Cén fáth go mbeadh faitíos orainn roimh ‘bhronntanas’ na Gréige?

Tá an dá thaobh sa díospóireacht faoi dhéine ag coinneáil súil ghéar ar a bhfuil ag tarlú leis an rialtas nua sa nGréig

euro-373008_1280

Tá na tíortha móra ar nós na Gearmáine, mar aon leis na hinstitiúidí tábhachtacha Eorpacha ar nós an Coimisiún agus an Banc Cheannais meáite ar neamhní a dhéanamh d’iarrachtaí Rialtas nua na Gréige go maolófaí ar an bpolasaí déine, nó go gcuirfí ar ceal ar fad é.

Ag tacu leo tá na rialtais sna tíortha ba mheasa ina bhfuil géarchéim iontu ar nós na hÉireann, na Spáinne agus na Portaingéile. 

Tá faitíos ar na rialtais seo go bhfaigheadh páirtithe frithdhéine spreagadh mór ó na Gréigigh Gréige dá n-éireodh leo. Mar sin, déanfaidh na rialtais a seacht ndícheall le cinntiú nach mbeidh aon rath ar an iarracht.

Sin é an fáth go bhfuil an rialtas seo againne ag diúltú tacú leis an éileamh go mbeadh comhchruinniú ann faoi fhiacha a mhaolú – rud a chabhródh linne mar aon leis na nGreig is na tíortha bochta eile.

Nocht an tAire Airgeadais, Michael Noonan, tuairim ar dtús go bhféadfadh comhchruinniú den chineál sin a bheith chun leas na hEorpa, ach tar éis don Taoiseach labhairt lena mháistrí i mBerlin agus sa mBruiséal, bhí athrú poirt ann.

Cuireann sé i gcuimhne dúinn an méid a dúirt Ashoka Mody, an fear a bhí i gceannas ar thoscaireacht an IMF nuair a thainig siad go hÉirinn.  Tuairiscíodh san Irish Independent go ndúirt seisean gur chaill rialtas Fhine Gael is an Lucht Oibre deis iontach le fiacha na hÉireann a chealú nuair a ghéill siad do Bherlin is don Bhruiséal.

Maidir leis an nGréig, tá siad ag seasamh lena bhfocal, leis an ngeallúint a thug siad do mhuintir na Gréige.  Tá an Eoraip ag iarraidh iachall a chur orthu glacadh le méadú ar an socrú cabhrach a théann in éag ag deireadh na míosa seo, ach níl cabhair den chineál ag teastáil uathu a thuilleadh.

Is furasta a thuiscint cén fáth.  Tá caighdeán maireachtála mhuintir na Gréige scriosta ar fad ag an déine, agus is ar eigean go bhfuil eacnamaíocht fágtha acu.

Mar bharr ar an donas, téann thart ar 90% den airgead a fhaigheann siad ón Eoraip le fiacha do bhainc na hEorpa a aisíoc, bainc na Gearmáine go háirithe.

Agus mura bhfuil an Ghréig sásta géilleadh, tá an Eoraip ag bagairt go bhfágfar a gcuid banc gan airgead ar bith.

Agus sin an chúis go bhfuil siad san fhaopach.  Deir an rialtas nua go dteastaíonn uatha fanacht sa gcóras Euro, go dteastaíonn uatha a gcuid fiacha a aisíoc (am eicínt), ach mura mbeidh an rogha sin ann, céard a dhéanfaidh siad?

I ndáiríre, mura mbeidh siad sásta imeacht ón gcóras Euro, agus má chuireann an Eoraip cosa i dtaca faoin gclár déine, is beag cárta atá fágtha le n-imirt acu.

Ní hé go gcaithfidís a bheith ag iarraidh imeacht ón gcóras Euro ach caithfidh siad bheith sásta é sin a dhéanamh más gá.

Mar ní chreideann an Eoraip go n-imeoidh.

I gcás na Gearmáine, deir siad go gcreideann siad go dtiocfadh córas an Euro slán as briseadh den chineál seo, ach is beag eacnamaí a aontaíonn leo, mar a mhínigh Wolfgang Muenchau san Financial Times i rith na seachtaine.

Léireodh imeacht na Gréige, a dúirt sé, nach córas aontaithe buan seasmhach é an Euro, agus chuirfeadh sé borradh faoin gur chóir coras úrnua a bhunú a d’fhágfadh tíortha ar nós na hEireann taobh amuigh.

Go deimhin, a luaithe is a thosófar ag caint mar seo lagaítear stádas an Euro.

Ach cá rachaidh an Ghréig le hairgead a fháil ma chailleann siad tacaíocht an ECB?  Mar a tharlaíonn, ar údair pholaitiúla, ar ndóigh, tá an Rúis sásta na hiasachtaí riachtanacha a dhéanamh le tacaíocht na Síne is na tíortha eile den ghrúpa BRICS (An Bhrasaíl, an Ruis, an Ind, an tSín agus an Afraic Theas).

Tá na féidearthachtaí sin ann don Ghréig má tá sé de mhisneach acu na cartaí sin a imirt.

Ba chóir do na páirtithe abhus a sheasann in aghaidh na déine go n-imreofaí na cartaí céanna, mar tá se ríthábhachtach dóibh go n-éireoidh le hiarrachtaí na Gréige in aghaidh na déine.

‘Sea, tá leas an dá thaobh sa díospóireacht faoi dhéine ag brath cuid mhaith ar scéal na Gréige.