Cén bhaint atá idir Gleann Cholmcille agus An Rúis?

Is sa halla mór in Oideas Gael, Gleann Cholmcille, is túisce a chonaic ár gcolúnaí samplaí de shaothar péintéireachta Rockwell Kent, a bhfuil clár teilifíse nua á dhéanamh faoi

Cén bhaint atá idir Gleann Cholmcille agus An Rúis?

Cén bhaint atá idir Gleann Cholmcille agus An Rúis? I saol na healaíne atá freagra na ceiste. Agus sa mbliain 1926. Sin í an bhliain ar chaith an t-ealaíontóir ildánach Rockwell Kent ceithre mhí i ndeisceart Thír Chonaill. Le linn an ama sin, phéinteáil sé 36 pictiúr. Tá cuid de na pictiúir sin, An Irish Coast ina measc, sa Pushkin Museum of Fine Arts fós.

Is sa halla mór in Oideas Gael, Gleann Cholmcille, is túisce a chonaic mé féin samplaí de shaothar péintéireachta Rockwell Kent, ach níor thuig mé an scéal a bhaineann leo nó gur casadh dom foireann Mhacha Media ar an mbaile an tseachtain seo caite agus iad i mbun taighde faoin ábhar. Cé mar a tharla saothar le Meiriceánach cáiliúil a tháinig go hÉirinn i mbailiúchán ealaíne de chuid na Rúise? Céard a thug ar an bhfear céanna a bhealach a dhéanamh chomh fada leis an aill sceirdiúil os cionn na farraige móire i bhfad óna dhúchas féin? Sin cuid de na ceisteanna a bheas á bhfreagairt sa gclár teilifíse atá idir lámha ag Antain Ó Donghaile agus a chuid comhghleachaithe. 

Is é Caoimhín Mac Aodha a bheas ag cur an chláir i láthair. Is Feirsteach fuinniúil é Caoimhín, agus labhair sé go flúirseach faoin eolas atá sé a chur ar Rockwell Kent. Pictiúr de bhean agus í sínte ar bharr aille an chéad ábhar cainte a bhí againn. ‘Sin í Áine Nic Fhionghaile,’ ar sé. Síleann foireann Mhacha Media go raibh cogar seirce idir Áine agus an t-ealaíontóir. Ní raibh Kent i bhfad pósta ag an am le bean darbh ainm Francis Lee, ach chuaigh sise ar ais go Nua-Eabhrac le taispeántas a eagrú fad a bhí a fear céile ag cur leis an stór pictiúr.

Is díol spéise faoi phictiúr Áine Ní Fhionghaile nach bhfuil a haghaidh ná a héadan le feiceáil ann ach cúl a cinn agus as sin síos. Is amhlaidh i bpictiúir go leor eile de chuid Rockwell Kent. Maidir leis na fir agus na mná araon, is minic gan iontu ach mionrud sa bpictiúr, poinc agus línte faoi spéir ollmhóir nó faoi shliabh scáfar. Tugadh taitneamh in Aontas na Sóivéidí don stíl seo agus don dearcadh ar an duine a léirítear iontu. Seachas tréithe na hindibhide, is iad tréithe an tslua a bhíonn i gceist. An mheitheal seachas an duine aonair. Agus an pobal seachas an deoraí.

Ar cheann de na pictiúir eile a rinne Rockwell Kent i nGleann Cholmcille tá ‘DanWard’s Haystack’.

Is cruach mhór féir atá le feiceáil sa bpictiúr agus í deich dtroithe ar airde. Meitheal fear ag cur bailchríoch uirthi. Iad ar aon déanamh agus ar aon dealramh lena chéile, agus ar aon sainchineál faoi leith.  An ghrian ag dul i bhfarraige agus an spéir ina caor dhearg. Dath fuinniúil glas ar an móinéar. Saol torthúil faoi riar agus faoi ráchairt. 

Is fíor a rá faoi na pictiúir a rinne Rockwell Kent i nGleann Cholmcille nach bhfuil rian den diagacht ná den spioradáltacht orthu. Is laochra ciúine gan ainm iad a chuid pearsan agus iad ag ceansú na ndúl. Is minic a sheas Rockwell Kent leis na laochra ciúine céanna, leis an lucht oibre – agus lucht stailce – i lár na haoise seo caite i Meiriceá. Bhí lorg an chumannachais ar a chuid smaointeoireachta, agus baineadh a phas de dá bharr sin nuair a bhí géarleanúint ar na cumannaigh i Meiriceá. Shéan sé seacht n-uaire áfach gur bhall den Pháirtí Cumannach é.

Beidh muintir Ghleann Cholmcille ag súil agus ag tnúth le clár Mhacha Media faoi Rockwell Kent, Meiriceánach, ealaíontóir, agus cumannach, nuair a chraolfar é an bhliain seo chugainn. Go deimhin, beidh súil leis an gclár ar an dúchas agus ar an iasacht araon. Cá bhfios nach gcuirfear fotheidil Rúisise air!

Fág freagra ar 'Cén bhaint atá idir Gleann Cholmcille agus An Rúis?'