‘Cén mhaith grúpaí Gaeltachta a bheith ag ullmhú pleananna teanga agus an státchóras ag brú an Bhéarla orthu?’ – saineolaí teanga

Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, dúirt Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr go bhfuil ‘dlúthcheangal idir cumas Gaeilge na státseirbhíse agus úsáid na Gaeilge i measc an phobail’

‘Cén mhaith grúpaí Gaeltachta a bheith ag ullmhú pleananna teanga agus an státchóras ag brú an Bhéarla orthu?’ – saineolaí teanga

Cheistigh an saineolaí teanga Éamonn Ó Dónaill i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné an fiúntas a bhaineann le grúpaí pobail Gaeltachta a bheith ag ullmhú pleananna teanga fad is atá an státchóras ag brú an Bhéarla orthu.

Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, dúirt Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr gur cheart coimisiún neamhspleách a chur ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar cheist na Gaeilge sa chóras earcaíochta don státseirbhís.

Dúirt Ó Dónaill gur cosúil nach bhfuil na ranna Rialtais éagsúla “sásta poist a aithint lena mbaineann riachtanas Gaeilge”.

Thagair sé d’anailís a rinne Tuairisc.ie anuraidh faoin ábhar seo, taighde a léirigh nach raibh ach 15 phost sainaitheanta ag 15 roinn Rialtais mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

“Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh “ag teip go hiomlán” ar na cuspóirí a bhí luaite leis an chóras nua earcaíochta seo don Ghaeilge.

“Sin mar atá an scéal faoi láthair: córas earcaíochta a chreidtear a bheith iomlán lochtach le daoine a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh i bpoist sa státseirbhís,” a dúirt Éamonn Ó Dónaill.

Dúirt Stiúrthóir Gaelchultúr go dteastaíonn polasaí earcaíochta nua a chinnteodh go gceapfaí daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu ag gach leibhéal sa státseirbhís “mura bhfuil muid le géilleadh do pholasaí a fhágfaidh go mbeidh ‘Béarla éigeantach’ i gceist agus an pobal ag plé leis an státchóras”.

B’in “bun agus barr an scéil”, a dúirt sé.

Thug an saineolaí teanga le fios gur gá a aithint go bhfuil “dlúthcheangal idir cumas Gaeilge na státseirbhíse agus úsáid na Gaeilge i measc an phobail”.

“Ní bheidh éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge mura bhfuil siad ar fáil go furasta.

“Fágfaidh formhór na ndaoine a rogha teanga ar leataobh má cheapann siad go gcothóidh siad deacracht don státseirbhíseach atá ag plé leo. Caithfear an fáinne fí sin a bhriseadh.”

Dúirt sé go gcaithfí “a admháil ar dtús go bhfuil fadhb ann sular féidir leigheas a lorg”.

“Agus tá an leigheas ann – is é sin: polasaí ceart earcaíochta a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go gceapfar daoine a bhfuil Gaeilge acu ag gach leibhéal sa státseirbhís; agus scéim cheart oiliúna a fhorbairt le cuidiú leo siúd atá ann cheana féin a gcumas sa teanga a fhorbairt.”

Bhí “an dá rud sin” indéanta ach “an toil pholaitiúil” a bheith ann, a dúirt Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr.

“Tá an cur chuige nua seo ríthábhachtach anois, go speisialta ag am a bhfuil cúram pleanála teanga á chur ar phobal na Gaeltachta féin faoi Acht na Gaeltachta 2012. Cén mhaith do ghrúpaí pobail a bheith ag ullmhú pleananna leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ina gceantar féin má tá an státchóras ag brath leanúint air ag brú an Bhéarla orthu?”

“Ní leor, mar a dúradh roimhe seo, a bheith ag rá le muintir na Gaeltachta: ‘Labhraígí Gaeilge in bhur measc féin ach ná labhraígí linne í’.”

Chuir an saineolaí teanga sé cinn de mholtaí faoi bhráid an choiste Oireachtais chun cumas Gaeilge fhostaithe na státseirbhíse “a fheabhsú” agus “seirbhís ar chaighdeán níos airde a chinntiú do phobal na Gaeilge”.

Ba iad na moltaí sin ná:

  • córas oiliúna an-chuimsitheach a fhorbairt d’fhostaithe na hearnála poiblí agus é a bheith mar sprioc oiliúint a chur ar chúpla duine sna rannóga ar fad a bhíonn ag plé leis an phobal
  • cúrsa feasachta teanga a fhorbairt le cuidiú le fostaithe Stáit tuiscint níos fearr a fháil ar an tábhacht a bhaineann le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus ar an tábhacht a bhaineann le cearta teanga
  • córas marcanna bónais nua a chur i bhfeidhm i gcás arduithe céime a bheadh ceangailte leis an chóras oiliúna thuasluaite
  • coimisiún neamhspleách a chur ar bun le hamharc ar an chur chuige atá ag dlínsí eile agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis na poist a mbeadh an Ghaeilge riachtanach dóibh sna ranna éagsúla rialtais agus, go deimhin, sna heagraíochtaí pobail i gcoitinne
  • áiseanna ar líne a fhorbairt a rachadh chun sochair dóibhsean a bheadh ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil don phobal
    agus
  • fostaithe an Stáit a chur ar an eolas maidir leis na hacmhainní teicneolaíochta (e.g. an seiceálaí litrithe GaelSpell) agus na seirbhísí ar líne atá ar fáil dóibhsean a bhíonn ag obair trí Ghaeilge.