Ceobhrán draíochta le dath na gréine a chur ort féin

Téann ár gcomhfhreagraí ag lorg táirge do dhonnú bréige nach bhfágfaidh stríoca nó dath oráiste uirthi

Bikini in action

Níl sé éasca ag gnáthdhaoine gan traenáil ghairmiúil jab maith a dhéanamh de dhonnú bréige a chur ar a n-éadan féin. Bíonn imní orainn ar fad faoi phaistí aisteacha nó stríoca gránna a bheith fágtha againn, nó an dath oráiste sin a d’fhágfadh duine ina ábhar grinn ag an saol mór. 

Ach tá táirge úrnua ar an margadh anois atá éasca le húsáid agus a chinnteoidh nach ndéanaimid praiseach ar fad den scéal.

 James Read H20 Tan Mist an teideal atá ar an mbuidéal draíochta nua agus is ceo nó ceobhrán atá ann a dhéanann tú a spraeáil ort féin mar a bheadh aerasól ann.

Bhí teistiméireacht iontach air ag saineolaí amháin a dúirt go raibh sé “impossibly easy to use”. Sin anois moladh a mbeadh fáilte againn ar fad roimhe.

Go bunúsach is tonóir sláintiúil atá sa gceobhrán seo ach tá oiread na fríde de dhonnú bréige ann agus is trí úsáid rialta a dhoimhníonn an dath ar d’éadan. Oibríonn sé go mall thar roinnt laethanta agus níl aon bhaol ann dá bharr sin go rachaidh tú thar fóir agus dath mínádúrtha oráiste a fhágáil ort féin.

Tá mianraí éagsúla, rósuisce, ola chnó cócó, agus comhábhair eile do chúram cnis sa sprae áirithe seo a fhágann do chraiceann deas fionnuar.

Tá cúpla buntáiste mór ag baint leis an dtáirge nua seo a chabhróidh le daoine a mhealladh chuige.

Níl aon bhaol ann go bhfágfaidh sé smál de chineál ar bith ar do chuid éadaigh – rud nach féidir a rá i gcónaí faoi tháirgí donnaithe bréige eile.  Lena chois sin, is féidir an ceobhrán deas seo a chur ort féin sula gcuireann tú ort do chuid smididh nó is féidir é a úsáid os cionn do chuid smididh agus beidh an toradh céanna air.  Ciallaíonn sin gur féidir leat é a athúsáid le linn an lae le do chraiceann a bheochan. Chomh maith leis sin tá boladh deas bláthanna air seachas an boladh láidir agus beagán gránna a bhíonn ar chuid de na táirgí donnaithe bréige.

James_Read_H2O_Tan_Mist_1_.xxxlarge_2xGlactar leis gur saineolaí ceart ar dhonnú bréige é James Read a bhfuil an sprae draíochta seo forbartha aige. Tá cáil air sa Bhreatain go háirithe le breis agus deich mbliana anuas sa ghnó seo agus tá siopa aige laistigh d’impireacht cháiliúil Harrods in Knightsbridge Londain. Tá neart cliant cáiliúil aige, ina measc Lady Gaga agus Rosie Huntington Whiteley.

£20 steirling an costas atá ar an mbuidéal de James Read H20 Tan Mist agus tá sé le fáil ar líne anseo agus is féidir úsáid a bhaint as córas Parcel Motel lena sheachadadh chugat níos saoire.

Fág freagra ar 'Ceobhrán draíochta le dath na gréine a chur ort féin'