Cén fáth go bhfuil an oiread sin spéise ag an Aontas Eorpach i gceist na dtáillí uisce?

Cén fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach do Choimisiún na hEorpa go ngéillfeadh muid dá ndearcadh faoi tháillí uisce, agus cén fáth go raibh an oiread sin drogaill ar Fhine Gael géilleadh don bhrú polaitiúil faoin gceist?

Cén fáth go bhfuil an oiread sin spéise ag an Aontas Eorpach i gceist na dtáillí uisce?

Tá a fhios ag cách go bhfuil córas uisce na tíre seo ina phraiseach. Tá na seanphíopaí i ndrochchaoi cheart is tá sé den riachtanas agus den phráinn go ndéanfaí riachtanach 6,300 ciliméadar díobh a dheisiú. Teastaíonn infheistíocht mhór, €13.5 billiún, le rudaí a chur ina gceart.

Ach cén chaoi a n-íocfar as? Agus cén ról atá ag rialacha fioscacha de chuid an Aontais Eorpaigh san aighneas faoi aimhréidh an chórais uisce agus faoi pholasaí an rialtais maidir le riaradh na seirbhíse?

Agus iad faoi bhrú ó Choimisiún na hEorpa, chinn Fianna Fáil go ngearrfaí táillí uisce ar gach áit chónaithe, polasaí a dhein an comhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre iarracht a chur i bhfeidhm.

Ach bhí an pobal bréan den déine agus ba iad na táillí uisce buille maraithe na muice. Dhiúltaigh na mílte na táillí a íoc, bhí agóidí ar fud na tíre agus sa deireadh ghéill an rialtas – ar éigean – don bhrú.

Ach mar a léiríonn na fadhbanna is deireanaí i nDroichead Átha, san Uaimh agus i gCill Chaoi, níl aon réiteach go fóill ar an bhfadhb.

Cinnte, tá lucht molta na dtáillí ag baint leas as scéal na bhfadhbanna nDroichead Átha agus san Uaimh le hargóint a dhéanamh in athuair ar son na dtáillí. Tá lucht na dtáillí á gcáineadh ag leithéidí Paul Murphy, a bhí chun tosaigh sa bhfeachtas ina n-aghaidh.

Ach, in ainneoin na bolscaireachta ar fad, níl éinne ag rá gur féidir uisce a chur ar fáil gan costas ar bith. Is í an cheist atá ann ná an cóir leanacht ag íoc as ón gciste lárnach, tríd an gcóras ginearálta cánach, nó an cóir íoc as le cáin faoi leith a dtugtar táille uirthi.

Baineann an cheist sin leis an gcaimiléireacht a bhaineann le rialacha fioscacha an Aontais Eorpaigh – agus ní dóigh liom go bhfuil an focal ‘caimiléireacht’ róláidir.

Mar tá dhá chineál iasachtaí le déanamh faoi na rialacha seo.  Iasachtaí a chuirtear san áireamh mar chuid den Chomhaontú Fioscach a chuireann iachall orainn easnamh an Bhuiséid a choinneáil faoi bhun trí faoin gcéad den olltáirgeacht intíre (GDP) agus iasachtaí nach bhfuil ar an gclár comhardaithe is nach gcuirtear san áireamh ó thaobh an chomhaontaithe fhioscaigh de.

Imeartas focal atá ann ar ndóigh, mar iasacht is ea iasacht, bíodh sé ar an gclár comhardaithe nó ná bíodh.

Rialaíonn an Coimisiún ámh go gcuirtear iasacht ar an gclár comhardaithe má bhaineann sé le caiteachas stáit is má bhíonn sé le haisíoc ón gciste lárnach.

Sin é an fáth gur bunaíodh Uisce Éireann mar chomhlacht ‘neamhspleách’. Bheadh ar an gcomhlacht seo iasachtaí a aisíoc as teacht isteach an chomhlachta – is é sin na táillí a bhí le gearradh ar dhaoine.

Ach ag cloí le dearcadh an Choimisiúin ar son an mhargaidh, tá comhlachtaí den chineál oiriúnach le príobháidiú.

Is cosúil gur chéim rómhór a leithéid do mhuintir na hÉireann agus bhí go leor leor ag éileamh nach gceadófaí ar comhlacht a phríobháidiú, fiú daoine a d’íoc na táillí.

Ach féach nach bhfuil aon dlí i gcoinne phríobháidiú Uisce Éireann tugtha isteach ag an rialtas go fóill.

Ar ndóigh, tá iarracht ar siúl ag an gCoimisiún riail dhaingean a chur i bhfeidhm orainn a d’fhágfadh go gcaithfí táille speisialta a ghearradh le haghaidh seirbhísí uisce ionas nach mbeadh cead againn íoc astu as an gciste cánach. Fógraíonn siad mar phrionsabal é go gcaithfidh an truaillitheoir íoc as.

Ní bhaineann an iarracht seo le cothromas iomaíochta a chinntiú i gcúrsaí gnó idir tíortha an Aontais, mar ní dhéanann sé difear dá laghad d’aon tír eile cén chaoi a n-íocfaidh muid as uisce.

Ach baineann sé le cleachtas stáit a bheith ann a oireann don iarracht le hollstát nua a chruthú san Eoraip.

Sin é an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach don Choimisiún go ngéillfeadh muid dá ndearcadh.

Agus sin é an fáth go raibh an oiread sin drogaill ar Fhine Gael géilleadh don bhrú polaitiúil in Éirinn féin.

Mar sin, táthar ag leanacht leis an díospóireacht in ainneoin go bhfuil deireadh – mar dhea – curtha leis na táillí uisce.

Don aicme oibre níl sna táillí ach cleas le tuilleadh cánach a ghearradh ar dhaoine nach bhfuil in ann íoc as na cánacha eile atá á ngearradh orthu cheana.

Ach don aicme rialaithe is cuid de chlár oibre an Aontais Eorpaigh í ceist na dtáillí.

Is cosúil go bhfuil tuilleadh achrainn agus tuilleadh coimhlinte i ndán dúinn.