Cén fhad eile a mhairfeas an rialtas gan éifeacht seo?

Fiú má éiríonn leis an rialtas cáinaisnéis a chur tríd an Dáil an mhí seo chugainn, tá se deacair a shamhlú go mairfeadh an rialtas rófhada san athbhliain

Cén fhad eile a mhairfeas an rialtas gan éifeacht seo?

Léiríú eile an chonspóid faoi John Halligan (an bhfanfaidh sé nó an imeoidh sé) ar laige shoiléir an rialtais atá ag cur go mór le héadóchas an phobail faoina bhfuil i ndán don tír. Tá dúshláin mhóra roimh an rialtas agus gá le polasaí cinnte láidir a bheith acu le déileáil leo, ach, mar a léirigh an mhoill faoi chinneadh a dhéanamh maidir le rialú Choimisiún na hEorpa i dtaobh Apple agus cúrsaí cánach, níl an rialtas in ann seasamh láidir ar bith a ghlacadh.

Anuas air sin, is léir nach bhfuil tuairim dá laghad ag an rialtas céard is cóir a dhéanamh i dtaobh imeacht na Breataine as Aontas na hEorpa. Níl tuairim dá laghad faoin scéal ach an oiread ag an mbunaíocht, agus is truamhéalach an chaoi go bhfuil siad go léir ag rith timpeall in aghaidh a gcinn, agus iad ag súil, is cosúil, nach bhfuil sa Bhreatimeacht ach ‘tromluí’ agus go ndúiseofar ar ball.

Agus mar bharr ar an donas, tá rialú an Choimisiúin i leith Apple, agus achomharc an stáit ina choinne sin.

Tá praiseach déanta ag an rialtas dá n-iarracht míniú a thabhairt air cén fáth go bhfuil sé ar intinn acu achomharc a dhéanamh. Creideann leath den phobal go bhfuil droim láimhe á thabhairt againn do thrí bhilliún déag euro, cé gur léir nach bhfaighidh muid pingin den airgead seo in Éirinn mar gur i dtíortha eile a rinneadh an brabús. Dar leis an gcuid eile den phobal, is fiú an chailliúint le dea-thoil na n-ollchomhlachtaí Meiriceánacha don tír seo a choinneáil.

Ach má bhí easpa soiléireachta ag baint le freagra an Aire Airgeadais ar an rialú, ba bhoichte fós cás an Taoisigh agus é ríshoiléir nár thuig Enda Kenny an scéal in aon chor.  Níor thaitin an rialú leis, ach ní raibh aige mar fhreagra air ach clíséanna seanchaite.

Ar ndóigh tá rialtas eile ann, ar chúl stáitse, mar thoradh ar an socrú idir Fine Gael is Fianna Fáil. Ach oireann sé d’Fhianna Fáil ligean orthu, agus a thabhairt le fios dúinne, go bhfuil siad sa bhfreasúra agus ina gcrann taca ag an rialtas ag an am céanna.

Agus mar chuid den chluiche seo caithfidh muid glacadh leis an gcur i gcéill gur daoine mór le rá sa pholaitíocht iad Shane Ross is Katherine Zappone agus anois– go bhfóire Dia orainn – John Halligan.

Tá an bhunaíocht fiú ag éirí tuirseach de na cluichí seo. Sa Sunday Independent le déanaí bhí Jody Corcoran ag gearán gur chóir toghchán a reáchtáil chomh luath agus is féidir, ach é ag súil go mbeeadh ciall an uair seo ag na vótóirí!

Is léir nach rialtas de chuid na heite clé atá i gceist aige agus é ag caint faoi chiall a bheith ag daoine.

Is éard atá i gceist ná seo: murar féidir le Fine Gael an rialtas atá ag teastáil ó bhoic mhóra an stáit a chur ar fáil, is mura bhfuil Fianna Fáil sásta páirt a bheith acu go hoscailte i rialtas atá faoi stiúir Fhine Gael, níl de rogha ag an mbunaíocht ach Fianna Fáil a chur ar ais i mbun rialtais arís.

Mar sin, fiú má éiríonn leis an rialtas cáinaisnéis a chur tríd an Dáil an mhí seo chugainn, tá se deacair a shamhlú go mairfeadh an rialtas rófhada san athbhliain.

Tiocfaidh brú mór ar Enda Kenny toghchán ceannaireachta a reáchtáil ina pháirtí féin go luath i mí Eanáir nó Feabhra.

Tá fadhb amháin leis seo uilig ar ndóigh: is é sin, nach bhfuil aon tuairim níos fearr ag Fianna Fáil faoin dá mhórcheist sin – Breatimeacht agus ceangal na tíre seo féin le hAontas na hEorpa.

’Sea, táid ann, ar nós Éamon Uí Chuív is Dara Calleary, a bhfuil amhras áirithe i dtaobh an Aontais léirithe acu, ach is díograiseoir ar son an Aontais amach is amach é Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Níos measa fós, tráth a bhfuil seanchóras polaitiúil na tíre in aimhréidh, tá Sinn Féin freisin ag dul dá dtreoir.  Bhí an ceart acu, mar is léir anois, cur i gcoinne conarthaí Eorpacha ar nós Nice, Liospóin agus an Comhshocrú Fioscach, ach ní bhainfidh siad leas as an méid sin óir tá siad ag maíomh anois gur chóir seasamh leis an Aontas i gcoinne na Breatimeachta is iad ar son lámh a bheith ag an Aontas i gcúrsaí cánach an stáit seo.

Le bheith féaráilte, tá Sinn Féin gafa ag an seachmall gur féidir leas a bhaint as vóta na Sé Chontae i gcoinne na Breatimeachta le hathaontú na tíre a chur chun cinn, díreach mar atá leas á bhaint as an scéal ag an SNP i gcás na hAlban.

Fágann sé seo bearna mhór i bpolaitíocht an stáit, mar taobh amuigh de na mionpháirtithe ar an eite chlé, PBP is AAA, is corrtheachta neamhspleách, níl aon straitéis nach ngéilleann don Aontas ag aon dream.

Is fágann sé sin go bhfuil na cártaí go léir i lámha na ndaoine atá is a bhí riamh i gceannas ar an tír ó thaobh gnó, smaointeoireacht agus riaracháin de.