Cén diabhal atá ort, a Thaoisigh?

CATHAL MAC COILLE: Ní bhainfidh an rialtas tairbhe ar bith as an gconspóid faoi easpa dídine a spreag an Taoiseach

Cén diabhal atá ort, a Thaoisigh?

Déanaimid go léir rudaí gan chiall uaireanta. Is é sin le rá, rudaí nach féidir linn fáth réasúnta a thabhairt lena rá nó lena ndéanamh.

Ara, cén diabhal atá ort?’ a dúradh go minic leis an scríbhneoir seo le linn laethanta saoire in Árainn fadó. Ní ceist ghéar a bhí ann, de ghnáth, ach breithiúnas a bhí bog agus soiléir in éineacht.

Thuig an páiste ón mórthír láithreach nárbh fhiú tabhairt faoi iarracht mhínithe. Bhí duine fásta tar éis a rá leis go raibh a ndearna nó a ndúirt sé gan chiall. Bhí moladh sothuigthe á thabhairt dó chomh maith gan a leithéid a dhéanamh nó a rá arís.

Is cosúil gur tháinig ‘diabhal’ éigin ar Leo Varadkar nuair a dúirt sé le linn chomhdháil Fhine Gael i gcontae an Chabháin nach raibh easpa dídine chomh dona in Éirinn agus atá sé i dtíortha eile. Ní raibh aon dul as ag an Aire Tithíochta Eoghan Murphy ach a ráiteas a chosaint tar éis d’eagrais éagsúla (Simon, Focus Point srl.) ráiteas an Taoisigh a shéanadh go láidir.

Bhí an tine a las an Taoiseach múchta, beagnach, nuair a shéid an t-Aire Stáit Damien English ar na haibhleoga sa Dáil Dé Máirt. D’admhaigh sé nár chóir go mbeadh 3,000 gasúr gan dídean (is é sin le rá, gan gnátháit chónaithe, seachas óstán). Mar seo a lean an t-aire stáit ar aghaidh:

However, neither is it acceptable to hear commentators talking down our country. Over the past two years we have seen this narrative reflected in the national media. It has been claimed that homelessness in Ireland is at its worst since the Famine and that we have a crisis that is the worst in Europe.”

Ní foláir a rá láithreach go dtéann go leor daoine thar fóir le linn gach conspóide. Sin ráite, ní raibh aon chiall pholaitiúil le ráiteas English. Is léir do gach duine sa tír go bhfuil líon na ndaoine gan dídean ag méadú, agus nach bhfuil tithe le ceannach ná árasáin ar cíos ar chostas réasúnta i mórán ceantar sa tír, agus i mBaile Átha Cliath go háirithe.

Má fhágtar an argóint faoi chomparáid idir tíortha éagsúla i leataobh, ní léir an tairbhe don rialtas sa díospóireacht a dhúisigh Leo Varadkar. Admhaítear ar chaon taobh go bhfuil géarchéim thithíochta sa tír agus nach réiteoidh polasaithe tithíochta an rialtais an ghéarchéim sar i bhfad.

Chuir an Teachta Dála de chuid na Dlúthpháirtíochta (Solidarity) Ruth Coppinger, a spreag cáineadh na dtráchtairí nuair a chuir sí ceist Dála ar Damien English, “séanadh na fírinne” i leith an rialtais. Ach ba ghéire a ndúirt daoine eile taobh amuigh de Theach Laighean.

Chuir an Bráthair Kevin Crowley, atá i gceannas ar ionad cabhrach na gCaipisíneach i mBaile Átha Cliath, easpa daonnachta i leith an Taoisigh i litir a foilsíodh san Irish Times.

Tá an t-ádh ar an rialtas gur inné a fógraíodh gur sa Fhrainc a reáchtálfaí an comórtas domhanda rugbaí in 2023. Dá mbeadh na céadta milliún á gcaitheamh ar an gcomórtas sin abhus agus cúrsaí tithíochta ag dul in olcas i gcónaí, bheadh náire ar an rialtas agus údar gearáin breise ag bagairt air idir an dá linn.

Teach folamh sa Pháirc

Níl ambasadóir chun na hÉireann ceaptha fós ag Donald Trump, deich mí tar éis dó tús a chur lena théarma sa Teach Bán.

D’éirigh Kevin O’Malley as a phost i mí Eanáir, mar a éiríonn gach ambasadóir Meiriceánach ar theacht in oifig d’uachtarán nua. Léiríonn an mhoill ó shin neamhshuim Washington i gcúrsaí na hÉireann.

Mar sin féin, ní féidir neamhshuim as an ngnáth a chur i leith Trump. Thóg sé bliain go leith ar an uachtarán Obama ambasadóir go hÉirinn a cheapadh tar éis don ambasadóir Dan Rooney éirí as a phost in 2012. Níor tháinig Kevin O’Malley i gcomharbacht ar Rooney go dtí Meitheamh 2014.

Ní chuireann moill eile ar cheapadh ambasadóra iontas ar mhórán abhus, ach fágann sé bearna thábhachtach sa chumarsáid idir an dá rialtas. Mar shampla, maidir le cibé athrú atá beartaithe ar chóras na cánach corparáidí sna Stáit Aontaithe agus a thionchar ar chomhlachtaí Meiriceánacha abhus.

Faraor, níl aon dul as ag an rialtas ach a bheith foighdeach. 

Fág freagra ar 'Cén diabhal atá ort, a Thaoisigh?'

  • Maitias

    Bhfuil tada le rá ag Uachtarán na tíre faoi cheist na tithíochta óna raingléis tí féin? Is geall le trumpa gan teanga é faoin scannal náireach náisiúnta seo ar leac a ‘thigín’ féin. Nó cén diabhal atá ag piocadh ar a theanga lúfar líofa? Labhair amach a Uachtaráin.