Ceoltóir ón nGailís ag triall ar an Daingean d’Fhéile na Bealtaine

Tá Belén Tajes ag glacadh páirte sa togra ‘Tosta’ ag Féile na Bealtaine agus í sa tóir ar na ceangail idir traidisiúin cheoil agus mara na hÉireann agus a tíre dúchais

Belen Tajes: Ba mhaith liom Leabhar amhrán a fhorbairt bunaithe ar amhráin na mara i nGaeilge agus im’ theanga féin, Galego.
Belen Tajes. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

I mbliana tá Donostia/San Sebastian, i dTír na mBascach aitheanta mar Chathair Chultúir na hEorpa 2016 agus i measc na dtograí atá ar chlár na bliana tá ‘Tosta’.

Tá seacht bpobal teanga ar chósta an Atlantaigh ag glacadh páirte i ‘Tosta’ – Albain, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine, An Fhreaslainn, Tír na mBascach, An Ghailís agus Éire – agus a dtraidisiúin láidre mara á gceiliúradh acu i dteannta a chéile.

Is í Belén Tajes, píobaire agus snagcheoltóir, ionadaí na Gailíse do ‘Tosta’. Thug Tajes tréimhse mar ealaíontóir cónaitheach ar an Spidéal, i gConamara ach atá sí anois sa Daingean i gCiarraí d’Fhéile na Bealtaine. Tá Belén ar bís faoi bheith in Éirinn.

Deir sí go bhféachann muintir na Gailíse ar Éirinn, mar “íomhá” díobh féin “sa scáthán”.

“Tá tírdhreach ár dtíre an-chosúil le tírdhreach na tíre seo, tá cultúr Ceilteach eadrainn agus tá gaol an-láidir againn leis an dúlra agus le traidisiún na mara,” a deir sí.

Tá ceangail éagsúla eile idir a baile féin, Coruña, agus an Daingean. Má tá Fungie ag muintir an Daingin amháin tá a ndeilf féin i gcuan Coruña acu, Nina, atá ag déanamh cairdis le daoine le blianta fada.

Deirtear chomh maith gur Spáinnigh a thóg an chéad séipéal ar láthair Shéipéal Naomh Séamus sa Daingean. Théadh lucht oilithreachta sa chúigiú agus sa séú haois déag ón nDaingean go dtí Santiago de Compostela.

Tá an ceangal ceoil ann chomh maith gan amhras.

“Tá ár n-amhrán náisiúnta bunaithe ar scéal an Rí Breogán. Mac le Míl ab ea Breogán. De réir Leabhar Gabhála Éireann, tháinig Mílidh Easpáinne ó thuaisceart na Spáinne (An Ghailís) go hÉirinn. De réir fhinscéalta na Gailíse, thóg Breogán teach solais agus an chathair Brigantia (Coruña an lae inniu) agus nuair a chonaic sé Éire ó bharr an tí solais, rinne sé cinneadh imeacht ann.

“Is é fáth mo thurais go hÉirinn ná na nascanna idir an tír seo agus An Ghailís a aimsiú. Dá bhrí sin, tá fíorshuim agam san amhránaíocht ar an sean-nós agus sna traidisiúin a bhaineann leis an bhfarraige. Is é an aidhm atá agam leis an togra seo ná leabhar amhrán a fhorbairt bunaithe ar amhráin na mara i nGaeilge agus im’ theanga féin, Galego,” a deir Belén.

"Tá fíor-shuim agam san amhránaíocht ar an Sean-nós agus ins na traidisiúin a bhaineann leis an bhfarraige"
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí a turas go dtí seo mar a bheadh brionglóid ann, a deir sí.

“Tá na daoine fíorchairdiúil agus nuair a thagann an fhearthainn, braithim go bhfuilim sa mbaile. Tá ardtaitneamh á bhaint agam as!”

Maidir le ‘Tosta’ féin, cruthófar baile beag cois trá sa Daingean timpeall ar na hárthaigh atá tar éis taisteal thar farraige ó Donastia sa Spáinn. Beidh ceol agus ealaín ar bun sa ‘baile’ beag seo.

Is é buaicphointe chlár Tosta ná ceolchoirm Banna Tosta a bheidh á stáitsiú i Halla na Feothanaí – i gcomhar le Scléip Chorca Dhuibhne.

Is le cabhair deontais ó Ealaín na Gaeltachta atá Tosta ag teacht go Corca Dhuibhne.

Beidh ‘baile’ Tosta sa Daingean go dtí Dé Domhnaigh an 1 Bealtaine mar chuid d’Fhéile na Bealtaine.

Tá clár imeachtaí Fhéile na Bealtaine ar fáil le híoslódáil anseo.

Fág freagra ar 'Ceoltóir ón nGailís ag triall ar an Daingean d’Fhéile na Bealtaine'