Ceol Gaelach le cloisteáil ar fud na Blue Mountains in Irish Town Iamáice

Lá stairiúil ba ea é sna Blue Mountains os cionn bhaile Kingston le déanaí nuair a tháinig grúpa Éireannach le chéile chun cultúr na nGael a cheiliúradh le muintir na hIamáice

Jamacia

Déantar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh i dtíortha éagsúla ar fud an domhain agus tá an Iamáice anois ina measc.

Lá stairiúil stairiúil ba ea é sna Blue Mountains os cionn bhaile Kingston le déanaí nuair a tháinig grúpa Éireannach le chéile chun cultúr na nGael a cheilúradh le muintir na hIamáice.

Tá tuairim is dhá chéad Éireannach anseo san Iamáice agus iad ag obair leis an gcomhlacht Digicel. Beagnach daichead clann ar fad atá ann.

Is pobal láidir muid agus glacaimid páirt mhór i saol Kingston. Cinnte, bímid scartha amach den chuid is mó ach tá cúis slándála leis sin mar is cathair dhainséarach í Kingston. Ach is cosúil le baile beag in Éirinn uaireanta é an áit ina bhfuil cónaí orainn anseo.

Ós rud é go bhfuil pobal Éireannach anseo ní haon ionadh go raibh fonn orainn Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh le chéile. Chuige sin, ghlac beirt bhan mhisniúla, Catherine Bradley agus Kelly-Anne Quinn orthu féin féile Ghaelach a chur ar siúl in Irish Town –cén áit eile? – sna Blue Mountains os cionn Kingston.

Téann an ceangal idir Éire agus Iamáice i bhfad siar. Tháinig na mílte Éireannach go dtí Iamáice agus go dtí na hoileáin eile sna hIndiacha Thiar sa seachtú haois déag. Nuair a chuir Cromail an ruaig ar na hÉireannaigh óna dtailte, tháinig cuid acu anseo. Príosúnaigh pholaitiúla ab ea iad ar dtús agus cuireadh iad ag obair ar na plandálacha san Iamáice. I 1932 scríobh an tAthair J.J Williams faoi theacht na nÉireannach go hIamáice ina leabhar The Black Irish of Jamaica.

Chuir na hÉireannaigh sin fúthu san Iamáice agus tá rian na nGael le feiceáil fós i logainmneacha mar Irish Town, Irish Pen, Belfast, Clonmel, Kildare, Sligoville, Ulster Springs agus araile. Deirtear gurb iad na hÉireannaigh an dara grúpa eitneach is mó san Iamáice agus a chruthúnas sin le feiceáil sna sloinnte Gaelacha anseo: Burke, Collins, O’Brien, O’Connor, Murphy agus a lán eile.

Maidir le cúrsaí teanga, níl mórán taighde déanta faoin ábhar sin, ach glactar leis, mar shampla, go dtagann an focal Patois “gansey” ón nGaeilge “geansaí” agus go bhfuil baint ag an bhfocal Patois “labrish” le “labhraímis” na Gaeilge.

Tá na hÉireannaigh fós ag teacht go hIamáice, iad fostaithe ag an gcomhlacht Digicel agus meallta ag saol Mhuir Chairib. Tháinig siad le chéile le déanaí i bpáirc spóirt sna sléibhte.

Chun go mbeadh blas fíor-Éireannach ar an lá, thit an fhearthainn anuas orainn agus bhí an teocht sna sléibhte timpeall 22 céim; aimsir cheart don lá mór Gaelach.

Cuireadh béim mhór ar an nasc idir na Gaeil agus na hIamácaigh agus sinn ag ulmhú don ócáid sna seachtainí roimpi. Chuamar suas go dtí Irish Town chun an nasc Gael-Iamácach a fhiosrú agus a phlé le muintir na háite. Cuireadh fáilte mhór romhainn agus bhí siad lántoilteanach páirt a ghlacadh sa cheiliúradh. Mar sin, bhí grúpa mór Iamácach i láthair ar an lá freisin.

Cuireadh taispeántas cultúrtha den scoth ar siúl le peil Ghaelach, iománaíocht, tarraingt téide, rásanna, caitheamh crú capall, rince Gaelach agus mórshiúl timpeall na páirce ina raibh gabhar chun tosaigh ann!

Ghlac na hIamácaigh páirt sna himeachtaí uilig agus ligeadh liú áthais as an slua nuair a chonacthas póilíní Iamácacha ag imirt iománaíochta (iad armtha le gunnaí agus camáin)!

D’itheamar na Taytos le beoir Iamácach Red Stripe agus Guinness. Thug na mná Éireannacha scónaí leo agus bhí na hIamácaigh ag cócaireacht ar an lá freisin: béile mór ackee agus iasc saillte (saltfish), , sicín jerk, rís agus pónairí.

Agus ceol Gaelach le cloisteáil ar fud na Blue Mountains chaitheamar ceithre huaire thaitneamhacha  i dteannta a chéile sula bhfuair muid an bus ar ais go Kingston. Mar is dual do na Gaeil, ní raibh deireadh leis an bhféile fós. Chuamar go dtí an Barbican Bar (beár Éireannach) áit a raibh oíche karaoke ar siúl. Bhí deis ag muintir Kingston an oíche sin éisteacht le leaganacha garbha den Irish Rover, Whisky in the Jar agus amhráin U2. Bhí gach duine againn sona sásta ag deireadh na hoíche. Lá stairiúil agus ár rian féin fágtha ar shaol na hIamáice againn.

Fág freagra ar 'Ceol Gaelach le cloisteáil ar fud na Blue Mountains in Irish Town Iamáice'