Cén rialtas a theastaíonn ó éisteoirí ‘Cormac ag a Cúig’ agus an cuma leo faoi chúrsaí Gaeilge?

Tá súil ag lucht Cormac ag a Cúig ar RnaG freagra na gceisteanna sin a bheith acu Dé hAoine agus suirbhé ar líne á reáchtáil acu

Cormac-o-hEadhra-1

Cé a bheadh sa chéad rialtas eile dá mba faoi éisteoirí an chláir Cormac ag a Cúig amháin a bhí sé?

Tá súil ag lucht Cormac ag a Cúig freagra na ceiste sin a bheith acu Dé hAoine agus suirbhé ar líne á reáchtáil acu i measc lucht éisteachta an chláir.

Cuirtear ceist ar rannpháirtithe an tsuirbhé maidir le cén páirtí a vótálfaidh siad dóibh agus maidir le cén páirtí is mó dhéanfadh leas na Gaeilge, dar leo. Tá ceist chomh maith ann faoi cad iad na nithe is mó atá ag déanamh imní do dhaoine.

Deir Fachtna Ó Drisceoil, léiritheoir Cormac ag a Cúig “gur bealach é an suirbhé chun plé a spreagadh faoin olltoghchán i measc éisteoirí an chláir”.

“Beidh sé suimiúil a fháil amach an mbeidh difríocht shuntasach idir éisteoirí Cormac ag a Cúig agus an pobal i gcoitinne ó thaobh méid na tacaíochta a thabharfar do pháirtithe éagsúla.  Tá spéis againn freisin a fháil amach an bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht níos tábhachtaí dár lucht éisteachta ná mar atá ceisteanna ar nós tithíocht, fostaíocht, an córas sláinte agus araile.

“Dár ndóigh, ní féidir an iomarca meáchan a thabhairt do shuirbhé ar bith, go háirithe ceann atá á dhéanamh ar an idirlíon, ach cuirfear an suirbhé i láthair an phobail leis an bhfainic sin,” a deir Fachtna Ó Drisceoil.

Is féidir páirt a ghlacadh i suirbhé toghcháin Cormac ag a Cúig anseo.

Fág freagra ar 'Cén rialtas a theastaíonn ó éisteoirí ‘Cormac ag a Cúig’ agus an cuma leo faoi chúrsaí Gaeilge?'