Cén gradam oifigiúil atá ag an nGaeilge anois in Ollscoil na hÉireann Gaillimh?

Deich mbliana ó shin cuireadh deireadh le stádas speisialta na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus gealladh dúinn go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn go láidir san ollscoil ar bhealaí eile…

NUIG_DSC00304-770x4492-770x449

Ta fhios agam go bhfuil Gaeilgeoirí maithe ar an bhfoireann teagaisc in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcónaí agus sílim go múintear roinnt ábhar i nGaeilge ansin fós. Is eol dom freisin go bhfuil obair mhaith déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Ach, ar ndóigh, tá an ollscoil gan aon Ollamh Gaeilge ó d’éirigh Gearóid Denvir as a chuid oibre i samhradh na bliana 2014. Sin beagnach dhá bhliain ó shin agus gan fiú fógra faoin bhfolúntas déanta fós.

Cén dearcadh dáiríre atá ag lucht ceannais na hollscoile agus cén áit atá ag an nGaeilge i gcúrsaí riaracháin inti?

Teachtaireacht a fuair mé ó fhear le gairid a chuir ag smaoineamh mar seo mé. Ní chuirfidh mé ainm ar an bhfear ar fhaitíos go ndéanfainn dochar ar bhealach ar bith dá shaol acadúil amach anseo.

Bhí olc, cantal agus díomá in éineacht ar an bhfear seo.

Litir a bhí faighte aige ó Uachtarán na hOllscoile, James J. Browne.

Bhí cúrsa déanta aige in Áras Uí Chadhain tamall roimhe sin agus is dóichí gur ar an gcúis sin a cuireadh an litir chuige.

Bhí cóip den iris Cois Coiribe istigh leis an litir agus an litir féin go hiomlán i mBéarla. I nGaeilge ar fad atá a ainm agus a sheoladh. I gceantar Gaeltachta atá cónaí air.

Maidir le hábhar na hirise, ní raibh de Ghaeilge arbh fhiú trácht uirthi inti ach fógra faoin toghchán d’Údarás na hOllscoile.

Is cosúil go bhfuil ceangal dlí orthu leagan Gaeilge den fhógra sin a fhoilsiú agus murach go bhfuil, ní bheadh de Ghaeilge san iris ach corrfhocal mar ‘Taoiseach’, ‘Cois’ agus ‘Coiribe’.

‘B’fhéidir,’ a dúirt an té a chuir an teachtaireacht chugam, ‘go bhfuil siad le moladh faoi nár aistrigh siad ‘Taoiseach’ go ‘Prime Minister’.  Tá an lá sin ag teacht freisin, braithim.’

Is fíor dó an méid sin go deimhin. Tabhair faoi deara an leisce a bhíonn ar Airí agus ar Theachtaí Dála ‘Dáil Éireann’ a rá. Shílfeá go dtachtfadh an dá fhocailín iad. Cloisfidh tú neart cainte ar ‘the Parliament’ agus ‘the House’.

Tá a fhreagra féin á ullmhú don Uasal Browne ag an bhfear a fuair an litir.

‘Tá a fhios agam,’ a dúirt sé, ‘gur sa bhosca bruscair a rachaidh sé. Sa bhosca bruscair nó sa tine a chuirfidh mise an iris freisin.’

Sa mbliain 1929, thug Earnán de Blaghd dlí isteach a leag síos go gcaithfí an Ghaeilge a chur chun cinn go tréan in Ollscoil na Gaillimhe. Mhéadaigh sé an deontas stáit a bhí á fháil acu le go mbeadh a ndóthain acu leis an obair bhreise a dhéanamh.

Bhí daoine ann an uair sin féin a chuir in aghaidh an pholasaí seo. Níor tugadh aon aird orthu.

Is minic a ligtear i ndearmad anois chomh dáiríre agus a bhí na páirtithe polaitíochta ar fad faoin nGaeilge nuair a bunaíodh an Saorstát.

Insítear scéal faoi thoscaireacht Dílseoirí a chuaigh ag triall ar Mhícheál Ó Coileáin. D’fhiafraigh siad de an gcaithfeadh siadsan an tír a fhágáil nuair a bhunófaí an stát nua.

Dhearbhaigh seisean dóibh nach gcaithfeadh; go dteastódh a gcúnamh leis an stát a neartú.

Ach mheabhraigh sé rud eile dóibh freisin: go mbeadh orthu Gaeilge a fhoghlaim.

Níorbh fhada go raibh Dílseoirí faoina gcuid babhlaer (‘bowler hats’) le feiceáil ar na tramanna i mBaile Átha Cliath agus leabhráin Uí Ghramhnaigh acu ag iarraidh cúpla abairt Ghaeilge a thabhairt leo.

D’imigh sin agus tháinig seo. Deich mbliana ó shin, cuireadh deireadh le stádas speisialta na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Gaeilgeoir líofa, Iognáid Ó Muircheartaigh, a bhí ina Uachtarán ar an ollscoil ag an am. Gaeilgeoir eile, Mary Hanafin, a bhí ina hAire Oideachais.

