Ceoltóir agus cumadóir den scoth ba ea Glen Frey

Aon bhliain déag a bhí ár gcolúnaí nuair a chuala sé na Eagles ag casadh den chéad uair. Tá sé ina andúileach ó shin

Glen Frey

Baineadh preab mhór asam maidin Dé Luain seo caite nuair a d’airíos Séamus Mac Donnchadha ag fógairt ar Adhmhaidin go raibh ancaire na Eagles, Glen Frey, caillte.

Aon bhliain déag a bhíos-sa nuair a chuala na Eagles den chéad uair. Uncail dom, a bhí ar cuairt anall as Meiriceá, a chas Take it Easy agus Hotel California ón albam, ‘Eagles Live’, ar vinyl dom i dteach mo Mhamó, agus táim im’ andúileach ó shin. 

Ba iad Glen Frey agus a leathbhádóir, Don Henley, is mó a chum agus a chas amhráin na Eagles. Ba é Frey a bhunaigh an grúpa agus a bhí ina cheann feadhna orthu ar stáitse. 

Ceoltóir agus cumadóir den scoth ba ea é agus, fearacht na mball eile den ghrúpa, ní i gcónaí a thugtar a cheart dó.

Frey

Ag caint dó níos luaithe an tseachtain seo, dúirt a chomchumadóir, Don Henley, gurbh ionann bás a charad agus ‘deartháir’ a imeacht uaidh.

Is eol do chách faoin am seo mar a fuair na duáilcí ar fad a ghabhann leis an gcáil agus le baois na hóige an lámh in uachtar ar chúrsaí caidrimh idir baill an ghrúpa ó am go chéile, ach tarlaíonn a leithéid do gach banna ceoil a n-éiríonn leo, agus leomhfainnse a rá gur cúis ceiliúrtha é gur casadh an seachtar seo ar a chéile ag amanna difriúla sna seachtóidí agus gur chum siad cuid de na hamhráin is breátha dár scríobhadh riamh le linn na fichiú haoise i réimse an rac-cheoil agus an rac-cheoil tuaithe.

Ba mar ghrúpa taca ag Linda Ronstadt, amhránaí breá eile, a thosaigh Don Henley, Glen Frey, Randy Meisner agus Bernie Leadon i dtús na seachtóidí. Bhí Ronstadt chomh tógtha sin leo gur thug sí cuireadh dóibh casadh ina teannta le haghaidh an dara turas. Thóg Frey agus Henley cúpla lá dóibh féin chun a machnamh a dhéanamh ar an scéal.

Tar éis tamaill, d’iontaigh Frey ar Henley agus dúirt: “I’d prefer to be in a band with you.” Ba é an freagra ceannann céanna a fuair Frey ó Henley. Ní hamháin nár chuir cinneadh na beirte isteach ar Ronstadt ach ghuigh sí chuile rath orthu. Ba léir le haimsir gur freagraíodh a guí.

De réir mar a bhog siad amach ón gceol tuaithe agus níos mó i dtreo an rac-cheoil, thug siad cara le Bernie Leadon, Don ‘Fingers’ Felder, isteach sa ghrúpa agus tamall ina dhiaidh sin, Joe Walsh, a tháinig i gcomharbacht ar Leadon.

The Eagles
Na Eagles (1977) Joe Walsh, Randy Meisner, Don Henley, Glenn Frey agus Don Felder

D’ardódh an bheirt seo leibhéil fuinnimh agus stádas rac an ghrúpa agus baint mhór acu le hamhráin ar nós Hotel California  – ‘anthem’ na Eagles – agus Life in the Fast Lane a chumadh. Is iad, leis, a chloistear ag tionlacan leithéidí One of These Nights agus Lyin Eyes, amhrán mór de chuid Frey.

Go deimhin, is beag amhrán nach raibh baint ag Frey agus Henley leis agus chinntigh ceann acu, Take it to the Limit, cáil dhomhanda do na Eagles. I dteannta le fear an doird ag an am, Randy Meisner, a chum siad Take it to the Limit agus is é Meisner féin atá le haireachtáil á chasadh. Rinne siad de réir an phoirt agus bhain barr cáile agus barr feabhais amach dóibh féin.

Shocraigh Meisner imeacht ina dhiaidh sin, agus tugadh deis do Timothy B. Schmidt teacht ina áit. Is é an t-amhrán I Can’t Tell You Why is mó a shamhlaítear le Schmidt – ceann a chum sé in éineacht le Don Henley agus Glen Frey – cé eile? An duo céanna a chum an ‘hit’ mór, Heartache Tonight, i dteannta le J.D. Souther agus Bob Seger, agus is é Frey a phríomhamhránaí-sean.

Tá na leaganacha agus na taifeadtaí is fearr d’amhráin na Eagles le cloisteáil ar an albam ‘Eagles Live’, a eisíodh sa bhliain 1980, go gairid i ndiaidh don ghrúpa briseadh suas.

Creid leat uaim é, a léitheoir, nuair a deirim nach féidir le duine feabhas agus seinm an cheoil ag na Eagles a thomhas is a mheas go cruinn nó go n-éisteoidh sé leis an albam seo. Díol suntais, cuir i gcás, a laghad daoine a bhfuil na leaganacha seo de Wasted Time, New Kid in Town agus Take it to the Limit cloiste acu, ní áirím Desperado ar an albam céanna. Ach, ar ndóigh, is le Take it Easy (éist thíos) agus Peaceful Easy Feeling is mó a shamhlaítear Glen Frey.

Is é mo ghuíse gurb é scéal na n-amhrán sin a scéalsan anois.

Ceoltóirí den chéad scoth ba ea na Eagles, ina nduine is ina duine, agus mar ghrúpa.

Agus chuile ré den bhanna á cur san áireamh, is iad baill na bhFiolar, ó thús deireadh: Glen Frey, Don Henley, Randy Meisner, Bernie Leadon, Don Felder, Joe Walsh, agus Timothy B. Schmit.

Go raibh maith agaibh as an gceol, a fheara – agus go raibh maith ag Glen – ba leis-sean an smaoineamh an chéad lá riamh scata fear óg a thabhairt le chéile chun cúpla amhrán a rá.

Go ndéana Dia a mhaith air.

Fág freagra ar 'Ceoltóir agus cumadóir den scoth ba ea Glen Frey'