Cén cluiche atá ar bun ag Donald Trump dáiríre?

Tuigeann Donald Trump go mbeidh sé fíordheacair aige tabhairt faoin tSín má bhíonn air tabhairt faoin Rúis ag an am céanna

Cén cluiche atá ar bun ag Donald Trump dáiríre?

Tá os cionn trilliún dollar d’fhiacha le híoc ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an tSín, agus tá easnamh trádála thart ar thrian de thrilliún dollar ag Stáit Aontaithe Mheiriceá gach bliain chun leas na Síne.

Sin iad na figiúirí atá taobh thiar de pholasaí cosantaíoch an uachtaráin nua, Donald Trump. Agus mar chuid den pholasaí i leith na Síne, tá Trump ag iarraidh imeacht ón gcoimhlint thraidisiúnta leis an Rúis agus ón tsíorchogaíocht sa Mheánoirthear, athrú polasaí a chuireann seanbhunaíocht na Stát Aontaithe ar mire.

Mar chuid den fheachtas chun srian a chur le Trump, tá leas á bhaint ar ndóigh as a ghránna is atá Trump féin mar dhuine – a dhearcadh gránna i dtaobh na mban, i dtaobh mionlaigh i gcoitinne agus Moslamaigh go háirithe. Agus tá feachtas as an ngnáth ar bun ina choinne ón lá ar toghadh é go dtí lá a insealbhaithe.

Feicfimid an mbeidh Trump beart de réir a bhriathair a dhéanamh maidir le deireadh a chur leis an aighneas leis an Rúis, go háirithe i bhfianaise áitimh an CIA gur chuir an Rúis isteach ar thoghchán Mheiriceá (is gur toghadh Trump féin dá bharr).

Ní luaitear ar chor ar bith, ar ndóigh, go mbíonn na Stáit Aontaithe ag cur isteach ar thoghcháin i dtíortha eile go rialta, toghcháin sa Rúis ina measc.

Ach tuigeann Trump go mbeidh sé fíordheacair aige tabhairt faoin tSín má bhíonn air tabhairt faoin Rúis ag an am céanna.

Tá béim á leagan ag Trump ar réiteach a fháil ar fhadhbanna eacnamaíochta na Stát, ach neosfaidh an aimsir an mbeidh sé in ann iachall a chur ar chomhlachtaí Meiriceánacha a gcuid infheistíochta is a gcuid jabanna a aistriú abhaile.

Tá sé seo tábhachtach do Trump, óir fear gnó é a thuigeann go maith nach gcaitheann daoine airgead ar earraí, seirbhísí agus eile mura mbíonn airgead ina bpócaí acu.

Maidir leis an tSín, fad is a bhí polasaí leanúnach ag Meiriceá an dollar a choinneáil láidir bhí an tSín in ann leas a bhaint as chun a cuid airgeadra féin, an yuan, a choinneáil íseal. É sin agus na tuarastail ísle a bhí sa tSín a thug buntáiste iomaíochta di agus í i gcomórtas leis na Stáit Aontaithe.

Go bunúsach, tá earraí a dhéantar sa tSín, fiú earraí a dhéanann comhlachtaí Meiriceánacha ansin, níos saoire ná earraí a dhéantar i Meiriceá féin.

Ní bheidh sé éasca déileáil leis seo. Go deimhin tá daoine i Meiriceá ag gearán le blianta faoin yuan lag.

Agus cé go bhfuil nós ag Trump labhairt amach go láidir faoi na cúrsaí seo, tá sé deacair a thuiscint cén chaoi a bhfuil sé ar intinn aige tabhairt faoin bhfadhb.

Is cinnte nach leor cárta an tírghrá a imirt – ‘Meiriceá sa gcéad áit’, ‘ceannaigh earraí Meiriceánacha’ agus ‘fostaigh Meiriceánach’.

Ach is cosúil go mbeidh sé ag cur táillí arda ar earraí ón tSín. Beidh na hearraí sin, nó earraí Meiriceánacha ina n-ionad, níos daoire ar ndóigh, agus chuige sin, beidh sé riachtanach níos mó daoine a chur ag obair i Meiriceá.

Ach tá cárta láidir ag na Sínigh: má bhrúnn Trump cogadh trádála orthu d’fhéadfaidís iarraidh ar a gcuid féichiúnaithe na fiacha a ghlanadh! Scriosfadh a leithéid de bheart eacnamaíocht na Stát, cé go ndéanfadh sé dochar don tSín freisin.

Tá Trump ag iarraidh mar sin daoine a chur ag obair agus infreastruchtúir Mheiriceá a fheabhsú le go mbeidh neart ann agus é ag dul i ngleic leis na Sínigh. Ach conas a íocfar as an gcaiteachas seo? Trí ghearradh siar ar chaiteachas míleata i bhfianaise an dea-chaidrimh leis an Rúis? Chuirfeadh a leithéid an-olc ar dhreamanna atá láidir sa bPáirtí Poblachtach is a dhéanann airgead mór as airm a dhíol le rialtas Mheiriceá.

Tá fáilte curtha ag an Rúisigh, ar ndóigh, roimh uachtarán a chuirfidh deireadh, b’fhéidir, leis an seasamh naimhdeach ina gcoinne a bhí ag Obama.  Ach beidh na Rúisigh cúramach freisin, agus is ar éigean a dhéanfadh siad aon rud a chuirfeadh olc ar na Sínigh.

Go deimhin bíonn an Rúis i gcónaí i bhfabhar airgeadra domhanda a bheith ag na tíortha BRICS (an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas).

Tá Trump ag rá gurbh fhearr leis dollar lag a fheiceáil (rud a chabhródh le airgeadra BRICS), ach deir Steve Mnuchin, an fear a roghnaigh sé mar Rúnaí an Státchiste, go gcloífidh Meiriceá leis an dollar láidir.

Léiríonn an mhalairt tuairime seo cé chomh deacair is a bheidh sé polasaí a chur le chéile, mar toradh diúltach a bheadh i ndán d’aon céim ‘dhearfach’ a thabharfadh Trump.

Ní raibh aon chosúlacht ar a óráid insealbhaithe go raibh rún aige mórán a ghéilleadh d’aon duine, ach ní fios ar chor ar bith cé chomh dílis dó a bheas an Páirtí Poblachtach, ná cé chomh haontaithe is a bheidh an páirtí sin i dTeach na Comhdhála, sa Seanad agus sa Teach Bán.

Ach má aithníonn muid céard tá ar siúl i ndáiríre ag Trump, agus céard a chiallaíonn a bhua, b’fhéidir gurbh fhearr agus ab éifeachtaí a bheimis i mbun ár bpolasaithe féin a riaradh.

Fág freagra ar 'Cén cluiche atá ar bun ag Donald Trump dáiríre?'

  • Concubhar

    Is iad SAM atá I bhfiacha €3trn leis an tSín seachas a mhalairt mar a thugann Eoin le fios sa chéad abairt.

  • Concubhar

    Agus ceartú déanta, bheinn buíoch dá scriosfadh sibh an trácht thuas agus an cheann seo.