Míníodh dhúinn ag an am nárbh é deireadh an tsaoil é; gealladh dhúinn go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn go láidir san ollscoil ar bhealaí eile.

An bhfuil sé ag tarlú?

Bheadh suim agam tuairimí na léitheoirí a fháil faoi — go háirithe an chuid agaibh a bhfuil eolas faoi leith agaibh ar obair na hollscoile.

D’fhéadfaí an díospóireacht a eagrú in Tuairisc.ie. nó, más fearr libh modh eile, cuirigí scéala chugam faoi rún.

Coinneoidh mé an rúndacht sin chomh docht le sagart a chloisfeadh peaca marfach i mbosca na faoistine.

Fág freagra ar 'Cén gradam oifigiúil atá ag an nGaeilge anois in Ollscoil na hÉireann Gaillimh?'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Gradam? don Ghaeilge? In OÉG? Níl meas uirthi, gan trácht ar ghradam.

  • Seanán Mac Aoidh

    Tá an tost ag tachtadh na Gaeilge in OÉ Gaillimh.

    Ní thig ábhar ar bith, diomaite de na hábhair a bhaineann leis an teanga féin, a dhéanamh ina n-iomláine fríd mheán na Gaeilge ar phríomhchampas na hollscoile níos mó. Gan labhairt ar an teanga s’againne a bheith in áit na leithphingine i léar gnaithí eile san ollscoil.

    Tá údarás na hollscoile ag rá linn go bunúsach nach fiú staidéar a dhéanamh fríd Ghaeilge, nach fiú teanga nua-aimseartha í.

    Sin agat “Ollscoil dháthangach” na hÉireann.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Fuair mé féin an iris céanna ‘Cois Coiribe’ leis an litir Béarla ó James J Browne agus beidh mé ag cuir mo mhíshástacht in iúl faoin neamhaird iomlán atá tugtha d’ár dteangaidh dúchais san iris seo – agus sa litir.

    Níl aon chuma air ach oiread go bhfuil institiúidí oideachais na tíre seo ag tabhairt aird ar bith ar an cineál páipéar a úsáideann siad agus ní fheicim aon meas ar an comhshaol leis an iris breá gleoite, snasta Cois Coiribe, gan labhairt ar an páipéar breá bán don litir… An dtagann an páipéar seo ó choillte bainistithe…?

    Is foirm clárúcháin Béarla a fuair mé ón ollscoil seo sa bhliain 2013 nuair a bhí mé ag clárú don chúrsa pleanála teanga…

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá sé in am an cheist faoi Ollscoil na Gaeilge a dhúiseacht.
    Tá an tóin ag titim nó tite as caighdeán go leor leor cúrsaí tríú leibhéil.
    Seo deis dúinne cúrsaí d’ardchaighdeán a thairiscint le meon dearfach tíorúil tírghráúil na Gaeilge.
    Bainimis corr as an saol agus fágaimid oidhreacht inár ndiaidh.

  • alan

    Tá sí faoi ghradam in UCC! A bhuíochas le hIonad na Gaeilge Labhartha. Braitheann sé ar na mic léinn iad héin, tá lóistín ar lacáiste ar fáil in Áras Uí Thuama ach G. a labhairt, an-chuimhneamh go deo. Bhfuil muintir an Iarthair ina gcodladh arís?

  • Glór Í Eo

    B’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn a admháil nach bhfuil oiread is suim soip ag na húdaráis sa nGaeilge, ní hamháin sa gcás seo ach sna páirtí polaitíochta, an rialtas, an stáit seirbhís agus araile. Tá corr dhuine anseo is ansiúd agus tá siad in ann difríocht a dhéanamh ina réimse féin, ach go ginearálta níl an díograis ann a shábhálfadh ár dteanga. Tá na gearáin chéanna ag teacht ó lucht na Gaeilge ó na 60í agus fiú roimhe. Mara bhfuilimid in ann brath ar aon rialtas ní mór dúinn tabhairt faoi muid féin. Tá go leor dea-mhéin sa mbaile agus i gcéin chun, ní amháin Ollscoil Ghaeilge, ach baile Gaelach le meánscoil agus bunscoil, cultúrlann, siopaí, oifigí, tithe, árasáin, ionad fiontair a bhunú. Áit a mbeadh in ann seasamh as a stuaim féin. Tá na háiseanna seo ann cheanna ach tá siad scaipthe ar fud na tíre. Tá suíomhanna ag na hEaglaisí nach bhfuil á n-úsáid mórán a thuilleadh. Tá dea-mhéin ag an CLG agus dreamanna nach iad. Táim cinnte go bhfuil daoine le hairgead ann chomh maith. Ní bheadh leath an mhéid a caitheadh ar Uisce Éireann chun a leithéid a dhéanamh. Ach éirímis as an gearán agus an síor-impí. Bímis Dearg le Díograis!