Cén mhaith í Bliain na Gaeilge don Ghaeltacht? Freagra ó Chonradh na Gaeilge…

Níl aon rud mícheart le haitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge le 125 bliain anuas leis an nGaeilge a choinneáil á labhairt, agus, ag an am céanna, na dúshláin a chur i lár an aonaigh

Cén mhaith í Bliain na Gaeilge don Ghaeltacht? Freagra ó Chonradh na Gaeilge…

Tá alt maith scríofa ag Máire Ní Fhinneadha in Tuairisc.ie ar maidin. Is cinnte go bhfuil géarghá le maoiniú breise sa Ghaeltacht don phleanáil teanga, do chruthú fostaíochta agus go leor eile. Ba mhaith liom cur le roinnt den eolas a d’fhág sí ar lár, agus gach seans nach raibh ar fáil di ag an am, a bhaineann le Bliain na Gaeilge.

Mar a dúirt Niall Comer, Uachtarán an Chonartha, sa chéad líne eile in ár bpreasráiteas nár chuir Máire san áireamh ina halt, ‘Déanfar ceiliúradh ar thábhacht agus ar thionchar na hathbheochana ar an bpobal agus cuirfear dúshláin reatha na teanga i lár an aonaigh in 2018’. Tá deis againn tionchar a imirt ar na ranna agus ar na comhlachtaí stáit atá ag déanamh neamhaird ar an nGaeltacht i rith Bhliain na Gaeilge, agus na dúshláin atá le sárú a chur os a gcomhair.

Dá mhéad a labhraíonn an pobal trí chéile agus na meáin faoin nGaeilge agus faoin gcruachás ina bhfuil an Ghaeltacht, is mó a bheidh deis againn na dúshláin a bhaineann le heaspa acmhainní agus le heaspa tacaíochta a chur os comhair na n-údarás le freagracht ina leith. Dar ndóigh, tá sé mar sprioc ag Bliain na Gaeilge ‘cosaint agus spreagadh a thabhairt don Ghaeltacht’.

Níl aon rud mícheart le haitheantas a thabhairt don obair agus an stró atá curtha ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge orthu féin le 125 bliain anuas leis an nGaeilge a choinneáil á labhairt. Bíodh an t-aitheantas sin ag dul do na buanna móra ar nós Raidió na Gaeltachta, TG4, agus eile, nó do na buanna beaga atá bainte amach ag comharchumainn Ghaeltachta bliain i ndiaidh bliana i measc a bpobal féin. Cén fáth nach ndéanfadh muid na héachtaí seo a aithint agus a cheiliúradh ó am go chéile?

Cuireadh airgead ar fáil ó sholáthar Fhoras na Gaeilge do Bhliain na Gaeilge. Ní raibh an t-airgead seo le caitheamh ar an nGaeltacht ar aon nós, ach anois beidh deis ag grúpaí Gaeltachta cur isteach ar an gciste a chuirfear ar fáil le tacú le himeachtaí a eagrú. Ní hamháin sin ach áireofar an Ghaeltacht i go leor de na tionscadail eile a bheidh ar siúl ar fud na tíre, cosúil leis an gclár ildánach scoile.

Tá an Conradh ag troid ar son chothrom na Féinne agus breis acmhainní ón Rialtas in éineacht le 87 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Baineadh €2.5 milliún breise amach do 2018, a bhuíochas leis an mbrú ón bpobal, ach ní leor sin agus ní stopfaidh muid go dtí go mbeidh maoiniú cothrom ann don phleanáil teanga, do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht agus eile ar fud na tíre.

Ó thaobh cheart phobal na Gaeltachta, táimid ag brú go leanúnach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú. Tá neart de na moltaí atá déanta againn agus ag an gCoimisinéir Teanga san áireamh sna ceannteidil atá á bplé ag an mBuan-Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán faoi láthair. Is gá dúinn an brú a choinneáil áfach agus na ceannteidil a láidriú níos mó fós. Beidh na rudaí seo a leanas á mbrú againn go háirithe:

  • Spriocbhliain a chur leis an gceannteideal go mbeidh Gaeilge inniúil ag ar a laghad 20% d’earcaithe nua sa státseirbhís go bliantúil
  • Spriocbhliain a chur leis an gceannteideal go mbeidh na hoifigí poiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge
  • Spriocbhliain a chur leis an gceannteideal go mbeidh saoránach in ann a (h)ainm nó a s(h)eoladh, nó iad araon, a úsáid i gceachtar de na teangacha oifigiúla leis an stát
  • Breis freagrachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga, m.sh. go mbeidh sé mar fhreagracht air iniúchadh a dhéanamh ó thaobh na teanga de ar reachtaíocht mholta agus ar aon straitéis phoiblí a bhaineann le teanga oifigiúil a chur chun cinn
  • Go dtiocfadh gach comhlacht poiblí, agus gach feidhm de chuid an chomhlachta phoiblí a roinnfear ar chomhlacht eile, faoi réim an Achta go huathoibríoch, m.sh. seirbhísí na Roinne Talmhaíochta

