Cén fáth go bhfuil eagla i gcónaí orthu roimh 1916?

Bhí dearcadh patuar ag an Stát faoi chomóradh 1916 mar nach maith le hurlabhraithe féincheaptha an Stáit chéanna fíor-oidhreacht Éirí amach na Cásca

Cén fáth go bhfuil eagla i gcónaí orthu roimh 1916?

Tá urlabhraithe féincheaptha an stáit seo sásta, is cosúil, gur tháinig siad slán as comóradh 1916 gan an iomad aighnis a chothú agus gan aon spreagadh rómhór a thabhairt do leithéidí Shinn Féin ach an oiread.

Bhí imní mhór ann go bhféadfadh an tionchar céanna a bheith ag comóradh 1916 na bliana seo is a bhí ag an gcomóradh 50 bliain i 1966. Táthar den tuairim gur chothaigh an comóradh sin spéis i gcogadh na saoirse (agus béim ar an bhfocal ‘cogadh’) is gur eascair an choimhlint ó thuaidh cuid mhaith as sin.

I mbliana, bhí an stát tiomanta de nár chóir 1916 a mhóradh an oiread sin, is cuireadh na hócáidí cuimhneacháin oifigiúla ar aon dul leis an gcomóradh a bhí le déanamh orthu siúd a fuair bás ar son na himpireachta, fiú le linn an Éirí Amach féin.

‘Níl bhíonn aon chéimiúlacht ná tosaíochtaí i gceist leis an mbás’ a dúradh mar leithscéal as ainmneacha saighdiúirí Sasanacha, a fuair bás le linn Sheachtain na Cásca, a chur ar leacht chuimhneacháin i reilig Ghlas Naíon taobh le hainmneacha na laochra a fuair bás ag troid ina gcoinne.

San Irish Times le deireanas mhaígh an t-iriseoir, Stephen Collins, gur chabhraigh na hócáidí cuimhneacháin oifigiúla le hathmhachnamh a dhéanamh ar an stair agus le léamh níos fabhraí orthu siúd a bhí ‘ar an taobh eile’.

Agus dúirt Maurice Manning, ball den ghrúpa a chuir comhairle ar an rialtas faoin gcomóradh, go raibh sé sásta nár bhain Sinn Féin mórán leas as na hócáidí, cé go raibh amhras air roimh ré go mbainfeadh.

Go deimhin b’fhurasta a fheiceáil go raibh an stát drogallach go maith agus 1916 á thabhairt chun cuimhne aige, amhail is gur chóir náire a bheith orainn faoi, nó ar a laghad gur cheart dúinn dearmad a dhéanamh air.

Ach téann an easpa cinnteachta seo faoi oidhreacht 1916 i bhfad siar i stair an stáit. Roimh chogadh na saoirse, bhí gach éinne, seachas na fíor-Aontachtóirí thuaidh is theas, den tuairim gur chun leas na tíre a bheadh an neamhspleáchas nó féinriail agus gurb é an ceangal le Sasana a bhí ag coinneáil na tíre siar.

Ach faoi lár na gcaogaidí bhí dóchas na haiséirí ídithe. Dúirt an státseirbhíseach TK Whitaker go lom go raibh an neamhspleáchas i ndiaidh teip ar Éirinn. Ba thubaiste ach líon na ndaoine a chuaigh ar imirce sna caogaidí, agus dúirt Whitaker, agus é ag machnamh siar, gurbh fhearr dúinn fanacht leis an Ríocht Aontaithe.

Ní ar a shon féin a bhí sé ag labhairt, ach thar ceann na meánaicme ar fad.

D’áitigh Whitaker ar na polaiteoirí sa dá mhórpháirtí stop a chur leis an iarracht saol rachmasach dár gcuid féin a chruthú. Mhol sé glacadh leis gur fearr ról mar íochtaráin a bheith againn agus a bheith ag brath ar thíortha iasachta don rachmas.

Sa bhfadtéarma ba é loighic an scéil ná dul isteach sa Chómhargadh, agus ó shin is é an comhghéilleadh polaitiúil atá i réim. Tionchar na Bruiséile a mhéadú agus tionchar na Breataine a laghdú. Dearmad a dhéanamh diaidh ar ndiaidh ar oidhreacht 1916. Dearmad a dhéanamh ar athbheochan na Gaeilge agus ar an náisiúnachas. B’in an cur chuige a glacadh.

Sea, fiú ar an eite chlé is geall le focal gránna anois é ‘náisiúnachas’ amhail is gur ag dul ar seachrán atá aon duine a labhraíonn beag ná mór faoi shaoradh an náisiúin.

Is cuimhin liom sna seascaidí gur labhair Brian Lenihan (sean-Bhrian) amach ag moladh do mhuintir na hAlban gan neamhspleáchas a lorg, agus is beag tacaíocht atá léirithe ag an stát seo do na hiarrachtaí atá ar bun faoi láthair ag na hAlbanaigh an nasc leis an mBreatain a bhriseadh.

Ach cén maitheas atá sa dearcadh frithnáisiúnach seo, anois go bhfuil an Cómhargadh – nó Aontas na hEorpa– ar tí titim as a chéile agus rogha dháiríre le déanamh idir an Bhruiséil agus an Bhreatain?

Níl a fhios ag an stát céard is cóir a dhéanamh. Cinnte, níl siad ag iarraidh dul siar ar bhóthar 1916. Dar leo go bhfuil srian curtha acu le dul chun cinn Shinn Féin, go háirithe agus an páirtí sin anois ar son na hEorpa, más ar éigean é.

Tá súil ag an mbunaíocht, áfach, go mbeidh siad in ann an dá thrá a fhreastal i gcónaí – an Eoraip agus an Bhreatain – ach níl aon chomhartha ann go dtacaíonn aon bhallstát eile san Aontas leis an gcur chuige sin.

Agus má bhí an ceart ag Whitaker sna caogaidí go raibh an roth casta, tá gach dealramh air anois go bhfuil roth Whitaker féin ar tí casadh freisin.

Ar ndóigh, thuig Séamus Ó Conghaile nach bhféadfaí brath ar aicmí na maoine sa bhfadtéarma chun an troid ar son na saoirse a thabhairt chun críche. Is í an cheist ná, an féidir leis an aicme oibre deireadh a chur le forlámhas na n-aicmí eile agus aisling dá gcuid féin a a chur i gcrích don tír seo – agus, sea, don náisiún seo!

 

Fág freagra ar 'Cén fáth go bhfuil eagla i gcónaí orthu roimh 1916?'

  • JEOL

    ‘D’áitigh Whitaker ar na polaiteoirí sa dá mhórpháirtí stop a chur leis an iarracht saol rachmasach dár gcuid féin a chruthú. Mhol sé glacadh leis gur fearr ról mar íochtaráin a bheith againn agus a bheith ag brath ar thíortha iasachta don rachmas’

    Léamh an-aisteach ar an scéal. Mhol Whitaker go mba chóir go mbeadh Éire in ann gnólachtaí ó thíortha eile a mhealladh, rud a tharla agus a chuir(eann) go mór le geilleagar na tíre. Níor mhol sé gur ‘fearr ról mar íochtaráin’ ach ní chuireann bréag mar sin iontas orm i gcómhthéacs ailt atá frith-idirnáisiúnú.

  • Jack Delaney

    Aer úr liom is ea an t-alt seo. An alt is fearr agus is saoire a léigh mé an bhliain seo.