Cén sórt fáis ba mhaith leat a fheiceáil i mBéal Feirste idir seo agus 2035?

Ceist mhaith ach ní haon ribín réidh é athnuachan a dhéanamh ar lár chathair Bhéal Feirste

Cén sórt fáis ba mhaith leat a fheiceáil i mBéal Feirste idir seo agus 2035?

Plean forbartha a thug Comhairle Bhéal Feirste ar scéim a foilsíodh Déardaoin. Tá aidhmeanna uaillmhianacha ann gan dabht ach i bhfírinne is próiseas comhairliúcháin eile é seachas plean. ‘Cén sórt fáis ba mhaith leat sa chathair idir seo agus 2035?’ an cheist atá an Chomhairle ag cur ar shaoránaigh agus grúpaí mar chéad chéim den Phlean Forbartha Áitiúil a bheidh mar threoir le haghaidh infheistíochta agus d’úsáid agus do chosaint talaimh sa chathair.

Thit daonra Bhéal Feirste go tubaisteach de bharr na dTrioblóidí. D’fhág suas le 100,000 duine an chathair. Fearacht go leor cathracha, Baile Átha Cliath san áireamh, d’aistrigh daoine amach as lár na cathrach chuig tithe úra a tógadh i mbruachbhailte nó bhailigh cuid acu leo as Tuaisceart Éireann ar fad. Ba mhaith le Comhairle na cathrach i mBéal Feirste daoine a mhealladh chun cur fúthu sa chathair le saol sláintiúil uirbeach a chothú –  meascán de theaghlaigh agus de ghnóthaí.

Tar éis am dúnta siopaí agus oifigí bíonn an chathair tréigthe cé is moite de dhaoine ag teacht isteach chuig bialanna nó le haghaidh spraoi. Tá sé i bhfad níos fearr ná mar a bhíodh le linn na dTrioblóidí nuair a bhíodh an chathair bánaithe ar fad istoíche. Mar sin féin is annamh a d’fheicfeá teaghlaigh agus gasúir leo sa chathair tar éis am gnó. Tá dornán beag sráideanna a bhfuil cónaí ar dhaoine iontu ach is daoine aosta iad den chuid is mó; tá cúpla bloc árasán tógtha le blianta beaga anuas ach is daoine óga gan chlann is mó atá iontu.

’Sé mian na Comhairle an daonra a mhéadú ón 340,000 atá anois ann go 400,000 – an leibhéal a bhí ann roimh na trioblóidí. ’Sí an bhliain 2035 an sprioc-am. Chun an plean a chur i gcrích, chaithfí 37,000 teach nó áras a thógáil agus 46,000 post nua a chruthú. Rithfear sraith cruinnithe eolais idir seo agus tús an Mhárta chun moltaí a bhailiú agus ceisteanna a fhreagairt.

Cuspóir fiúntach is ea é plean a ullmhú agus a fhoilsiú a leagfaidh síos téarmaí tagartha le haghaidh gach cineál forbartha sa chathair sna blianta seo romhainn. Dá réir, choinneofaí smacht ar thograí forbartha, tógáil tithe agus áiseanna fóillíochta. Treoir le haghaidh cinntí i leith cead pleanála a bheidh ann, a deir an Chomhairle. Ach an mbeidh smacht ag an gComhairle ar phleanáil sa chathair?

Bhí sé socraithe nuair a cuireadh atheagar ar rialtas áitiúil trí bliana ó shin go mbeadh na hollchomhairlí nua freagrach as pleanáil ina gceantair féin. Ach chinn an tAire Pobal i Stormont, atá freagrach as rialtas áitiúil, Paul Givan (’sea, an Paul Givan céanna a bhí freagrach as conspóid Líofa) nach gceadódh sé an t-aistriú cumhachta chuig na comhairlí.

Gan amhras, chuir a chinneadh i mí na Samhna seo caite olc ar na comhairlí agus bhí forbróirí thar a bheith míshásta. Mhaígh roinnt comhlachtaí a bhí bainteach le scéimeanna tógála i mBéal Feirste go raibh an Chomhairle forásach agus fadbhreathnaitheach ach nach mbeadh an mhuinín chéanna acu as an gcóras pleanála faoi stiúir Stormont. Seans gur ag tochras ar a gceirtlíní féin a bhí na forbróirí, agus cén t-iontas a bheadh ansin? Ach ní gá gurb é leas an phobail é pleanáil a fhágáil mar a bhí, go háirithe nuair a bhí Stormont mífheidhmiúil agus anois nuair nach fios cathain a bheidh Feidhmeannas arís ann. Tá gá le córas pleanála bisiúil, córas neartaithe bunaithe ar an seanchóras, an ceann a bhí geallta do na comhairlí araon, b’fhéidir.

Ní hiad na ceisteanna faoin gcóras pleanála amháin atá ag déanamh tinnis do dhaoine faoi Phlean Forbartha Chomhairle Bhéal Feirste. Ó tharla ganntanas talaimh sa lár, tá imní ar dhaoine faoi cá lonnófar an 60,000 duine sa bhreis atáthar ag iarraidh a mhealladh chun cur fúthu sa chathair. An mbeidh teaghlaigh á gcur i bhfoirgnimh ardéirí? Ní fada ó leagadh na blocanna a tógadh sna caogaidí agus sna seascaidí, leithéidí árasáin Divis. Ní bheadh fáilte roimh a macasamhail sin arís. Tá an talamh ar a mbíodh tionscal Sirocco in oirthear Bhéal Feirste ach bheifí ag súil gur forbairt thionsclaíoch a dhéanfaí ansin.

Cheapfainn go mbeidh na cruinnithe poiblí teasaí ach beidh go leor le foghlaim uathu. Tá an ceart ag an gComhairle fís a bheith aici don chathair agus don bhealach is fearr chun fónamh ar an bpobal. Teastóidh sciath chosanta chun a chinntiú nach ndéanfar damáiste comhshaoil agus nach ngéillfear do lucht rachmais ar chostas an tsaoránaigh. Idir sin agus srianta Stormont, ní haon ribín réidh é.

Fág freagra ar 'Cén sórt fáis ba mhaith leat a fheiceáil i mBéal Feirste idir seo agus 2035?'