Cén nasc atá idir Páirc an Chathánaigh na Ceathrún Rua, Gary Neville agus Ronald Koeman? Foighid ort…

An ceangal? Casta go maith ach chuir scéal cheapachán Gary Neville mar bhainisteoir nua Valencia ar bhóithrín na smaointe ár gcolúnaí…

Martan

Páirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua a tháinig isteach i m’intinn an lá faoi dheireadh ar chloisteáil dom go raibh post faighte ag Gary Neville anois mar bhainisteoir ar fhoireann Valencia i La Liga na Spáinne, áit a mbeidh a dheartháir, Philip, mar chúntóir aige.

An ceangal? Casta go maith, admhaím, ach d’fhág scéal an cheapacháin sin fiosrach mé an raibh aon deartháireacha eile sa sacar sa gcás céanna leis na Nevilles.

Nuair a cheistigh mé mo dhlúthchara, an tUasal Google, mheabhraigh seisean dom gurb amhlaidh cás do na hOllannaigh Ronald agus Erwin Koeman i Southampton.

Southampton agus Páirc an Chathánaigh? Foighid ort, foighid ort agus cuir san áireamh gur intinn aimhréiteach atá ag do cholúnaí bocht.

Gan aimhreas, níor imir Southampton ar Pháirc an Cháthánaigh ariamh, ná a mbainisteoirí dá dtiocfadh sé chomh fada leis sin. Ach i nGroningen i dtuaisceart a dtíre dúchais a chuir na deartháireacha Koeman tús lena gcuid imeartha. Ina dhiaidh sin, bhíodar ar an bhfoireann ab fhearr a bhí ag an Ollainn riamh – an ceann a bhuaigh Craobh na hEorpa 1988 agus tá an Groningen céanna sin lárnach i gceann de na scéalta spóirt is mó a thit amach i gConamara riamh.

Ba é feachtas Chorn UEFA 1986 an dara feachtas ag foireann sacair Ghaillimh Aontaithe i gcomórtais na hEorpa. An bhliain roimhe, tar éis dóibh a bheith ina dtáinistí i gCorn an FAI, d’imir siad Lyngby na Danmhairge. Ar Pháirc an Spóirt ar an mBóthar Beag (an áit ina bhfuil foireann rugbaí Chonnacht lonnaithe anois) a déanadh an imirt i nGaillimh.

Bhain siad an comórtas amach arís an bhliain dar gcionn mar thánaistí sraithe, ach baineadh siar as Gaillimh nuair a dúirt údaráis sacair na hEorpa nár shroich Páirc an Spórt na caighdeáin a bhí leagtha síos acusan agus go gcaithfí a theacht ar ionad eicínt eile.

Áitíodh ar Chumann Lúthchleas Gael Páirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá a chur ar fáil dóibh, ach diúltaíodh don iarratas mar nach raibh a leithéid ceadaithe do pháirceanna a bhí dílsithe do CLG. Chuir sin mórán chuile pháirc i gContae na Gaillimhe as an áireamh, ach páirc pobail ab ea Páirc an Chathánaigh agus tar éis du i mbun comhráití le lucht a riartha, shocraigh Galway United gur ansiúd a d’imreofaí an cluiche idir iad agus Groningen.

Thall a himríodh an chéad cheann agus insíonn an scór 5-1 a scéal féin. Bhí caipíní idirnáisiúnta ag bunáite fhoireann Groningen – ina measc na cosantóirí John de Wolf agus Johan de Kock (a d’imir i gCraobhacha na hEorpa 1996 i Sasana) agus an fear a fuair trí cinn de na cúig chúl a bhí ag Groningen, Peter Houtman.

Bhí imreoir oilte as Sasana darbh ainm Paul Mason acu freisin, a d’imir roimhe sin le Everton agus ina dhiaidh i bPríomhranna Shasana agus na hAlban le Aberdeen agus Ipswich.

Paul McGee, fear eile a d’imir ag an leibhéal ab airde i Sasana, a scóráil cúl na Gaillimhe, a d’airigh uathu go mór cumas cosanta Éamoinn ‘Chick’ Deacy, a bhí gortaithe.

