoirí mórán ón gcluiche craoibhe agus go mbainfidh siad tairbhe as an taithí sin sna blianta amach romhainn.

Caithfidh go bhfuil muintir Thiobrad Árann díomách faoi conas a chríochnaigh an bhliain iomána dóibhsean. Ag tosach na bliana bhí gach cuma ar an scéal gurb iad féin agus Cill Chainnigh a bheadh á fhéachaint lena chéile arís i mí Mheán Fómhair ach ní mar sin a tharla.

Trí bliana ó shin bhí ríméad sa chontae nuair a ainmníodh Éamonn Ó Sé mar bhainisteoir na foirne. Bhí formhór de lucht leanúna na dTiobradach ar aon fhocal gurbh é Éamonn an fear ceart don phost. Ach tar éis go raibh an fhoireann breac le réalta, níor éirigh leis ach Craobh Mumhan amháin a bhuachaint leo agus, dar ndóigh, theip orthu an duais is tabhachtaí a fháil.

Tá scata maith imreoirí cumasacha acu ach fós ach tá mórán ceisteanna fúthu. Beidh Michael Ryan i bhfeidhil do 2016 agus mórán brú air.

Ar bharr an dréimire fanann cúrsaí mar a bhí anuraidh agus mar a bhíonn de ghnáth. Tá éad orainn faoin méid atá buaite ag Cill Chainnigh faoi stiúir Bhriain Cody.

Bhí tamall ann nuair a thabharfaí suntas don imreoir a bhfuil trí nó ceithre bhonn Uile-Éireann aige, ach anois is ocht nó naoi gcinn a bhíonn ag na Cait gan trácht ar Henry agus na deich gcinn atá buaite aigesean. B’fhéidir go mbeadh duine nó beirt eile ar aon dul leis an bhliain seo chugainn.

Mar a deir an seanrá Fraincise “plus ça change, plus c’est la même chose”.  

Fág freagra ar 'Chaithfeá a rá go bhfuil an-ghealladh faoi na Déise '