Creideann muid go láidir go gcabhróidh Bliain na Gaeilge leis na hiarrachtaí seo le soláthar sásúil a chur ar fáil ón stát, ó thaobh acmhainní de agus ó thaobh cearta de. Ag an am céanna, eagrófar imeachtaí ar fud an domhain leis an bpobal a spreagadh agus aitheantas, mar is cóir, a thabhairt don obair agus do na héachtaí a baineadh amach go dtí seo.

Ní neart go cur le chéile.

Fág freagra ar 'Cén mhaith í Bliain na Gaeilge don Ghaeltacht? Freagra ó Chonradh na Gaeilge…'

  • Ruitheal Ré

    Maith sibh! Sílim gur fiú ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá againn chomh maith le tabhairt faoi na dúshláin. Bí bródúil, bain leas as an teanga agus tóg do chuid gasúir léi.

  • Ruairí

    In am seo na héigeadáal teagna ba chóír go mbeadh an fuinneamh ar fad á chur sa nGaeltacxht. Cén ábhar ceiliúrtha atá againn sa Ghaeltacht agus líon na gcainteoirí laethúla ag titim go tubaisteach? Cén mhaith dúinne sa Ghaeltacht go bhfuil Varadkar ag dul ar a thuras teanga nuair nach bhfuil infheistíocht á chur sa Ghaeltacht? Bliain bhréagach na Gaeilge a bheas á bhrú orainn sa nGaeltacht. Na ceantracha is láidre Gaeltachta is iad is mó atá buailte ag an imirce agus an dífhostaíocht. Ba chóir go neagródh an tÚdarás “Bliain na Gaeltachta” chun an ghéarchéim teanga sa nGaeltacht a thaispeáint don saol mór agus bíodh an deabhal ag tionscal na Gaeilge i mBÁC atá ag brú Bliain Bhréagach na Gaeilge ar phobal na Gaeltachta.
    Tá na deicheanna de mhilliúin á chaithimh ar an Ghaeilge go náisiúnta ach is ag troid faoi chuile phingin atá muintir na Gaeltachta. Tá éigeandáil teanga sa nGaeltacht agus ní bheidh an dara éigeandáil ann toisc nach mbeidh an teanga á labhairt sna Gaeltachtaí gan idirghabháil thar a bheith eisceachtúil ón Stáit. Maidir le buiséad na Gaeilge ba chóir tús áite do bheith ag an nGaeltacht seachas ag tionscal na Gaeilge i mBÁC go dtí bhfuil an meath stopaiithe agus an teanga ag fás mar theanga phobail arís. Ní ann don Ghaeltacht sa Straitéis 20 bhliain. Is deacair di dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i nGaeltacht an meath a thuiscint. Oileán Mhannain a bheas in Éirinn má tharlaíonn sin.
    Boycott ag muintir na Gaeltachta ar “cheiliúradh” 2018 “Bhliain Bhréagach na Gaeilge” an freagra ceart ar an scéal seo. Beidh an Ghaeltacht á úsáid ag Conradh na Gaeilge agus anois ag Varadkar mar cuid den cheiliúradh. Cén ábhar ceiliúrtha atá againn anseo sa nGaeltacht maidir leis an Ghaeilge? Nach bhfuil an daonáireamh agus chuile saineolaí ag taispeáint an meath tubaisteach ar an nGaeilge atá ag bailiú nirt bliain i ndiaidh bliana anseo sa nGaeltacht? Mar bharr ar an donas tá 2018 “bliain ceiliúradh” na Gaeilge ag bagairt orainn, mar is cinnte go mbeidh muintir na Gaeltachta á mhaslú le béal bán agus cur i gcéill gan náire i 2018.

  • Edel

    Seasaimís le chéile. Bímís ag troid le chéile ní lena chéile le hacmhainní cuí don nGaeltacht a bhaint amach. Bímís ar na sráideanna 3 Márta ag leiriú gurb ann dúinn s gur gá tacú linn. Cad fén fuinneamh i gcoinne céilliúradh s i gcoinne eagraíochtaí ar leith a úsáid le cothromaíocht a fháilt don Ghaeltacht. Maidir le Conradh na Gaeilge fóram daonlathach atá ann agus is ag na baill a bhfuil an chumhacht. Má chreideann tú go bhfuil réiteach na faidhbe agat nó fuinneamh fiú, bí lárnach san eagraíocht s cuir rúin ar aghaidh ag an Ard-fheis s eile.
    Mise le meas,
    Edel Ní Bhraonáin
    Cainteoir dúchais le dóchas as Uíbh Ráthach.

