‘Cén fáth a rachainn chuig áit nach bhfuil ann ach ól, foréigean agus galair ghnéas-tarchurtha?’

Creid é nó ná creid, ach ní maith le chuile Bhrasaíleach Carnabhal

38

Tá cáil na cóisire ar mhuintir na Brasaíle mar atá cáil na cainte ar mhuintir na hÉireann. Ach níl bua na cabaireachta ag chuile Éireannach agus ní maith le chuile Bhrasaíleach Carnabhal.

Go deimhin, tá an ghráin shíoraí ag go leor Brasaíleach ar an bhféile a mheallann na céadta míle cuairteoir chun na tíre gach bliain.

‘Tá fiche bliain ann ó chuaigh mé chuig paráid Charnabhail go deireanach,’ a deir Fábio Filgueiras (52), úinéir ionad aclaíochta as an gcathair Salvador. ‘Cén fáth a rachainn chuig áit nach bhfuil le fáil ann ach ól, foréigean agus galair ghnéas-tarchurtha?’

Dúnann Filgueiras a ionad aclaíochta ar feadh seachtaine agus fanann sé sa bhaile, i bhfad ón rí-rá.

Fanfaidh Inaldi Souza (78), bean tí as Salvador, sa bhaile freisin. ‘Níor thaitin an Carnabhal liom nuair a bhí mé i mo ghearrchaile agus cinnte dearfa ní thaitníonn sé liom anois,’ a deir sí, ag gáire.

Ní seanaois ach droch-chuimhní an chúis nach mbeidh Mário Barbeiro (43), gruaigeadóir as Salvador, ag pocléim i ndiaidh na mbannaí ceoil as seo go Céadaoin an Luaithrigh. ‘Chuaigh mé chuig an gCarnabhal dhá uair i mo shaol. An chéad uair, chaill mé mo chailín: d’imigh sí chun a múin a dhéanamh, mar dhea, agus d’imigh le fear eile. An bhliain eile, chaill mé mo sparán. Robáladh mé. Cárta aitheantais, ceadúnas tiomána, airgead: gach rud imithe. Riamh arís.’

Eagla roimh an bhforéigean an chúis nach mbeidh an gabhar á róstadh ag Tiago Reis (28), oibrí bialainne as Salvador. ‘Seachnaím an chuid sin den chathair mar a mbíonn an Carnabhal ar siúl ann ar feadh na seachtaine ar fad. Táthar ann a théann ann ar mhaithe le trioblóid a tharraingt amháin, agus éiríonn leo.’

Níl cathracha na Brasaíle a bhfuil cáil an Charnabhail orthu – Rio de Janeiro, Salvador agus Recife – éagosúil le cathair na Gaillimhe aimsir na Rásaí: teitheann cuid mhór de mhuintir na háite ó scléip na cathrach go suaimnheas na tuaithe, an deis sin acu toisc go mbíonn gnónna agus scoileanna dúnta. Cuairteoirí thar baile isteach a thógann a n-áit.

Ar ndóigh, ní chuile dhuine a theitheann ón ragairne. ‘Beidh sé ina oíche go maidin seacht n-oíche i ndiaidh a chéile,’ a deir Felipe da Silva (32), ceantálaí tí as Salvador, agus é ar a bhealach síos i dtreo na scléipe.

Fág freagra ar '‘Cén fáth a rachainn chuig áit nach bhfuil ann ach ól, foréigean agus galair ghnéas-tarchurtha?’'