Sciob an bás ‘Chick’ uainn trí bliana ó shin, ach beidh a ainm luaite go deo le sacar i gCathair na dTreabh, áit a bhfuil páirc imeartha Galway United anois ainmnithe in ómós dó.

Bhí Deacy ar fhoireann Aston Villa a bhuaigh an Phríomh-Shraith i Sasana i 1981 agus Corn na hEorpa dhá bhliain dar gcionn. Sa mbliain 1984, thairg Villa conradh dhá bhliain eile dó, ach dhiúltaigh ‘Chick’, a bhí ag iarraidh filleadh abhaile go n-imreodh sé le Gaillimh.

Bhí an craoladh as Staid Oosterpark ar an gcéad chluiche sacair a chraol Raidió na Gaeltachta as Mór-Roinn na hEorpa agus, roimh fhilleadh abhaile dúinn, bhronn Oifigeach Poiblíochta Groningen cóip d’amhrán an chlub orainn.

B’shin an chéad rud a bhí le cloisteáil ag bus na gcuairteoirí ar an 1ú Deireadh Fómhair 1986 nuair a chasadar síos Bóthar na Tismeáine ar a mbealach chuig Páirc an Chathánaigh go n-imreodh siad an dara babhta.

Nuair a thaistil muide an bealach eile cúpla seachtain roimhe, rinne muid iontas chomh mín, réidh agus a bhí an taobh tíre. Níl a fhios agam cén breithiúnas a bhain na hOllannaigh as bóithre caola, cama Chonamara, as garrantaí beaga, creagacha Chois Fharraige, ná as na Beanna Beola.

Níor chuir sé as dá gcuid peile ar chuma ar bith. Ní baileach go raibh siad chomh ceannasach céanna agus a bhí siad sa gcéad chluiche, ach scóráil Houtman faoi dhó agus de Kock ceann eile. Ba é McGee arís an t-imreoir ab fhearr ag Gaillimh.

Ocht nó naoi de bhlianta ó shin, chraol TG4 clár darbh teideal ‘UEFA sa Ghaeltacht’ mar chuimhne ar an ócáid.

Bhí deartháireacha Koeman imithe as Groningen le tamaillín faoin am a dtáinig cluiche na Ceathrún Rua. D’fhill Erwin faoi dhó ar an gclub sular imir sé go deireadh dóibh i 1998. Taca an ama chéanna a d’éirigh Ronald as.

Faoin tráth sin, bhí Corn na hEorpa buaite faoi dhó aigesean (le PSV agus le Barcelona), mar aon le La Liga ceithre huaire, an Copa del Rey, cúig bhonn sraithe san Ollainn agus trí bhonn coirn ansiúd.

Aon uair amháin eile a fuair Gaillimh Aontaithe deis imeartha i gcomórtais na hEorpa – b’shin i 1991, tar éis dóibh Corn an FAI a bhuachan. Ar pháirc pobail eile a d’imir siad an cluiche baile in aghaidh Odense na Danmhairge – i mBaile an Doirín i ndeisceart an chontae an babhta seo.

Is beag bliain ó shin nach raibh Groningen i gComórtais UEFA. Go deimhin, Déardaoin seo caite d’imir siad Braga na Portaingéile sa Europa League.

Ach ní móide go bhfillfidh siad ar an nGaeltacht arís choíche.

Fág freagra ar 'Cén nasc atá idir Páirc an Chathánaigh na Ceathrún Rua, Gary Neville agus Ronald Koeman? Foighid ort…'

  • Séamas Mac Coitir

    Guím gach rath agus séan ar na colúnaithe, comhfhreagraithe, agus gach duine go raibh baint acu le tiomsú agus cur i gcló an fhoileacháin Tuairisc.ie ó sheachtain go seachtain. Gura fada buan iad go léir, go mbeirimid beo ar an am seo arís, agus nár bhfaighe muid blas den anró choíche! Go gcoinní Dia sruth na scríbhneoireachta leo, agus fad saoil dóibh in aice na sláinte!