Cén fáth ar éirigh le páirtí ciníoch i dtoghchán na Gearmáine?

Ní leor míniú na dtráchtairí liobrálacha ar scéal thoghchán na Gearmáine

Cén fáth ar éirigh le páirtí ciníoch i dtoghchán na Gearmáine?

Bhí mé ag caint tráth le seanleaid as oirthear Londan, fear a throid in aghaidh Oswald Mosley i Sráid Cable sna tríochaidí nuair a dhein na faisistigh iarracht máirseáil a bhrú – le cúnamh na bpóilíní – trí cheantar lucht oibre agus ceantar ina raibh an-chuid Giúdach ina gcónaí ann.

Mhínigh sé dom gur cainteoir den scoth a bhí i Mosley, agus go raibh sé mealltach mar chainteoir toisc gur dhírigh sé aird ar rudaí a chuir as do ghnáthdhaoine i Sasana agus sna ceantair ba bhoichte i Londain go háirithe.

Bhíodh Mosley ag trácht ar an drochbhail a bhí ar chúrsaí tithíochta, ar an mbochtanas, ar an easpa dóchais agus ar gach rud eile a bhíodh ag dó na geirbe ag daoine.

Ach, níor chuir sé an milleán ar lucht an rachmais, ach ar na Giúdaigh. (Dála an scéil d’fhulaing na Giúdaigh a bhain leis an lucht oibre na droch-choinníollacha céanna is a d’fhulaing an chuid eile den aicme chéanna).

Ba é a rinne Mosley ná fearg na ndaoine a díriú ar phobail mhionlaigh seachas ar lucht an rachmais.

Chuimhnigh mé ar an gcomhrá sin nuair a fógraíodh toradh an toghcháin sa nGearmáin, a fhágann go bhfuil páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis, an AfD, sa bparlaimint den chéad uair ó aimsir na Naitsithe.

Ábhar buartha atá sa scéal sin gan dabht, ach an leor mar fhreagra air an cineál tráchtaireachta ag liobrálaigh a bhíonn ag caitheamh anuas ar chiníochas na vótóirí? B’fhéidir gurbh fhiú aird a dhíriú ar cén fáth go bhfuil an oiread sin daoine míshásta leis an bpolaitíocht mar atá tráth nach bhfuil ar bun ag an bpáirtí a bhaineann leis an daonlathas sóisialach, an SPD, ach aithris ar pháirtí mór an rachmais, an CDU.

Ní hiad na hinimircigh nó na Moslamaigh is cúis le laghdú ar thuarastail, leis na deacrachtaí i gcúrsaí tithíochta a bheith ag dul in olcas, nó leis an easpa dóchais i measc an aosa óig sna ceantair is dearóile sa tír, ach creideann na Liobrálaigh gur chóir do dhaoine fanacht ina dtost agus glacadh leis na fadhbanna seo amhail is gurb é a bhí sa chinniúint dóibh.

Agus is fíor nach bhfuil lucht na seanpholaitíochta ag éisteacht leo siúd atá thíos leis an domhandú eacnamaíochta.

Tá fíorfhaisistigh ann – Bjorn Hocke, mar shampla, a deir nár chóir náire a bheith ar dhaoine a thuilleadh faoi na Naitsithe, ach tá a leithéid siúd ag tapú na deise ann de dheasca theip an chórais mar atá.

Tógaimis scéal na Gearmáine.  Le blianta fada bhí ráta ard inimirce ann ag  oibrithe as an Tuirc (gaestarbeiter, aoi-oibrithe, a thugtaí orthu).  Ní raibh aon tionchar ar fiú trácht air ag an inimirce seo ar pholaitíocht na tíre.

Ach tá tionchar ar an bpolaitíocht ag na milliúin teifeach atá ag teacht isteach de bharr na gcogaí a bhrúigh an tIarthar ar an Meánoirthear, agus tá daoine ag éirí míshuaimhneach faoina dtodhchaí.

Stáit an Iarthair a scrios An Libia, mar shampla, tír atá anois ag seoladh na milliún go dtí an Eoraip. Sea, ní ar na teifigh atá an locht mar gheall air seo, ach ar chuala tú riamh Angela Merkel nó duine ar bith mór le rá i saol pholaitíocht na hEorpa ag tagairt dó seo?

Sampla eile, b’fhéidir, as Londain.  Roinnt blianta ó shin bhí ionadh ar dhaoine nuair a thogh muintir an Isle of Dogs in oirthear Londan comhairleoir faisisteach. Bhí muintir an cheantair seo i measc na ndaoine a throid go láidir in aghaidh Mosley, ach b’eo anois iad ag vótáil ar son faisistigh. Cén fáth?

Freagra simplí ná gur thug na rialacha a bhain le háit cónaithe a fháil tús áite i gcónaí d’eachtrannaigh. Ní raibh daoine a mhair sa gceantar leis na glúnta in ann árasán a fháil toisc go raibh teaghlaigh na inimirceach níos boichte fós agus iad rompu sa scuaine.

Níor bhreathnaigh na húdaráis ar mhuintir na háite mar phobal, ach mar dhaoine aonair nach raibh ceangal teaghlaigh nó pobail acu leis an áit. D’fhéadfaidís cur fúthu in áit ar bith.

Ach ní mar sin a bhíonn daoine, go háirithe an aicme oibre. Tá ceangal an teaghlaigh agus an phobail an-tábhachtach dóibh, agus ní bhíonn daoine ó thuaisceart Shasana, mar shampla, ag iarraidh bogadh ó dheas toisc go n-oireann a leithéid do riachtanais an Aontais Eorpaigh. Agus vótáil siad dá réir sa reifreann faoin mBreatimeacht.

Is é an ceacht a chaithfear a fhoghlaim ná seo: nuair a dhéanann na páirtithe oifigiúla neamhní de chás na ndaoine is dearóile, brúitear isteach i gcrúba lucht an chiníochais iad.

Níor leor é seo a cháineadh: caithfear freagra níos sásúla is níos ionraice a chur ar fáil chun dul i ngleic lena míshuaimhneas.

Fág freagra ar 'Cén fáth ar éirigh le páirtí ciníoch i dtoghchán na Gearmáine?'