Premiere domhanda de ‘Nora Barnacle’ á léiriú anocht

Cuirfear tús anocht le léiriú nua ceoil ar shaol Nora Barnacle sa Cheoláras Náisiúnta. Tá Nuala Ní Dhomhnaill ar dhuine de na daoine a raibh baint acu le cumadh na n-amhrán lena aghaidh

Rita Connolly a ghlacfaidh páirt Nora Barnacle sa cheoldráma anocht
Rita Connolly a ghlacfaidh páirt Nora Barnacle sa cheoldráma anocht

Cuirfear chun stáitse tráthnóna cnuasach amhrán nuachumtha faoi shaol Nora Barnacle.

Sa Cheoláras Náisiúnta a léireofar Nora Barnacle, a dhéanfaidh scagadh ar an ngaol a bhí aici le James Joyce agus ar a saol corraitheach le chéile.

Is é Shaun Davey, a scríobh The Brendan Voyage agus Granuaile, a chum na hamhráin i dteannta le Nuala Ní Dhomhnaill, file, agus Rita Connolly, fonnadóir, chun saol suaithinseach Barnacle agus Joyce a insint.

Is ar an gcoigríoch a chaith Joyce agus Barnacle an chuid is mó dá saol. Bhí siad i bPáras, Trieste agus Zurich na hEilvéise, áit a bhfuair Joyce féin bás sa bhliain 1941.

Bhí caidreamh paiseanta ag an mbeirt lena chéile, é lán de theaspach, ach tháinig deireadh truamhéalach leis.

Is iomaí cor agus casadh a bhí sa saol acu roimhe sin, áfach, agus i 1904, theitheadar ó Bhaile Átha Cliath agus thug aghaidh ar an Iodáil, mar a rabhadar beo bocht. B’éigean dóibh dídean a fháil san Eilvéis le linn don Dara Cogadh Domhanda a bheith ar siúl. Bhí cónaí orthu i bPáras freisin, mar a ndearna uaisle na cathrach – an ‘avant-garde’ – a gcuid saothar a cheiliúradh.

Is é David Brophy a bheidh ag stiúradh an cheoil agus i measc na gceoltóirí a sheinnfidh faoina chúram, beidh Brian Connor ar an bpianó; Eoin Ó Beaglaoich ar an mbosca ceoil agus an consairtín; John Finucane ar an gclairnéid; Gerry O’Beirne ar an ngiotár; Noel Eccles ar na drumaí agus na cnaguirlisí; agus Rita Connolly, a déarfaidh na hamhráin.

Is é an chéad saothar a tháinig ó pheann an tSeoighigh ná Dubliners, cnuasach gearrscéalta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath aimsir Pharnell. Chomh maith leis sin, scríobh sé A Portrait of the Artist as a Young Man agus Finnegan’s Wake, ach is é an ceann is cáiliúla a scríobh sé ná Ulysses. Scríofa ar chuma Oddysey, baineann an scéal seo leis na heachtraí a tharlaíonn d’fhear óg in aon lá amháin agus é ag siúl timpeall Bhaile Átha Cliath.

Leopold Bloom ainm an charachtair sin agus is i gcuimhne air siúd agus ar mhórshaothar Joyce a dhéantar an lá inniu, Bloomsday, a cheiliúradh.

 

Nora Barnacle

An Ceoláras Náisiúnta, anocht ag 8.00 pm

Fág freagra ar 'Premiere domhanda de ‘Nora Barnacle’ á léiriú anocht'