Cén uair a bheidh deis chomh maith arís ag Gaillimh?

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na ceisteanna is mó a d’eascair as cluiche ceannais na hÉireann inné

John Hanbury tar éis an chluiche. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cathain a bheidh deis chomh maith arís ag Gaillimh?

Dá ndéarfá le leantóirí na Gaillimhe roimh an gcluiche inné go n-imreodh John Hanbury agus Pádraig Mannion cuíosach maith, nach scórálfadh Cill Chainnigh ach cúl amháin agus go dtógfaí Richie Hogan den pháirc agus 10 nóiméad fágtha, níl aon dabht ach go gceapfaidís go raibh sársheans acu.

Cé go raibh Cill Chainnigh ar fheabhas sa dara leath inné, níl siad gar don leibhéal céanna a shroich foirne eile ón gcontae rompu, go háirithe an fhoireann a bhí ann idir 2006-2009. Faraor, chlis ar fhoireann na Gaillimhe go huile agus go hiomlán sa dara leath agus chaill siad amach ar an deis is fearr a bhí acu le fada an lá ar Chorn Mhic Cárthaigh a chrochadh leo.

Chaithfí cuid den mhilleán a chur ar na himreoirí agus cuid eile de a chur ar an bhfoireann bainistíochta. Tar éis dóibh a bheith thar barr sa chéad leath, níor léirigh na Gaillimhigh an déine, cruinneas ná an cumas céanna ina gcuid imeartha sa dara leath. Is ansin a theastaigh spreagadh agus comhairle a leasa uathu ón taobhlíne ach, faraor níor tháinig sé.

Cliseann ar Ghaillimh san ionad is láidre atá acu

Roimh an gcluiche, is iad laigeachtaí na Gaillimhe sna cúlaithe is mó a bhí ag cur imní ar dhaoine san iarthar. Mar a tharla sé, ní fhéadfaí mórán locht a fháil orthu i gcoimhlint an lae inné agus is iad na tosaithe, a thuill clú agus meas i gcaitheamh an tsamhraidh, a lig síos iad.

Thóg sé deich nóiméad ar na Gaillimhigh socrú síos ach de réir a chéile chuaigh siad i gceannas ar an gcluiche. Bhí lánchúlaí nua Chill Chainnigh Joey Holden ag streachailt agus bhreathnaigh sé go raibh Joe Canning chun sárthaispeántas a thabhairt uaidh ar an stáitse is mó. Ní mar sin a tharla, áfach, agus is ar éigean a leag sé lámh ar an sliotar sa dara leath.

Ba é an scéal céanna é ag Jason Flynn, a raibh ceithre phointe aimsithe aige faoi leath am, cúpla poc saor diamhar ina measc. Ní dhearna se aon ní cóir sa dara leath. Ba é Conor Whelan, an fear is óige ar an bpáirc, an t-aon tosach i ngeansaí na Gaillimhe a d’fhéadfadh a bheith sásta go maith leis an iarracht a chuir sé isteach sa chluiche. Ba é fear Chinn Mhara an t-aon tosach a scóráil ón imirt do na Gaillimhigh sa dara leath sin.

Is cuma cé hiad na himreoirí ag na Cait bíonn an troid chéanna iontu i gcónaí

An geimhreadh seo caite, dhealraigh sé go mbeadh sé deacair ag Cill Chainnigh foireann maith a chur chun páirce agus an méid sin imreoirí ag fógairt go raibh siad ag éirí as. D’fhág Henry Shefflin, JJ Delaney, Tommy Walsh, Brian Hogan, Aidan Fogarty agus David Herity uile slán leis an bpainéal.

Dúradh arís agus arís eile gurb é seo an fhoireann is laige a bhí ag Cill Chainnigh le fada an lá. Ag leath ama, agus iad trí phointe chun deiridh, bhreathnaigh sé go raibh cuid den fhírinne san áiteamh sin agus na Cait ag déanamh botún nach samhlófaí go deo le fir Bhrian Cody.

Tháinig athrú iomlán ar an scéal sa dara leath, áfach. Labhair Jackie Tyrell leo ag leath ama agus, pé rud a dúirt sé, ba léir gur spreag sé a chuid comhghleacaithe chun gnímh. Bhí siad ar theann a ndíchill ó thús an dara leath agus déine dhochreidte ina gcuid imeartha. Anuas air sin, is ar éigean a chuir siad aon seans amú. Sa chéad leath, sheol Walter Walsh, agus gan é ach 40m amach ón gcúl, drochiarracht isteach i láimh Colm Callanan. Sa dara leath, bhris sé croí na nGaillimheach le dhá phointe den scoth ón gcliathán.

Gan ach nóiméad fágtha, thug Michael Fennelly, a rinne obair na gcapall ó thús deireadh, faoi iarracht ar scór. Rinne a chéile comhraic David Burke sárbhlocáil air ach bhuaigh Fennelly arís é agus sheol sé pointe thar an trasnán. Bhí Burke fós sínte ar an talamh agus má bhí sé ag déanamh iontais de nár éirigh leis Fennelly a stopadh, thuigfeá dó. Níorbh é an t-aon fhear ar fhoireann na Gaillimhe nach raibh freagra aige ar na ceisteanna a chuir na Cait air.