Cén fáth go bhfuil seandaoine á ndíbirt as a dtithe againn?

Deir gach páirtí gur chóir cabhrú le seandaoine le go mbeidh ar a gcumas maireachtáil ina dtithe féin, chomh fada agus is féidir leo. Cén fáth nach bhfuil an tacaíocht chuí curtha ar fáil dóibh?

Elderly_Woman_,_B&W_image_by_Chalmers_Butterfield

Tugadh léargas gan choinne ar ár meon i leith seandaoine i gcáipéis a d’fhoilsigh an eagraíocht ALONE Dé Máirt. Síltear go minic gur tír í Éire inar láidre caidreamh agus muintearas ná i dtíortha eile.

Chuirfeadh an cheist a chuir ALONE (a chabhraíonn le seandaoine agus le daoine eile atá i gcruachás) mar cheannlíne ar a ráiteas amhras agus imní ar dhuine ar bith: ‘Why are we forcing older people out of their homes?’

Ar ndóigh, níl rialtas ná páirtí ar bith ag iarraidh seandaoine a dhíbirt óna dtithe cónaithe. Ach mura dtugtar an tacaíocht riachtanach dóibh, agus má laghdaítear an caiteachas stáit ar a lucht cúnta (mar a tharla le seacht mbliana), is féidir an toradh a thuar gan stró. Níl aon dul as ag go leor seandaoine ach dul isteach in áras altranais cheal cabhair chuí sa bhaile.

De réir na bhfigiúirí a d’eisigh ALONE, tá céatadán na seanóirí atá ag cur fúthu in árais altranais in Éirinn 35 faoin gcéad os cionn an mheáin Eorpaigh. Ní léir aon mhíniú réasúnta ar an difríocht seo, agus tá an éagothromaíocht soiléir (a) ó thaobh roghanna seandaoine de agus (b) ó thaobh caiteachas rialtais de.

Mhol príomhfheidhmeannach na heagraíochta Seán Moynihan go gcaithfí sciar den €1,600 sa tseachtain a chaitheann an stát ar sheandaoine in árais altranais a chaitheamh ar sheirbhísí a chabhródh leo fanacht ina dtithe féin. Ní theastódh ach idir €500 agus €600 ar an meán, a dúirt se.

Cuireadh cuntais dá leithéid faoi bhráid coistí éagsúla Oireachtais go minic roimhe seo, ach níor athraigh an bunchlaonadh aisteach agus éagothrom i roinnt an airgid.

Ar ndóigh, ní féidir le gach seanduine maireachtáil go héag sa bhaile. Ach nach bhfuil tacaíocht san áit a oireann dóibh tuillte ag a bhformhór? Gan trácht ar an gcostas níos ísle?

 

Fáilte? Nie, žádná, nincs, agus žiadna!

Níl ann ach ceithre lá ó d’fhoilsigh Tuairisc.ie colún ón scríbhneoir seo a rinne cur síos ar neamhthoil fhormhór na mballstát san AE fáiltiú roimh na himircigh atá á dtarrtháil sa Mheánmhuir ag an L.É. Eithne agus ag longa Eorpacha eile.

Tugadh sampla soiléir den neamhthoil Eorpach seo i gcomhráiteas a d’eisigh rialtais na Polainne, Phoblacht na Seiceach, na hUngáire agus na Slóvaice. I mbeagán focal:

1 Dhiúltaigh siad glan d’aon chuóta Eorpach faoiona mbeadh orthu dídean a thairiscint d’imircigh;

2 Dúirt siad gur ar bhallstáit sa ‘líne thosaigh’ (is é sin le rá an Iodáil, an Ghréig agus an Spáinn go háirithe) atá an fhreagracht déileáil le teifigh;

3 Shéan siad go bhfuil aon chosúlacht idir daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus teifigh a thagann ar chúiseanna eacnamaíochta; agus

4 Mhol siad go gcuirfí dlús le polasaí faoina gcuirfí teifigh eacnamaíochta ar ais go dtí na tíortha as a dtáinig siad.

Tá plean a dhréachtaigh an Coimisiún Eorpach (faoina n-aistreofaí, dá gcuirfí i bhfeidhm é, 40,000 imirceach ón Iodáil go dtí ballstáit eile) ar chlár chruinniú mullaigh an AE.

Ar ndóigh, níl na ceannairí ar aon tuairim. Tá aisfhreagra soiléir eile acu anois ar scéim ar bith a chuirfeadh iallach ar bhallstáit glacadh le teifigh: Nie i bPolainnis, žádná i Seicis, nincs in Ungáiris, agus žiadna i Slóvaicis.

Ní leigheasfar an fhadhb, dar le Coimisiún Teifeach na Náisiún Aontaithe, go dtí go reaáchtálfar scéim faoina gceadófar imircigh isteach san AE ar bhonn eagraithe. Ach níl na hEorpaigh i ngiorracht réitigh faoi láthair.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Cén fáth go bhfuil seandaoine á ndíbirt as a dtithe againn?'

  • padraig

    Tá fhios go maith ag seandaoine cá luíonn bróig/buatais an rialtais neamhthrócairigh seo. Tá seandaoine a ghabhann ar thurasanna bus agus traenach go minic mar mhaithe le compord, teas agus comhluadar. Baineadh an fón saor díobh agus táthar – go háirithe Joan Burton- ag caint ar an saorthaisteal a laghdú, ar a laghad. Na cúntóirí baile buailte go trom agus go mailíseach ag an rialtas seo freisin agus saol na bhfuíoll ag a lán de na caimiléirí a scrios an tír, gan trácht ar an gcóireáil fhlaithiúil a dhéanann institiúidí an Stáit ar ‘chairde Fhine Gael’.