  • Ben Ó Ceallaigh

    Más fíor gur ‘Cuireadh airgead ar fáil ó sholáthar Fhoras na Gaeilge do Bhliain na Gaeilge’ agus ‘nach raibh an t-airgead seo le caitheamh ar an nGaeltacht ar aon nós’ tá ceist le cur faoi cé as ar fritheadh an t-airgead seo agus cén fáth sa diabhal NACH raibh sé le caitheamh ar aon nós – ar na pleananna teanga nach bhfuil maoinithe mar is ceart faoi láthair! Céard sa tsioc atá cearr leis an bhForas?!

    Tá sé go breá freisin go mbeadh ‘deis ag grúpaí Gaeltachta cur isteach ar an gciste a chuirfear ar fáil le tacú le himeachtaí a eagrú’ ach nach bhfuil a saigh agus tuilleach déanta ag grúpaí deonacha Gaeltachta ag ullmhú pleananna agus eile, gan a bheith ag cur fuinnimh agus ama amú ag cur iarratas isteach ar airgead a bhfuil siad i dteideal de cheanna? Shílfeá, as ucht dé, má tá maoiniú breise ar fáil gur léir do chách cén áit ar chóir é a chur, .i. do na pleananna teanga a chuir an stát iachall ar phobail a scríobh ach anois atá fágtha gan maoiniú ceart! Náireach!

  • 'Gaeilge Bheo'! Dáiríre?

    Tugaim suntas don mhana atá cumtha ag Conradh na Gaeilge do ‘Bhliain na Gaeilge’ – féach an pictiúr os cionn an ailt.

    Ar an chéad dul síos, níl a sáith muiníne ag an Chonradh as an Ghaeilge le gurbh fhiú leo an mana a bheith i nGaeilge amháin. Tá siad imithe le tamall de bhlianta leis an dátheangachas ina gcuid ábhar poiblíochta. Ar ndóigh, seans gur sin coinníoll atá leis an mhaoiniú a fhaigheann siad! Agus síleann siad, ar ndóigh, gur tábhachtaí Béarlóirí a mhealladh (trí Bhéarla) le beagán Gaeilge a fhoghlaim ná tacú leis na daoine a bhfuil an Ghaeilge acu cheana.

    Agus ar an dara dul síos: a Chonradh na Gaeilge, cén chiall go baileach atá leis an chuid sin de bhur mana, ‘Gaeilge Bheo’? Gaeilge nach bhfuil fadálach, nó leamh, nó leadránach, nó cad é? Cé acu atá uaibh, Gaeilge bheo nó pobal na Gaeilge a bheith beo? Más Gaeilge bheo atá uaibh, is é mo chomhairle daoibh, nó do roinnt mhaith de bhur gcuid ball agus de bhur gcuid oifigeach: cuirigí feabhas ar bhur gcuid Gaeilge féin nó tá sibh míbhinn, ramharbhriathrach, briotach, fadchainteach. Nó más maith libh Gaeilge bheo a chloisteáil, téigí isteach i dteach tábhairne ar bith sa Ghaeltacht, ceannaígí cupla gloine fuisce (nó fiú Red Bull agus vodca dá mb’fhearr libh é) dá mbeidh sa teach, agus dar Dia gheobhaidh sibh neart de Ghaeilge bheo. B’fhéidir nach dtuigfeadh sibh a leath, ach níl neart air sin ag aon duine ach agaibh féin.

    Más é an dara ciall atá agaibh leis, beidh oraibh straitéis cheart a tharraingt oraibh… agus an mana amaideach sin agaibh a athrú!

  • Ciarán

    Seans go mbeidh céiliúradh níos éifeachtaí ná clamhsán sa chás seo? Spreagadh in áit náire. Dóchas in áit éadóchais.

  • Braoin

    Fostaítear duine mar Méadhbh Ní Ghaora… 21 bliain d’aois as ceantar Chárna… ina comhairleoir ar phlean ar bith teanga a ndéanfar iarraidh é a chur i bhfeidhm agus b’fhéidir ansin go ndéanfar blas eicint fóinteach…
    D’inis sí an scéal mar atá ar Adhmhaidin na cúpla lá ó shin.

  • Joey Joe Joe Junior Shabado

    Bhí Bliain na Gaeilge againn cheanna i 2013.

    https://m.youtube.com/watch?v=So2egE5cw_k

    Ní chuimhin leat é? Iontas na n-iontas. Molaim go mór an cur chuige seo ag an gConradh. Mura n-éiríonn leis an gcéad leathiarracht a dhéanann tú, déan iarracht leat-thóineach amháin eile. Táim ar bís le haghaidh Bliain na Gaeilge 2023.