Chaill Ciarraí agus bhí trua ag an Ultach seo dóibh! Is ait an mac an saol…

SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Is drochrud amach is amach é trua a bheith ag Ultach ar bith do Chiarraí ach sin mar a bhraith, a deir an Saighdiúir

Chaill Ciarraí agus bhí trua ag an Ultach seo dóibh! Is ait an mac an saol…

Trua do Chiarraí!

Ag dul in olcas atá cúrsaí peile. Cinnte, bhí cluiche ar dóigh againn inné idir na Dubanna agus Ciarraí. Léirigh na Dubanna go raibh sracadh iontu agus d’aimsigh siad cúilíní den scoth ar feadh an chluiche. Leoga, thug siad droim láimhe leis an tsean-nath sin – “Goals win matches!”. Ciarraí a d’aimsigh na cúil ach is ag na Dubanna a bhí an lá.
Mar sin féin, ní hé caighdeán na peile atá i gceist agam ach an mothú aisteach sin a bhí orm i ndiaidh an chluiche – bhí trua agam do Chiarraí! Is drochrud amach is amach é trua a bheith ag Ultach ar bith do Chiarraí. Tá muid ag gearán linn ar feadh na mblianta nach raibh le déanamh ag Ciarraí ach Corgi a chloí i gCúige Mumhan, cluiche leathcheannais a imirt agus an chraobh a bhaint amach. Ní dhearna na babhtaí cáilithe mórán difir don chur chuige ach deis bhreise traenála a chur ar fáil.
Ach amharc! Ní slán don chur chuige sin níos mó. Sa chás go gcastar na Dubanna ar Chiarraí, cailleann siad! Níor shíl mé féin go gcaillfeadh siad inné. Shíl mé nuair a bhí Ciarraí chun tosaigh gur mar sin a bheadh go deireadh an chluiche. Shíl mé go mbeadh siad cliste go leor, cumasach go leor agus ciallmhar go leor leis an chluiche ceannais a bhaint amach. Ciarraí atá ann. Ní chailleann Ciarraí ar ócáidí den sórt seo.
Ach chaill siad agus mothaím chomh haisteach sin faoi. Bhí mé ag súil go mbeadh lá mór eile ag an Gooch agus go mbeadh deis aige bonn uile-Éireann eile a bhain amach. (Tá gean agam ar rudaí rua!)
Trua do Chiarraí? “A terrible beauty is born”!
Agus níos measa arís? Is ag brath ar Mhaigh Woe a bheas muid le cluiche fiúntach ceannais a chur ar fáil!

Bhí an t-ádh ar na Ceiltigh

Nach ar Cheiltigh Ghlaschú a bhí an t-ádh gur tháinig siad slán in aghaidh Hapoel Be’er Sheva? Thug foireann Iosrael dúshlán na gCeilteach agus is beag nár bhain siad. Tuigfidh bainisteoir na gCeilteach Brendan Rodgers agus an lucht leanúna an obair mhór a bheas rompu i Sraith na Seaimpíní. Beidh Barcalona, Manchester City agus Borussia Mönchengladbach doiligh le cloí sa bhaile agus as baile. Mar sin féin, beidh Parkhead lán go doras do na cluichí sin agus beidh dóchas ina gcroí agus paidreacha ina mbéal ag an lucht leanúna. (Oiread céanna leis an fox hole cáiliúil, ní dóigh liom go mbíonn aindiachaí ar bith sna seastáin agus do chlub ag imirt.) Cibé a tharlaíonn, is oíche mhór peile í Barcalona bheith ar cuairt agat agus nach mór an tógáil meanman foireann chomh mór sin a fheiceáil ag triall ar Ghlaschú? Anois ar theacht an fhómhair!

An rud is annamh…

Fáinleog a chaitheann an geimhreadh in Éirinn; gráinneog lom; rothar gan roth; babaí gan bhuidéal; ciaróg nach n-aithníonn ciaróg eile; caoirigh caillte i Páirc an Chrócaigh!

Fág freagra ar 'Chaill Ciarraí agus bhí trua ag an Ultach seo dóibh! Is ait an mac an saol…'